firstLine"; ?>

1915. Tugas gradh don fhuath $
Length: short 6qq
Certainty: 0
Classes:
  1. love poetry
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631 (index)
  2. BL Egerton 127 Muiris O Gormain 1775
  3. BL Egerton178 S MacOireachtaigh 1782
Prints:
  1. text DG no. 90
Motifs:
  1. love ridiculed, rejected
Meter Vars:
  1. leathrannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Tugas grádh don fhuath


[Tomás Ó Rathile: Dánta Grádha, no. 90]


1 Thugas grádh don fhuath,

cuirim suas don ghrádh;

ní fiú é bheith ris,

do bhris sé ar a lán.


2 Córaide fuath dhó

brón ’na dhiaidh do ghnáth;

do-ní fós, dar linn,

tinn an duine slán.


3 An fuath cé gur mór,

a chlódh ní badh cás;

féadfar sgaradh ris, -

ní mar sin don ghrádh.


4 Rochóir grádh don fhuath,

buan duine ’na dhiaidh;

dá raibh grádh dod ghuin,

ní fhóir luibh ná liaigh.


5 Do chonnarc-sa bean

is fear uirthi i ngioll;

nó go bhfuair sé bás,

ní bhfuair grádh dá chionn.


6 Mise gibé mé

béaraidh mé go buan;

gidh annamh a rádh,

thugas grádh don fhuath!