Poem in printable PDF format
Tuile ar
dtrághadh tréan Gaoidheal
[Lambert
MacKenna, ‘Some Irish Bardic poems’, Studies 39 (1950),
437-44]
On death of
Éigneachán (son of Neachtan) Ó Domhnaill †1497
1 Tuile ar
ttrághadh trén Gaoidheal,
trághadh dar sén
níor saoileadh;
téid fúinn ’s ní
fóinn am énar
súil ler féghadh
glóir Ghaoidheal.
2 Tárraidh rath
’na rath tadhuill,
mur do chaith
gach rath romhuinn;
ní hé a-mháin
trén do thoirinn;
fégh ar fhoirinn
Chláir Chonuill.
3 Oighidh nach an
a díoghiul
ar magh n-Oiligh
níorbh iarraidh;
táinig soin re
síol nDálaigh
gur sháruigh goin
ríogh riaghuil.
4 Béim súl oruinn
do imdhigh,
ar chrú cConuill
do chumhngaigh;
tuile agas trén
’na leanmhuin,
sén teaghlaigh
Mhuighe Murbhaigh.
5 Oighreacht nach
iarr a cána,
ar soinne cia
nach cuala?
mairg far bhuail
an tonn tnúdha,
fonn Úna a n-uair
a uama.
6 Iongnadh
d’fháth é dá oighidh
gurbh é do chách
budh cobhair;
níor chás giall
acht ’na gheimhil,
beiridh an bás
riamh roghuin.
7 Níor fhoghluim
cách ’na ccumhaidh
bás Í Dhomhnaill
gur dhuiligh;
fuil ríogh ní
riar ’na ghonaibh,
díol nach cobhair
d’Fhiadh Fhuinidh.
8 Díoghuil ’na
bhás do-bearar
ar ríoghuibh gur
fhás omhan;
díol iona ghuin
má ghabhar
gabhadh an fhuil
ríogh robhadh.
9 Congnamh
tuirrsi d’fhóir Oiligh
a chuimhne dhóibh
’na dheaghaidh;
ní liom
do-chuaidh ón chumhuidh,
cumhuin liom
a-dtuaidh Teamhair.
10 Iomdha gné
ghubha ar mbróinne;
fa ghul mása mé
mhúine
ná bí dom chosg
ag caoine;
ní saoire a ttosd
dí dhúinne.
11 Cobhair bhróin
dí ’na dhiomdha,
fan rígh budh
cóir dá comhdha;
beag nach báidh
re teagh tTeamhra
bearna Fháil na
bhfear bhfoghla.
12 Ar feart
Éigneacháin anuim,
beart ’na
héigeanchás oruinn;
re ceilt ndér ann
ní fhuilim,
do-chluinim lén
chlann cConuill.
13 Biaidh sein
oirne ’na fholtuibh
teisd mo thoirrsi
dá ttugthair,
mar tá mé tre
mhac Neachtain
ná reacthair lat
é a nUltaibh.
14 Mo ghul ag dul
a ndéine,
cumha na mban
nach buaine;
ní lá do chleith
mo chaoine
aoidhe mná ag
breith mo bhuaidhe.
15 Ní beart
cheilte mo chumhadh,
an dearc reimpe
’na robhadh;
grádh acht gidh
bé do-bhearadh
treabhadh é is
crádh ’na chomhar.
16 Ní seal do
chleacht a chaoineadh
bean ar a fheart
’na héanar;
léig don mhnaoi
do-ní nuaghul
más fuaradh caoi
dhí a dhéanamh.
17 Ar sén fa lár
do leigeadh,
ní gnáth trén ris
nach teagar;
fada an fhleadh
bhróin dá bagar,
abar an teagh óil
d’eagar.
18 Mac Neachtuin
cia nach caoineann,
- mar bheantair
giall a géibheann,
iongnadh an lén
fhuair aoineang -
sgél le
sgaoileann uaim Éireann.
19 Ráth Bhreagh -
as céim dhá cumhaidh -
ar fhear dot éis
ní fhuirigh;
má fhuair riamh
as í t’oighidh
ní as dhoiligh le
Fiadh bhFuinidh.
20 Nach lamhuid
teacht tar tóruinn,
ceart ’na
n-aghaidh fa Éirinn,
rug do ghuin
chreich nach caoinim,
bheith ar
aoineing d’fhuil Fhéilim.
21 Narbh áil
céile dod chumhaidh
Éire dod ghrádh a
ngeimhil;
bean Bhriain mar
do bhaoi ad dheaghaidh
dleaghair do
mhnaoi a ndiaigh dheighfhir.
22 Má tá díol
t’álaidh d’fhiachuibh
ag síol Dálaigh
dá ndúthaigh
tiocfa fós re
fréimh tTuathuil,
do-chós uathuibh
féin fúthuibh.
23 Tug anmhuin ar
Áth Seanuigh
an damhruidh ó
Áth Oiligh
Ráth Dá Thí uann
’na aghaidh;
raghaidh luagh
nach í at oighidh.
24 Líon mar sein
fad lia luighe
nachar lia fa
fhleidh oile;
an fhleadh bhróin
biaidh ar ibhe
fóir Line um
dhiaigh go Doire.
25 Fleadh orchra
d’ól níorbh fhuráil
do shlóghuibh
comtha comhóil;
níor dhóigh le
fear gá fagháil
banfháidh bhróin
gurbh eadh honóir.
26 Ní fhuil an
uairsi acht éinfhear
ar huaighsi -
soin an saoghal!
gidh bé fa uain
do héradh
féghadh mhé ar
huaigh um aonar.
27 Leigthear
huaigh dhamh fa dheireadh,
mo ghal
do-chuaidh ó chomhar;
d’éis a deargtha
d’fhóir Uladh
ceardcha chumhadh
fóinn folamh.
28 Síol cConuill
ar hfeart uile
ar seal oruinn dá
fhaire;
ar huaigh
do-chóidh ó chridhe
file uainn róinn
nach raibhe.
29 Lé téid ar
ttuirsi a ttruime
do mhuirnsi níor
léig linne,
beag nach biadh
as úir uirre,
tnúidh fat uille
riamh rinne.
30 Do chuirsi ót
fheart a aire,
fan tuirsi ní
tearc slighe,
má do fhégh ar
uaigh oile
dér ó chroidhe
fuair file.
31 Do chleacht
omhan ret armuibh,
t’fheart ar
th’fhoghuibh nar imdhigh;
gráin ret uaigh
do bhí ar bhiodhbhaibh
gérbh iomdhaidh
shuain í d’inghin.
32 Láimh ris an
bhfeart fa bhfuile
mo dhearc ag dáil
a fleidhe;
do chuir fúinn
dul go Doire
croidhe ar ccur a
rúin reimhe.
33 Mac Neachtuin
ar uaigh d’iomdhaidh
fuair Teamhair
mar gach turbhaidh;
fiu a ghuin dá
ttí re Teamhraigh,
rí an teaghlaigh
ó Mhuigh Mhurbhaigh.
34 Riar cumhadh
fa chrú nDálaigh,
tús ní tugtha dá
ndéruibh,
leasg a dhul a
cceann caoinidh,
fearr d’aoidhidh
sgur dá sgélaibh.
35 Do dhíoth
céile do charthuin
an síoth ó chéile
cuirfidh;
ráth Bhreagh ní
bhí fa dheibhthir,
feithmhigh sí an
fear nach fuighthir.
36 Sén na tuirrsi
gá toradh;
sgél an fhuinnsi
i ngach ionadh;
go dol dí tar
fhonn Uladh
tonn chumhadh is
sí ar siobhal.
37 Díoth
Éigneacháin go n-airigh
críoch Éireamhóin
níor fhalaigh;
a ttug lé tar
fonn bhFeimhin
beiridh tonn é
’nar n-aghaidh.
38 Do-ní an úir a
cuid chaoinidh,
do thuig gach
dúil gá dénuimh;
dá ndeach sé
dhínn gan díoghuil
do dhíoghuil síon
é ar fhéghuin.
39 Seal caoi
oruinn narbh aithnidh
gach laoi um ó
cConuill cuirthir;
dob fháth tar
cheol do charthuin
marthuin deor do
chách cuirfidh.
40 Ní thairg
neach cló mo chumhadh
breath ar mo
bhrón ó bhearar;
má tá re caoi
ionar ccomhar
omhan do mhnaoi
an lá leabhar.