Poem in printable PDF format
Tuile gan tráigh
maith Mhuire
[McKenna, L.:
Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem
15]
Don Mhaighdin
Mhuire
1 Tuile gan
tráigh maith Mhuire
maith mhairfeas i
gcomhnuighe
maith fhoirbhthe
dí ní deireadh
’s í choidhche
nach caithfeidhear.
2 Ar grásaibh
máthar mhic Dé
a-tá an
Ádhamh-fhuil d’fhínné
nar thráigh a
tuile mholta
gur bháidh uile
ar n-an-fholta.
3 Ní maith mar
aon-mhaith oile
maith máthar na
trócuire
ní aghthair í
acht na tuile
marfaidh sí go
síorruidhe.
4 Maith gan
tráigh choidhche na ceann
aoibhneas í ar
nach fuil foircheann
maith bheas is tá
na tuile
nach feas cá lá
as líonmhuire.
5 Uachtarán
naomh-ógh nimhe
thug dóibh an
óigh n-ainglidhe
gá cara don uile
as fhearr
tuile tala nach
tráigheann.
6 Ní tualaing
fáidh ná fisidh
a teisd uile
d’innisin
maith Mhuire dí
ní deireadh
’s í [nach] tuile
tráighfeidhear.
7 Tuile ghrás
cabhartha cáigh
na hard-thuile
gan éadráigh
ag mnaoi mar
Mhuire mhaireas
tuile gach laoi
leathnaigheas.
8 Ní tuile ar tí
tráighthe tá
maith Mhuire ’s
maith gach éan-lá
ní maith nach
marthannach sin
maith
charthannach nach ceiltir.
9 Maith a-tá do
bhí agus bheas
a-tá ag an óigh
gan fhoilcheas
maith as
labhartha gá lán
maith chabhartha
gan chlaochládh.
10 Sul táinig Rí
an chruinne i gclí
a mhaith is mór
a-deirthí
maith Mhuire na
ceann chuireas
gá tuile as
fhéarr arduigheas.
11 Dá mhéid teisd
a-tá uirthe
is mó a cabhair
comhnuighthe
ní [mar soin]
gach sáil aile
muir gan tráigh a
trócaire.
12 Níor fhás a
hithghin eile
Muire ógh is
áiridhe
ar mhéad gnaoi na
cuing chuimse
do mhnaoi ar
druim [an] domain-se.
13 Bain-ríoghan
naomh-chláir nimhe
máthair mhic na
maighdine
ní fhuil moladh
as mhó dí
ní foghar a cló
coimse.
14 D’oighre Dé ní
céile chuil
bíodh gurbh í
Muire a mháthair
ní fhuair col dí
ar a daigh-mhéin
do thogh í ar an
Ádhaimh-fhréimh.
15 Gabhaidh an
fhiór-ógh fhiortach
suirghe naomhtha
neimh-chiontach
ón uile fhear dá
bhfaghthair
bean as ghloine
ar ghníomharthaibh.
16 A bhfuair
d’aird-chéimibh eile
mó as mhaith don
óigh aingleidhe
[Rí an] chruinne
mar do chongaibh
na bruinne [’s na
bacallain].
17 I gcomaoin
molta Mhuire
do ghéabh uaithe
ar n-ionghuire
ar phudhair na
dtrí dtairnge
ní cubhaidh dí ar
ndiúltaidh-ne.
18 [A-tá] an
déidhneach ag druid rom
dall mé gan
amharc agam
go dtí im choinne
a-nall do neimh
ar mo dhoille is
am [d’fhéachain].
19 Ard-thuile
mór-ghras Mhuire
re haghaidh gach
éan-duine
ní lá a-mháin
téid i dtreise
níor léig tráigh
sa tuilei-se. TUILE