Poem in printable PDF format
Tuirseach meise
d’éis Fhiacha
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 37]
Raghnall Mhac
Eochaidh .cc.
1 Tuirsioch misi
d’éis Fhiacha
ar mbreith iúil
gach éiniatha;
ní fhuil acht
taom uabhair ann,
cá taobh nár
fhuaraigh umam?
2 Gan amharc
Fiacha is sé sin,
gan cheól gan
aoibhnios d’fhaigsin;
rug mo sheól ar
seachrán sinn,
acht ceól
cleathrámh ní chluinim.
3 Treas nach
aithghearr ré hól fleadh
san teaghlach as
ard áireamh,
is treas
d’ealadhain gach fhir
nách feas
geamhadhaigh geimhridh.
4 Críoch
Raghnaill, róimh an oinigh,
tír as fhearr lé
a hionnsoighidh,
tír ’nar
chomhnuidhtheach cliar bhinn,
tír
ghormfhuithneach fhial fhairsing.
5 Ní chleachtann
Róis coigill cruidh,
a fhir an eóluis
d’iarruidh;
go baincheann
bhan an tighe
gabh aithghearr
ar m’impidhe.
6 Dom brégnughadh
dá mbeith neach,
triall go Róis
san ród díreach,
dóigh oinigh as
fhearr ní fhuil,
’na ceann ní
doiligh déanuimh.
7 Bantrocht Baile
na Corra,
gearr lá is
oidhche eatorra;
san fhionnbhrugh
fhial nach coimseach,
cliar dob
iongnadh atuirseach.