firstLine"; ?>

1928. Tuirseach sin a mhacaoimh mna $
Length: short 11qq
Certainty: 4
Period:
  1. 17th early
  2. 17th mid
Areas:
  1. Ulster ?
Classes:
  1. love poetry
Manuscripts:
  1. TCD 1399 (H.5.28) 1679
  2. Mayn. B 8 Heinri O Carraic 1701-8
  3. Mayn.M85Donnch.R. MacConmara1758
  4. TCD1351 (H.4.10) M. O Gormain c.1770
  5. RIA 30 (23/B/38) Seam. O Murch. 1778-
Prints:
  1. text DG no. 11
Motifs:
  1. Pains of love
Poet Christian Names:
  1. Laoiseach (TCD 1399)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Tuirseach sin, a mhacaoimh mná!


[Tomás Ó Rathile: Dánta Grádha, no. 11]


Laoiseach Mac an Bhaird


1 Tuirseach sin, a mhacaoimh mná!

do bheith dubhach níor ghnáth leat;

a los h’innmhe i measg do ghaoil,

’s iongnadh liom do mhaoith, a bhean.


2 Gibé heile is damhna dhuit,

ní mheasaim go bhfuil ar h’óidh

éinneach romhad dá bhfuair bás;

nocha dtuigim fáth do bhróin.


3 H’osna luath, do labhairt mhall, -

is cosmhail ribhse, a bharr síodh,

gur imthigh ní éigin ort -

ag sin do chruth ar ndol díot.


4 Do-chím gur chlaochló a niamh, -

an ghruaidh thibhreach, an chiabh thiogh,

an troigh réidh, an bhrágha bhán;

cosmhail go dtugais grádh d’fhior.


5 Fear ar talmhain dár char tú

ná ceil orm, a chúl na sreabh;

ná fulaing níos foide i bpéin,

dá madh mise féin an fear.


6 Cead suirghe do-gheabhthá uam,

a bhéal tana ar snuadh na subh;

do thuigfinn do bheith i bpéin, -

do bhí mise féin id chruth.


7 An grádh baoth-sin tugais damh

dá bhfeasainn ort, a bhas shlim,

san mbruid sin ní léigfinn tú;

truagh nár léigis is do rún rinn.


8 Má tá go dtugais grádh dhamh,

fá a chur chugam ná gabh sgáth;

beag dhligheas an náire dhíot;

aithne dhamh mar bhíos an grádh.


9 Caith oram, a urla fiar,

badh leat gach ní i mbia do chuid;

mo bhréagadh red bhruinne bhán

ca fios nách bhfuil i ndán duit?


10 Tar ghuidhe mná is docair dul;

bí dom aslach, a chruth fial,

gan fios nách dtiucfadh an uair

ina bhfuightheá uaim do mhian.


11 Ní beag dhuit ar léigis thort,

tréig h’aithmhéala, nocht do rún,

druid anall, ná bí mar soin,

féach an cruth-soin i bhfoil tú!