firstLine"; ?>

1929. Turnamh dochais dioth muirne $
Length: long 35qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. RIA625(3/C/12) O’Curry trscr. of BOCD
  2. Bruss.Bib.roy.6131-33 Bk O’Donn.dau.
  3. Book of O’Conor Don c. 1631
Prints:
  1. text DiD no. 121;
  2. transl. Ir. Monthly 51, 586
Motifs:
  1. education of poets
  2. Material rewards for poetry
  3. poet-patron relationship
  4. poet banished
  5. citation of historical precedents
  6. text named: Cath Cathardha
  7. agriculture
  8. Hunting
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (Bruss. 6131-33, BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Rughraidhe mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill (Iarla Thire Conaill) d. 1608
Apologue Subclasses:
  1. Cath Cathardha: Pompey v. Caesar
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Turnamh dóchais díoth muirne


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 121]


Fearghal Óg Mac an Bhaird .cct.


1 Turnamh dóchais díoth muirne,

muirn docar i ndíothainmne;

lór do chládh uabhair tar ais

is uamhain dál an dóchais.


2 Sealg thorthach níor tuirmheadh dhí

an chú cuirthear i neimhní;

muna rabh anáir ar each

ní gar a fhagháil uaibhreach.


3 An treabhadh ar nac téid leas

ní hé trá as taosga gheineas;

gort gan fhál is é ar slighidh

dá mbé slán ní saoilfidhir.


4 Saidhbhreas díomhaoin do dhuine

innile gan aoghaire;

ní fhuil tarbha ’n-a dtairthibh

abhla cuir nach cumhdaighthir.


5 Gabháil fa chuirm go gcuirthir

a hibhe ní horduighthir;

bídh gríos an ghuail gan ghoradh

an uair bhíos gan bheathoghadh.


6 Baramhail damh-sa is dom dhán

a ndubart - dia do chlaochládh;

cnú fholam nó each gan srian

neach nó domhan fa dhímhiadh.


7 Ní théighim mar badh díor dham

tar ollamh ná tar ánradh

- sé ’n-a chréachtghoin im chroidhe -

éantroigh re ré Rudhroidhe.


8 Náir dhúinn - ’s ní dúinn as ranáir -

mo sgol más iad m’uachtaráin

tre ghoimh míleadh Mhuighe Fhloinn

gach duine ag síneadh seachoinn.


9 Ós chionn éigeas fhear nUladh

teacht san tuighnigh ollamhan

ní thig díom, gidh dainimh dhún,

síon im aighidh ag iompúdh.


10 Do mheas éirghe amhlaidh soin

os chionn airdríogh fhear ndomhain

Poimp mearchalma fa mó seadh

gér neamhtharbha dhó a dheireadh.


11 Ag Séasar na siorthadh mbras,

ag Poimp Máighe is ag Marcas

do bhí an cruinne ó mhuir go muir;

ní rí duine gan dúthaigh.


12 Riasan dá áirsidh oile

Marcas Cras ceann sochuidhe

- iul re bhfaghar gach fádh fis -

do ládh an talamh thairis.


13 Fan treas rann don talmhain tais

do éirigh ar n-éag Marcais

fíoch an dá ursan oile;

dursan críoch a gcéalmhoine.


14 Poimp agus Séasar sluaighmhear

do chuireadar combuaidhreadh

i ngach leith don chruinne ché

do bhreith an uile fhínné.


15 An cath cathardha do chuir

dá uaitne theanna an talaimh

do b’é críochrún a gcagaidh

dé ón fhíochrún do adhnadair.


16 “Uch! gan mé” ar Poimp “ós chionn cháigh

dom fhaicsin d’fhearaibh domhnáin”

glóir na flatha fhuair umhla

uair an chatha chathardha.


17 Bheith uiríseal ’n-a dhiaidh sain

gairid d’aimsir gur orduigh;

do radadh fatha déar dhó

a shéan catha do chlaochlódh.


18 Mé an Poimp dá dtarla an tuisle,

an t-Iarla is sé an Séasair-se,

ar bhfearg rer-oile is é an cath

gomadh hé ar gcroidhe an caomhthach.


19 Mar Phoimp Maighe ag teacht san treas,

bheith céim ós chionn na n-éigeas

do bhí uair ’s do aontaigh mé;

claontair gach uaill dá háirde.


20 Mar Phoimp a-rís d’aithle an áir,

bheith íseal - anba an diombáigh -

dar m’éig-se do ba lór linn,

ór ar m’éigse ó nach aithnim.


21 Ó tá an maidhm oruinn badh-éin

aontuighim tre Ua saoirNéill

beith fa oideadhaibh Craoi Chuinn;

faoi ní hoideamhail m’urruim.


22 Tuir fhuluing fhola Dálaigh

ní fiu dá méin mórdhálaigh

- ní hé an doigh nach dursan linn -

a bhfuil d’osnadh im intinn.


23 Náir dói-séin agus damh-sa

a bhfuil d’anaoibh oram-sa

ar dheoradhacht - dáil nar dhligh -

i n-Eoghanacht Cláir Chaisil.


24 Dá gcuireadh díoth toice treall

ollamh flatha ar fud Éireann

ní cóir dhó ar a dhán diomdha;

dá mhó a thár dá thighearna.


25 Do dhearbh sé seanfhocal cáigh

- do léig an t-Iarla ar n-anáir

uile fa lár as a los -

“ní fádh duine ’n-a dhúthchas.”


26 Iarla Ó gConaill, slios re saoidh,

ní fhuil fáth ag a anaoibh;

im dhán níor dheargas duine

do Chlár leargglas Laoghaire.


27 Ar airdríoghaibh Inse Néill

a ndearnadar do dhíthchéill

ar maithe trá druim ar druim

a-tá dá aithe oruinn.


28 [Cuirm Éingrinde] is an t-each geal,

súil Eochaidh, ainnre Laighean,

- ní théid mo sheise ríogh róm -

mei-se dá dhíol ’n-a dhobrón.


29 Shleagh na Con, ’s an Chearc Bhoirche,

flaitheas Banbha beannfhoirbhthe

rug sé don dul-sa ar a ndíol

an té as ursa don imshníomh.


30 A-tá uabhar m’aicme féin

ar chloinn Chonaill mheic mhóirNéill

fa phosd ríoghshluaigh fola Floinn

dá shíorbhuain uile asuinn.


31 Groighe is táinte clann gConuill

tús is earr an uraghuill

- fa-ríor níor haltoigheadh liom -

im ghortoirear ríogh Raoilionn.


32 Ag íoc na muirne nach mé

fhuair ó phór chaithreach claoinTé

a-tá sé ag crádh mo chroidhe

mar táim re ré Rudhroidhe.


33 Buain a dhúthchais do dhuine

ní breath ríogh do Rudhroidhe;

is liom-sa a chogar ó chiort

ionnsa m’obadh óm oidhreacht.


34 Go buan is fearr an fonn-sa;

ní hé a-tá d’fheidhm oram-sa

muirn mar shriobh tuile ag toigheacht

ná cion duine ar deoroidheacht.


35 Mac éachtach Aodha Í Dhomhnaill

Ua Séamuis, tuir treasfhorlainn,

mo rí go rabh ar mo shon;

ná tí a thal ar mo thurnamh. Turnam.