firstLine"; ?>

1933. Uaibhreach mise ar Mhag Uidhir $
Length: middling 18qq (incomplete)
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. apology mp
Manuscripts:
  1. Copenhagen Ny kgl.Saml.268b 16th c.
Prints:
  1. transl. Greene DMU no v
Motifs:
  1. poet insulting patron
  2. praise-poem reparation for injury
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (Copenhagen MS)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. CuChonnacht
Patron Surnames:
  1. MagUidhir
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Uaibhreach mise ar Mhág Uidhir


[Greene, David: Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 5]


1 [Uaibhreach mise ar Mhág Uidhir]

[guais] an t-uabhar d’athuighidh;

[a nderna mé d’uabhar air]

[uamhan hé] gin co h[íoc]thair.

2 [Ádh aca um chenn ccorma]

[ó uabhor na] healadhna

do mhúin síol deghColla damh

[r]om [lí]on eatorra d’uabhar.

3 [Cú Chonnacht nír dhergna damh]

[’sna]ch uaigh féin fríth a hadhbhor,

[- mo thon]n díbheirgi ar ndol fúm

ar son m’fhírfhergi d’fhadúdh.

4 Corn deighfhleidhe do dhoirt mé

a n-ucht laoich Locha hÉirne

don fheirg do éirigh oirne

- nír chéilligh an chomhairle.

5 Do dhoirtios do dhruim feirge

- ní bheirios buaidh ndíbheirge -

cuach fhínndighe ar a ghruaidh ghloin,

ríbhile nach uair iorghoil.

6 Nír thuill sé féin a fagháil,

a bhfuair uaimsi d’esanáir;

íoc do sa díoth nach derna,

ag so críoch na cinnemhna.

7 Ceann slóigh nár athaigh uamhan;

go nderndus air anuabhar

’na dhún nírbh édána inn

- rún na hégára im indtind.

8 File cuarta dob edh inn,

móide as clú a n-uaras d’uirrim;

nír mé, far-íor, a ollamh

giodh gníomh hé nár íocomar.

9 Ferg riom............................

do dhoirt sinn súgh fíneamhna

fan ccnes nglan suaimhneach [séimh]

.......................... an uaibhreach eiséin.

10 Deoch eile ’na haghaidh sin

doirtfidh mise ar Mhág Uidhir

- budh hé sin cend ar ccoinde -

ón digh as fherr agoinde.

11 Anois ar a chruth chorcra

dáilfiod mo dheoch aghmolta;

budh éigin a serg mar sin

a fherg fan ccéiddigh coiscfidh.

12 Deoch bhias ar ól gach n-oidhchi

dáilfiod dá dhreich nemhfhoirbhthi,

budh réidh mar sin a ghruadh geal,

mur luagh sa digh do doirtedh.

13 Air féin dá dáil as dolta;

do chuir mé mil aghmholta

dá dheirc shuaimhnigh mhir mhallghloin

fan digh n-uaibhraigh n-ealadhnoigh.

14 Mór an gníomh do léiciodh liom

fíon air an uair do dhoirtsiom;

do bhí ag dáil deighdhighe dhamh

ceinnbhile Cláir na cCuradh.

15 Cú Chonnacht an chrotha mín

fíon do dhortadh fan deighrígh

gníomh daor nárbh iomchubhaidh d’fhior

craobh ó thiormthulaigh Thailltion.

16 Nírbh fhiú mé ar dhoirtios do dhigh

ar cheann slóigh sleachda hUidhir

triath as fherr do chineadh Chuinn

geall gach fileadh dá bhfaghuinn.

17 Geall Fíthil dá bhfaghadh soin

leth mo dhíomais do dhénuimh,

a thriath Gaoidheal Cláir Chonnla,

nír cháir d’aoinfher ealoghna.

18 Draoi fa trén a dTigh da Thí

nírbh fhiú an fiorfhile Flaithrí...