Poem in printable PDF format
Uaidhe féin do
fhás Íosa
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 61]
Donnchadh Mór Ó
Dálaigh .cct. (?)
1 Uaidhe féin do
fhás Íosa,
an té dan gnáth
na grása,
fuaire cáig fa
ainm Íosa
gairm [síosa] is
cáir fan gcás-sa
2 Dá ghrás
cleasradh an Choimdheadh
[bláth is
teasbhach] an talmhan;
do ghrás Dé díon
a fhoghladh;
síol roghlan é
gan adhbhar.
3 Dá ghrás an
sneachta ag snighe
dál is teachta na
tuile;
líonmhar dá reic
re-roile
gníomhradh oile
Meic Mhuire
4 Fás na n-eath
’s na n-innbhear
bláth na ndreas
is na ndairgheadh
do ghrás an tí
fhuair fhaighreadh
ó ghaibhneadh
chruaidh trí dtairngeadh.
5 Tar led ghrás
im chlí im chroidhe,
a Rí dar fhás an
uile,
dámadh fiu dheit
inn d’fhaire
tairre rinn, a
Mheic Mhuire.
6 Nám-thréig-se
don truaill chiontaigh,
a éinmheic fhuair
an ochtghuin;
gan mo bhac, a
Dhé, i ndeacraibh
ná beantair lat é
as m’olcaibh
7 Nach guais
dóibh agra fhine
uair tagra na
gcóig gcridhe;
níor bh’é a
thráth dheit, a dhuine,
sgáth guidhe a
meic ar Mhuire
8 Dul do chleith
diomdha [dúin-ne]
ní thiobhradh ar
mbreith buaidhe
cúis eagla é dá
óighe
freagra cóire é
uain-ne.
9 Go ndéactha Dia
ar na bearaibh
ní bhía re
déacadh ndlighidh;
daor do-chóidh sé
dá soighidh
oidhir Dé i gcóir
a chinidh.
10 An síodh
reampa do réidhigh;
níor chiontuigh
chíogh an álaidh;
dul tar toil Dé
níor dheonuigh
gur threoruigh sé
fhoil Ádhaimh.
11 D’eagla a
shaortha níor sheachain
beara na
bhfaobhar bhfrithir;
an chlí do fhás
far n-Athair
rathail grás gur
bh’í th’ithir
12 Ar bhfírDhia
ór hairgeadh Ifreann
mo ríghthriath
cairdeach coimhtheann,
mo ghrian, mo ré,
m’ór, m’Aifreann
- glór aithghearr
é - gan fhoircheann.
13 Rí ar nar
díobhadh cneadh croidhe,
Rí dar theagh
míonbhrugh Moire,
gá rí do b’fhearr
trí toighe
Rí nimhe is ceann
don chruinne.
14 Dia iodhan
m’athair dála,
mo Sbiorad
[arsaidh] aonda,
iúl ’n-a dheoidh
dún do-ghéana
réalla eoil na
ndúl ndaonda.
15 Ríghleanb dar
bh’éigin umhla,
fírcheard déinimh
gach dealbha,
Rí dar dhaoire i
gclí ar gcomhdha,
Rí tromdha
naoidhe neamhdha.
16 Aonmhac
ionmhuin na hóighe,
saorshlat don
fhiodhbhaidh fhíre,
Rí as uille agus
as fhéile,
Rí gréine tuinne
is tíre.
17 Ríghthriath as
dile [ndéanmha],
ar bhfírDhia
nimhe naomhdha,
Rí ag nach bí
acht iris óghdha,
Rí glórdha milis
maordha.
18 Liaigh ar
gcneadh athaidh oile,
ar nAthair, ar
bhfear fine,
fear ar saortha
ón lia luighe,
duine is Dia
naomhtha nimhe.
19 Leanbh
[saorghlan] na sé líne
nar [traothadh]
d’éis na huaighe
go bhfagha síodh
Dé dúin-ne
’s go dtúire ar
ngníomh é uaidhe. Uaidhe.