firstLine"; ?>

1935. Uaigneach a-deirthear Dun Baoi $
Length: long 36qq
Certainty: 4
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS
  2. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R. 1744-5
Motifs:
  1. Envoi to BVM
  2. hospitality to poets
  3. War with English
  4. fertility under just ruler
  5. tribute
  6. nature mourns for patron
  7. subjects exposed by patron’s death
  8. contrast btn former joy & present grief
  9. house
  10. sea-voyages
Poet Christian Names:
  1. Tadhg mac Diarmada Oig (RIA 2)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Eoghan Og mc Eoghain mc Dhiarmada
Patron Surnames:
  1. O Suilleabhain
Apologue Subclasses:
  1. Death of Diarmaid mac Aodha Slaine
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Uaigneach a-deirthear Dún Baoi

[RIA 2 (23/F/16), ‘O’Gara’, 162]

Tadhg mac Díarmada Óig I Dhálaigh cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Uaigneach a-deirthear Dún Báoi

ráth mháordha an mhuighe fearnaoi

múr meadhrach na bfháoinfhiodh bfhionn

teaghlach aoidhiodh na hÉirionn.

2 A-táid úaigneach re haimsir

faighthe an dúnuidh dioghain-sin

srotha ionmhalla a ngort nglan

port dhioghlama na ndeoradh.

3 Gus an teach a-tá fa sgís

cumhuin lióm la go mbeirdís

cuairt síar gus an bfharge bfhinn

clíar gacha hairde d’Éirinn.

4 An aith[bh]e gidh úaigneach dhi

fa Dhún Báoi na mbárc n-úaine

gach sruth mín longbhan ’mun lios

dó-chín[n] lómlan do loingios.

5 Bás a choghnuidh céim neamháigh

éag Eoghuin Í Shuillemháin

tug an fhaighthe an tráigh an teach

cláir na haibht[h]e go huaigneach.

6 An baile ro budh buighneach

dá mairedh flaith fíanbuighneach

caladh bá lán do loingsi

róghar dá n-ádh attoirsi.

7 Do bá luchtmhar na linnte

ag cabhlach chrann n-inillte

a Sagsuibh na síothbharc bfhionn

is d’amhsuibh fhíorthracht nÉirionn.

8 Do bá cumhang an cúan glan

ag loingeas oirir Alban

’s na tonna fa línibh long

a tíribh lonna Lochlonn.

9 D’fhoirnibh líomhtha long Sbáinneach

do bhíadh an cúan conghaireach

do ba cúan líonmar an loch

treasan sluagh bfhíorglan bFrangcach.

10 Dó bhiadh folach na faighthe

uirre d’óguibh armghairthe

dó bá haimhreidh [t]hall as-tigh

ainréim ann ag na héigsibh.

11 Do bhíadh do bharr na toinne

a leith umhla is urroime

an bhuaile láochlong tar lear

claonchrom do ghuaire Gaoidheal.

12 Comhumhal re crích Bheirre [163]

gan fhormad(h) gan aimhréide

do bhiadh líon gacha loingsi

ag díol f[h]iach an Eoghoin-si.

13 Tiocfadh d’áonghuth Eoghuin óig

an tan budh aibhle a n-urchóid

fearg neartdhrong mhúir moghadhs

tnúidh na n-eachtronn d’ísliogadhr

14 Eigsi Banba na mbreath ttréan

ón lo nach mair mac Oiléan

ní d’fhéin an iathuir fhéachuid

’ga ttriathuib féin fuireachuid.

15 Tug treathan na ttonn muire

is cáoine b(e)an Beanntruige

’s tug fearta fhearcho(i)n Eanuigh

neamhtho(i)l eachtra ar fhileadhuibh.

16 Ní sheóluid a longa a-le

ón úair teasda fear Faoide

cúis na ndeoradh is líach leam

ag seoladh tar iath nEireann.

17 Rath in mhara measuid soin

d’imtheacht uile d’éug Eoghuin

snuadh aighthe an cháomhchúain do chlódh

gaothbhúaidh na haibhthe d’iompódh.

18 Do thréig an tan-so a toradh

fearcc na mara ag meadugadh

nír nocht trá a nimh gus a-niudh

a-tá sin mur do sáoiliodh.

19 A-ta mur an muir a-moigh

ag deilbh maoithe mheic Eoghoin

céim gargluath na ngoirmshreabh s(h)eang

ag foighredh ardbrúach Eireann.

20 A-táid ag cáoi uma chéibh ngloin

an tshion an úir an fhiodhbuigh

ag cáoi tré coghnach bheann mBredh

fordhath na reann ag ruaimhnedh.

21 Mur sin dóibh athuigh oile

duile Banbha bráonoighe

fá hainmhín a ccor ’má ceann

ar ndul d’airmrígh na hÉireann.

22 As é an rí(gh)-sin reacus me

mac ordhruic Áodha Sláine

nathuir chrodha baothchlann mBredh

sáorchrann far chora cáoinedh.

23 Do bhí Éire an fhochuin ghloin

go dul do Díarmuid Ruanoigh

lán d’fhorghrán mhuighe do mheas

comhlán don uile áoibhneas.

24 Do shearg cnúas a coillteadh bfhionn

do chláon rath innbhior [n]Éirionn

tar gach aonbhúaidh da eag sin

an géag aolghrúaidh Uisnigh.s

25 A hadhra[dh] Airdrí[ogh] nimhe

a los umhla is aithrighe

do bhí gach lanbhúaidh ré a linn

an rí do árdluaidh Éirinn.

26 A dhóthchas a nDia athar

fuair sin cách do cheannsachadh

búaidh ccatha no ciorrbadh corp

ionnramh ratha 7 rioghocht.

27 Séan d’éirghe lé éarla glan

amhluigh sin do f[h]úair Eoghun

ráinig sé sídhchladh na sean

a fíorthal De do déneamh.

28 Nir dhearmad a dhreach iogha(i)n

eagla dhiochra an Duiliomha(i)n

teasda sé na siorlár sin

a bhfíorghrádh Dé do dhaingnidh.

29 Ba háointeach aimsior bfhada

do bhí mac mheic Díarmada

lan d’fhírmhéin mháorda mhaithmeach

mínreidh áobhdha urnaightheach.

30 Do lean dhe diaghacht chroidhe

air áirsigh fhoinn Bheanntroighe

gach áonbhúaigh ar aba sin

gaolbhúain aga re hainglibh.

31 Do bhí meidhe na muire

do bhí an talamh toghuidhe

bárr na sgath donnghrán na ndreas

comhlán do rath ’na réimeas.

32 Ro budh suaimhneach na sreabha

fa háluinn na hairgheadh[a]

fá corcra ceannbhrat na néall

do deaghmhac ochta Oilean.

33 An ionbhuigh bá fear faire

d’iath Bearra 7 Beanntraighe

ar feadh na ccríoch bf(i)onnbláth bfhionn

bá comhghnáth síoth is soinionn.

34 An úair-sin ba trom ttionáil

tír toiceach síl Súilleamhain

tír gan áonrath ’na heasbhoigh

an tír aobhdhath ailghean-soin.

35 A-niogh a n-éagmuis Eoghuin

ní sáimh do[n] eing ilcheóluigh

tír an chneasghloin gan bháidh mbreath

dháibh ’na easbhoigh is úaigneach.x

36 Ar tteach turuidh treabh nimhe

an Ógh iochtmhar ainglidhe

tiocfa dhi ar ttaghall san teach

nachar n-anam go huaigneach. Uaigneach ...