firstLine"; ?>

1936. Uaigneach ataoi a theagh na mbrathar $
Length: middling 21qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Meath
Classes:
  1. house cp (Multyfarnham)
Manuscripts:
  1. UCD Gaelic MS 14 O’Curry 1838
  2. RIA6 (23/I/40) c. 1700 ?Co. Offaly
Prints:
  1. transl. Dan na mBr. Mion. no. 21;
  2. text DiD 122
Motifs:
  1. envoi to saints (Trinity, BVM, Francis)
  2. patron’s feasts
  3. poet invoking blessing
  4. territory (diocese etc.) as ruler’s spouse
  5. contrast btn past joys & present grief
  6. giving alms
  7. friars
  8. plight of true faith
  9. echo of line in Clontarf poem ‘Uaigneach-
  10. House (church) & furnishings
Poet Christian Names:
  1. Lochlainn (RIA 6)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Meter Vars:
  1. Seadhna Mor (Dian Midsheng)
Poem:

Poem in printable PDF format

Uaigneach a-taoi, a theach na mbráthar


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 122]


Lochlann Óg Ó Dálaigh .cct.


1 Uaigneach a-taoi, a theach na mbráthar,

beag dod bhuidhnibh tairise

do-chí tu-sa i ndáil do dhorchla;

ní náir orchra ar th’airei-se.


2 Do díbreadh uait - uch mo thruaighe -

do theaghlach bocht bráithreamhail;

do-chím sibh gan fhear dot ionnramh,

a threabh bhionnghlan bhláithshleamhain.


3 Ionmhuin drong do díbreadh asat,

a eaglas bhláith bhúidhiodhan,

buidhean tromdha chomhthrom chiallda,

modhchlann diadha an Dúiliomhan.


4 A mhainisdear an mhúir shleasaigh

sloinntear ó Sliabh Fhorannáin,

caoinidh an flaith ’s an saoi suilbhir

mar taoi it fhuilngidh anfhorráin.


5 Fuarais cleachtadh céile n-iodhan,

a adhbha an fhuinn ghlaintealchaigh;

bheith it aonar níor dhual deit-se;

truagh do bheith-se id bhaintreabhthaigh.


6 D’éis na gcéile do chleacht tu-sa

a-taoi - truagh an mhalairt-se -

gan chluinsin sgéal gcean ná gcliathcha

gan fhear iarrtha th’amhairc-se.


7 Cuimhneach mé gur mheince leat-sa

líon áigh ógbhadh gcaithreannach

ag líonadh is-teagh id thiomchall,

a threabh fhionnchorr Aifreannach.


8 D’éis díbearta na n-ord uile

i n-iath Éireann eangfhoirbhthe

dé an chreidimh do bhaoi gan bháthadh

gach laoi id bhláthar bheannuighthe.


9 D’aithle a n-uarais d’aoibhneas ghnáthach

do ghlóir nar ghlóir dhiombaltach

ar uaigneas t’árais má féachtar

tárrais éachtchor iongantach.


10 Tu-sa it árus ealtan gcíocrach

ar gcaill th’aosa ionmhuine;

briseadh croidhe an tolg dá dtárras

t’ord i n-áras fhiodhbhuidhe.


11 T’altóra gan earradh gcrábhaidh,

do chluig chaoine cheolmhara,

mar dhúil mbailbh gach laoi gan labhra

mar taoi is damhna deordhubha.


12 Iomdha coireach cionntadh n-iomdha

d’fheadhnaibh Fódla fionnshoillse

fhuair ar dtadhall bhar sleas samhghlan

leas a n-anman ionnaibh-se.


13 Iomdha cuideachta clann bhflaitheadh

le bhfríoth féasda soineamhail

idir shleasaibh do choim chláirthigh

ón droing chráibhthigh chroidheamhail.


14 Iomdha bocht do biathtaoi it orsain

’gun ord shochruidh shéimhidhe;

dursan linne a lorg ’s a láithreach

gan ord gcráibhtheach gcéillidhe.


15 Glan an bhuidhean do bhí id ghrinneall

- níor ghloine géis ealashroth -

cuire diadha caoimhghrinn ceolach

saoirbhinn eolach ealadhnach.


16 Gairid gach lá ag an lucht chéadna;

níor chian adhaigh fhírleabhar;

ní feas ní ’n-a aincheas orra

d’ailcheas rolla ríghleabhar.


17 Mairg ler díbreadh an ndruing bhfosaidh;

ní feas cread a gcionta-san;

mór a gcrábhadh, deas a ndaonnacht,

ní feas aonolc ionnta-san.


18 An t-Airdrí dan hainm an Tríonóid

go dtí dá thoil ghrásamhail

tabhairt an chuire mhóir mhallghloin

róin don adhbhaidh fhásfhollaimh.


19 Clann Phroinnsiais na bhfuighleadh dtaidhiuir

fill don teaghdhais naoimhiodhain;

a Muire mhór féag bhar bhfearta

fan dtréad searcdha saoidheamhail.


20 A Phroinnsiais, a phlannda gheanmnaidh,

guidh Dia deaghmhac fionnMhuire

fa fhurtocht ar do chloinn choirmigh;

roinn ret oidhribh t’ionmhuine.


21 Ó tá treimhse ’n-a treibh uaignigh

an áit ghrianach ghlanuaidneach

tar neart cumhacht na bhfear bhfraochdha

rob teagh naomhtha neamhuaigneach. Uaigneach.