firstLine"; ?>

1943. Uasal an t-ainm ollamh riogh $
Length: middling 28qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th early
  2. 15th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. warning mp
Manuscripts:
  1. TCD 1318 (H.2.16) pseudoYBL 15th c.
Prints:
  1. transl. McKenna, AiD no. 32
Motifs:
  1. poet as one of several learned classes
  2. Material rewards for poetry
  3. Poet’s privileges
  4. fear of replacement by rival
  5. to be compensated for patron’s injury
Poet Christian Names:
  1. Tuathal (TCD 1318)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Tomaltach mac Conch. mhic Aodha
Patron Surnames:
  1. MacDiarmada d.1458
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Uasal an t-ainm ollamh ríogh


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 32]


Tuathal Ó hUiginn cct.


1 Uasal an t-ainm ollamh ríogh;

do-fheadar gomadh fhairbríogh

poinn do dhíol d’fhior an anma

do chion ríogh ná ríoghdhamhna.


2 Dán gach bliadhna dhleaghar de

don rígh - cá rogha as uaisle?

ní cíos acht cion as usa

bhíos ó fhior an anmasa.


3 Do rígh cúigidh is cubhaidh

oirrim uadh dá ollamhain,

acht bronnadh óir as a ucht

ní cóir ón ollamh d’umhlocht.


4 An bhreath dhíreach an dann rug

is d’ollamhain nó d’easbog

téid a ghuala, a rí, i n-am óil;

is í ann uadha a n-onóir.


5 Tú, a Thomhaltaigh, ar tosaigh

thug dúinn aonta an anmasain;

ó rígh nó gur slonnadh sinn

ollamh dhínn nocha dingninn.


6 Do-chuala - is ní creidthe sin

ó fhior aimhleasa éigin

mar do fhuair th’ollamh umhlucht -

gur ronnadh uaibh th’ollamhnucht.


7 Fa doigh liom gur leigis de

[athrughadh] mh’anma baisde

re linn na ngrádh do ghabhas;

is nár inn ’n-a amharas.


8 Cá hainm feasda [as] ráidhte rinn

ní fheadar d’éis a gcluinim;

fáilte ruinn i riocht ollaimh

ag sliocht Cuinn do chleachtomair.


9 Dá mbeanta dhíom, a dhearc ghlas,

an feidhm re a bhfuil mo dhúthchas

dá measa hé ar na aithne

measa an té dá dtiobhairthe.


10 Dá ndearnta an chóir leath ar leath

eadruinn do budh é an díreach;

i mbreith ríogh is ionchuir í;

bíodh ar th’ionchaibh, a airdrí.


11 Sealbh ar bhfeadhma is fios doiligh

gur dual súd ag seanchoidhibh;

ar gheall daoibh an duine a-dir

cá bhfuighe i laoidh nó i litir?


12 Ollamh re a ceird cia ag nach fuil

ar-aon is ollamh seanchaidh;

[gach] ceart ollaimh go-raile

congaibh reacht na ríoghraidhe.


13 Tairm ollamhan uair mé

a-déar riot, a rí Búille,

nír gheall mé a chiallaidh . . .

sé d’fhiadhain . . . . . . . . .. . . .


14 Do-chuala ós aird ag gach fhior

sgéal nar chosmhail do chreidiomh;

do dhiommol mé tre mhacnas

é ’s ní dhiongan díoghaltas.


15 An comhrádh nar chubhaidh ris

do-chuala uadh ga aithris;

gé shéana dhamh nach dubhairt

méala a char i gcontabhairt.


16 Ní rach, gidh leasg leam cridhe,

don Charraig ar chéilidhe

taireise go rabh a-rís

damh an baileise i mbímís.


17 An dámh thromsa ag teacht [id] thaigh

d’éad re maicne Maol-ruanaidh

a-tá dál coinnmhe chuca

nach doirbhe dámh dheoradhta.


18 An cumann do cheangail sinn

re chéile is cunnradh inill

- beag nach treise an t-éad oram -

’s ní fhéad meise a mhíochomhall.


19 Ní mholfainn do mhac Shaidhbhe

dá gcuireadh im chomhairle,

dámadh orraim budh ál leis,

ar ghrádh chumainn nó chairdis.


20 Mé im thost agus é im aghaidh

múinim do mhac Chonchobhair;

dá bhfaghadh é ar a annsa

ná gabhadh sé an socharsa.


21 Ní díleas sinn ó so a-mach

dá bhfionnam go bhfuil ciontach;

a fhíon is a fhoirne óir

síodh ní fhoighbhe ’n-a n-onóir.


22 Do bhí uair narbh eagail daoibh

go dtairgfinnse do thathaoir;

a-nocht, a mheic mheic Aodha,

deit is olc ar n-iontaobha.


23 Gach cumaoin dar chuiris orm

do shéanfainn, a shúil mhallghorm,

a ghéag shéaghainn ó Sheaghais,

séanaim méad mo mhuinntearais.


24 Mic ollamhan Inse Fáil

a-tá oram got eadráin;

mo dhiomdha gur léigeas libh

iomdha éigeas im aighidh.


25 Ní as fhaide ní fhulaing mé

m’fhearg riot, a rí na Cairrge;

gidh treall do bheinn ga bacadh

is leinn as fhearr t’anacal.


26 Ní ar m’eagla réidhighe riom,

a leoghain Locha Saoilionn;

ní d’fhagháil ar a omhan

ní hí anáir th’ollomhan.


27 Déana le duasaibh boga

dhuid mise, a Mheic Diarmuda;

is cuma gá fréamh ó bhfuil

sgéal gan urra ná haduimh.


28 Dol fa fhosgadh an einigh

a bhfuil agad d’fhóireidhin;

ar a sgáth dá dtí tusa

do-ní cách a chaomhnusa. Uasal.