Poem in printable PDF format
Uasal céadobair
an Choimdheadh
[McKenna, L.:
Dán Dé: The poems of Donnchadh Mór Ó Dálaigh, and the religious
poems in the duanaire of the Yellow Book of Lecan, Dublin,
1922, poem 31]
Donnchadh Mór Ó
Dálaigh .cc.
1 Uasal céadobair
an Choimdheadh
críochnughadh
nimhe as nua sgiamh,
ceann na dtreabh
treabh ar nar cinneadh
teagh as fhearr
[dá rinneadh riamh].
2 Teagh ann nach
fuil fuacht ná íota
ná ocaras ná ól
gann
do dhealbh Dia fa
a thoil an teaghsain
ní fhoil ’s ní
bhia easbhaidh ann.
3 Do shuidhigh
Dia i gceann a chéile
na cathracha gan
cheo ndiagh
is saor snoighe
na seacht nimhe
seacht dtoighe as
ghile [ná an grian].
4 Obair mhór nar
mhór don Dúileamh
do dhealbh
talmhain mar tá an sdair
an bioth cé go
réidh do roighne
is é féin as
oidhre air.
5 Do cruthuigh le
[comhair] mbráthar
an bioth cé agus
cloich is crann
do dhealbh gan
chairde is cleas doiligh
fairge im chneas
gach [oirir ann].
6 Do dhealbh
grian is éasga is ai-éar
Íosa Chríosd mo
chean lé mbia
saoirse naomh go
dearbh na dúile
ní saor do
dhealbh dúinne acht Dhia.
7 [Do chruthuigh]
ainmhidhe ainnséin
do orduigh dhóibh
ni dealbh ghann
do dhealbh gach
ní i dtruaill na talmhan
’s ní fhuair an
Rí a n-adhbhar ann.
8 Do chruthuigh
Dia diadha an obair
Éabha is Ádhamh
ór fhás ibh
ag sin a bhreath
go dearbh dhaoibh-se
níor dhealbh
neach saoirse mar sin.
9 Is é do
chruthuigh clann Ádhaimh
Íosa Chríosd dá
gcreidid siad
gach dealbh ad
chí is ad chluine
an Rí do dhealbh
uile iad
10 Fásaidh cnuas
tré chrannaibh [feoighthe]
fásaidh grán tré
ghort gan bhrígh
Rí na ndúl an rí
do roinne
do ní úr don
choille chrín.
11 Dealbhuigh
clár oighridh re héanuair
ar aibhnibh [. .
. . . . . . . . ] long
an cleas ad chí
cia do fhéadfadh
do ní Dia
téachtadh na dtonn.
12 Do ní fuacht i
n-aimsir theasbhaigh
is teasbhaigh an
tann nach díor
beathadh a
shlóigh ó’d chí ag claonadh
do ní dhóibh
saothadh na síon.
13 Do bheir tuile
ar dtráigh céadna
don chuan fós gá
fiorta as lia
is é do ní tráigh
don tuile
ní fáidh ní rí
duine ag Dia.
14 Cumhachta Dé
do dhíon mh’anma
aincidh mé ar
adhbhaidh na bpian
cuma [acht] go
ria ar [a] iocht m’anam
gá riocht i mbia
an cholann chriadh.
15 Cungnamh le
mh’anmain don Airdrígh
uchd do chor ar
an gcroich ndeirg
go ria mé is mé
’gá thogha
le Dia is é an
cara gan [cheilg].
16 Mh’anam ar
th’ionchaibh a Thríonóid
tabhraidh féin
freagra dom ráidh
mo [chion]
glantar an tráth tiocfa
sa bhráth
sgagthar cionnta cáigh.
17 Déara
aithrighe an fhir chionntaigh
a chreideamh do
Dhia ná cáin
neartóchar síoth
Dé do dhéanaimh
fríoth é ar
dhéaraibh do dháil.
18 Crodh críche
tar ceann a anma
ní fhóirfe neach
do ní cion
almsa don ór
fuair go fallsa
budh suail lógh
na halmsa d’fhior.
19 A
mhaoidheamh ós aird ’gun altóir
ionann tráth is teine i gcrios
foghnamh do gheall is gníomh fallsa
fearr síodh na halmsa gan fhios.
20
Gach duine ghabhas geis eagcóir
dá
anmain budh olc an bhéad
sínfir olc ar gheis do ghabháil
ní
leis corp d’fhagháil re n-éag.
21
Téid cor seach an gcathraigh neamhdha
gach
neach dhíbh dá ndéanann geis
is
cam do chóidh cridhe an pheacthaigh
ní
slighe chóir leantair leis.
22
Gach duine bocht bhias go tuigseach
tuillfidh ón Rígh rath bhus sia
is
bocht ré ré fear na faighdhe
gidh
eadh ní hé as daidhbhre ag Dia.
23
Ní thuigid cách cleasa an domhain
gach
duine ag dul i n-a rioth
gidh
torann mhór méid a loise
téid
mar chlódh na boise an bioth.
24
Cathughadh im cheann an domhain
nior
dhéanta dhóibh dia do bhéad
an
domhan i ndiaidh gach dhuine
biaidh folamh uile iar n-éag.
25 A
dtéid d’éag d’fhearaibh an talmhan
’n-a
dtaisibh ná tabhraidh bríogh
féaghadh a leacht lór do sheanmhóir
gidh
mór neart gach dheaghshlóigh dhíobh.
26
Tiocfa riom gan riar an Airdríogh
a
aimsear budh olc an bhail
síodh an Rí ad chíom ar n-a chneasghoin
go
dtí dhíom gan easbhaidh air.
27 A
chéasadh ó’d chíd sa teampull
toirneamh dhó dleaghaid an slógh
ón
ló déachtair ar a dheallradh
an
sléachtain dó is meadhradh mór.
28
Mairg nach creid crochadh an Airdríogh
d’éis a chrochaidh creid go mair
a-tá
dhóibh cuid i n-a chrochadh
na
slóigh nach tuig othar air
29
Mairg do tholl a throighthe málla
mairg do chréachtnuigh a chneas bláith
mairg ag nach fuil uime osnadh
guin
a bhruinne ag cosnamh cáich
30
Éireochaidh fós fearg an Airdríogh
gach
abhann chiúin budh cuan mear
re
cách an tann tiocfa a thoirrse
ní
ham sgiobtha loingse ar lear.
31
Ó’d chím fa seach sluagh na cruinne
ag
cur an bheatha bun ós chionn
créad fá n-adhruim d’ulc na cruinne
dá
bhfaghbhuinn lucht luinge liom
32
Peaca marbhtha mharbhas m’anam
im
aigneadh tall a-táid siad
meisde sinn seaca fá n-eire
cinn
na bpeaca eile iad.
33
Seacht bpeaca pianta na hanma
áireomhaidh mé mór a mbríogh
mór
a neart ní deacair dearmuid
seacht bpeacaidh dhleaghmuid do dhíol.
34
Díobh i gcéadóir cion na drúise
daoine re Dia deaghlaidh sí
an
drúis is teine fa talmhain
cúis
mheire don anmain í.
35 A
dhó dhíobh an díomhas éagcóir
is é
féin féige na locht
saor
ar an diúmhas mé a Mhuire
’s é
sdiúras an uile olc.
36
Díobh an craos cuimhnidh a thréigean
an
treas cúis ar nach cóir bail
tré
chion an chraois i mbroid bheithear
is
baois doid gan t’fheitheamh air.
37
An ceathramhadh cion cion na sainte
sí
’gar mealladh mór an sgéal
ag
sin ciall chaillte na hanma
pian
na sainte as damhna déar.
38
An cóigeadh cion cion an fhuatha
iongaibh thú ar theagmháil ’na ghlas
bheith ’mun bhfuath i gceann an Choimdhe
luach as fhearr ní fhoighbhe as.
39
An seiseadh cion cion an fhormaid
i
n-aigneadh cáich is creach dhóibh
an
lucht ag a bhfoil formad folaigh
ní
adhrad soin conair gcóir.
40
Is é sin an seachtmhadh peacadh
fa
bpiantar thú ar dteacht i gcorp
a
dhuine ná déana leisge
féagha a bhfuighe eisde d’olc.
41
Ag sin seacht n-easgcaraid mh’anma
eagail liom a leath re a mbríogh
is
deacair síodh na seacht bpeacadh
neart an Ríogh dá ndeaghcur dhíom.
42 A
dtreise a-tá ’gam mealladh
an
móirsheisear as mhór neart
ní
tualaing mé ar druim an domhnáin
cuing Dhé do chongmháil go ceart.
43
Cunnradh im neamh do ní meise
’s é
Mac Dé nach déanann cruas
mo
dhuan dá-san ní duan fhallsa
budh
sásadh buan damhsa an duas
44
Uaisle Muire náid mná an domhain
Dia
’n-a bruinn ni bláth gan chnuas
táinig soin ’n-a clí is ’n-a cridhe
an
Rí do mhoigh nimhe a-nuas.
45
Ógh mar an bhfionnMhuire ndualaigh
nior
shill súil ni chuala cluas
an
rath go léir is dí as deise
is í
féin as treise thuas.