firstLine"; ?>

1952. Uirrim Fodhla ag enduine $
Length: middling 27qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G 348 S. O Fearghail 1895
  2. Harvard O’Byrne MS c.1726<1622 ex
  3. TCD 1288(H.1.14)Aodh O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no. 19
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. comparison with all others
  3. patron’s liberality to poets
  4. patron’s prowess in warfare
  5. imagery for kingship (aoghaire)
  6. inauguration ? (‘god tigh togharma’)
  7. Fertility of land under true ruler
  8. cain, cios, tax, tribute
  9. prophecies of ruler
  10. Highkingship of Ireland
Poet Christian Names:
  1. Niall (Harvard MS)
Poet Surnames:
  1. O Ruanadha
Patron Christian Names:
  1. Fiachaidh mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Broin d. 1597
Meter Vars:
  1. Casbhairdne
Poem:

Poem in printable PDF format

Uirrim Fhódla ag éanduine


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 19]


Niall Ó Ruanadha .cc.


1 Uirrim Fhódla ag énduine,

uirrim fhógras fáidhfhile,

geall Gaoidheal fuair énduine,

a mbuaidh d’aoinfhear d’áiridhe.

2 Do smól ghartha an ghormfhoghadh

sról tana do tiormuigheadh;

Éire ón fháth gá hainmniughadh

ar scáth féine fionnLaighean.

3 Fiú an cháin thiar do thaibhghiodar

riar do dháimh nár dearmadadh;

luach na clú nár chongbhadar

le crú Duach níor dearlagadh.

4 Fiacha is fear dá bhfóiridhin

feadh cliachdha eidir chaoilshleaghaibh;

níor chinn ar fhréimh ríoghLughaidh

ar mbéin gill do Ghaoidhealaibh.

5 Dob fhiu a ndíoth ré [a] ndeaghmholadh

más fhíor d’iúl na seinleabhar;

buaidh troda ar fhóir fhionnLaighion,

foda dhóibh dá deimhniughadh.

6 Do dhearbh fá fhíon d’fhileadhuibh

go bhfríoth geall gach glanoirir;

téid cruas fuile Fearadhuigh

suas tar duine daghoinigh.

7 Gach file reis réidheóchuidh,

teisd a chinidh cémmúchaidh;

rug sí riar í ríghFhiachaidh,

cliar is gan í d’éndúthaigh.

8 A-nú is cóir a cuimhniughadh,

an chlú dhóibh gur daingnigheadh;

fiú a mhaoine ó fhiadh fhionnLaighean

aoighe nár iar aindligheadh.

9 D’éigsibh Banbha is breathnughadh

ainm nách éidir d’athrughadh;

do chlú a gcliathuibh cuirfidhior

’s gan tú, a Fhiachaidh, d’athmholadh.

10 Mac ríogh ag buain baramhla

nach fuair bhar síodh soshnadhma;

níorbh fhiú neart fhir h’anamhla

gan teacht god thigh togharma.

11 Céim ós fhiodh don fhíneamhain:

téid sibh tar na saoirfhearuibh;

barr clú san áth uarabhair,

tú do ghnáth ós Gaoidhioluibh.

12 Cora a chlú níor neamhfhuathaigh,

tú as togha dá rolúthaibh;

grís oinigh shíl sheinFhiachuidh

bídh ’na doighir dhomhúchaidh.

13 Gar é d’uaim gach éinimil,

gné an ghuail ar a míonalluibh;

do bhí cóir Fhuinn Fhéilimidh

gan buing róibh do ríoGhalluibh.

14 Dá fhiachuibh é d’fholmhughadh,

sé d’Fhiachaidh gur hainmnigheadh;

bíodh go sir fiadh fionnLaighean

mar sin nách iar aindligheadh.

15 Ar Chlár Dá Thí tréigfidhear

rí fár fhás gach aentoradh;

glún ríogh ré lár léigfidhior

fán síodh nárbh ál d’aentoghadh.

16 Beag d’fhaghail a n-oirbhire

anaidh ar feadh fiodhbhuidhe;

lucht diomdha ar gclann gConnlai-ne

iomdha acht a n-am iorghuile.

17 Fear scéith chorcra is caoilshleighe,

is é ortha as aoghaire;

reic Fhiachuidh tar aonduine

d’fhiachuibh ar leic Laoghaire.

18 Líon áigh do shíol sheinEochaidh

gan díobh acht grán glanfhochain;

beag labhra cuain chomhaithigh

d’uaim Banbha do Bhranochaibh.

19 Bas uaidh fa chrann caoilshleighe

go ham cuain do chiúnfhaire;

ní hí an Fhódla d’áiridhe

do bhí ar fhógra í Iúghuine.

20 Ní sheachain áth d’airmreannaibh,

tré lár deabhtha deighlingidh;

ní trom riar an Raghnalluigh

’s nach iar acht Fonn Feidhlimidh.

21 Fiú an céim dá mbí a mbaramhuil

nách téid fá dhíon duiliobhair;

ní iar ceart glún ngeiniolaigh

fá theacht go múr Muiriodhaigh.

22 A mbí ortha d’aimhréidhe,

síol na tTolcha ttiormáille,

ní léir aoinneach inbhéime

giodh daoineach féin fionnShláine.

23 Buaidh riaghla gach ríodhoire

fuair Fiacha tar aonduine;

cnuas beanta Fhóid Iúghoine,

móid í Earca a aoghaire.

24 Diamhair ghliadh gur ghabhadar

fian Fhiachaidh a n-uireagar;

cur rú ar áth dob anobar,

clú ós cách do chuireadar.

25 Díolaidh tú tóir tromdháimhe,

a Róis, gan rún minréire;

niamh ghairthe do ghealghruaidhe,

grian dá aithle is inbhéime.

26 Fiú an tásc oinigh fhuarabhair,

mná Laighion dá lánfhoghail;

geall clú uathaibh fhuarabhair,

do chrú Tuathail tárrabhair.

27 Tearc cor nár fhóir t’fhírfhéile

ort, a Róis, lé a ródháile;

fiú riar fhir na hénuaire

nách iar an idh órfháinne.