Poem in printable PDF format
Urra ag
oighreacht Éireamhóin
[Greene, David:
Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 20]
Cú Chonnacht Ó
Dálaigh .cc.
1 Urra ac
oighreacht Éiremhóin
oighrecht tuilles
tuaruscbháil;
mar tig cách
d’éis aontinóil
Clár Néill agá
nuaghabháil.
Fer sealbha gach
saorchineoil,
fer nach bernach
buananáir,
mithidh táth
Fhóid Éiremhóin
- ní dóigh ál in
uachtaráin.
2 Re nert slóigh
ní solámhaigh,
an tres co fóill
fregeoraidh;
an cú nach cú
mionfhiadhaigh
a chlú súd fán
senEoraip.
Múr Logha do
leithréidhigh,
do chrú Colla
ceirteobhaidh;
do loit sin Fád
fionnFhiachaidh
- an lámh do loit
leigheosaidh.
3 Fer is ésccaidh
n-imbualta,
fer brégtha gach
bannála,
cuiridh cách fá
chomhaonta
Mág Uidhir co
handána.
Dénamh ar Fhiadh
fhinnÉnna,
cia énfher a
admhála?
an Leth Cuinnsi
coimfhédfa
- leth gach
buidhne baránta.
4 Fíon derg le
hól d’iomarcaidh
gerr bhus lón ’na
liosaitreibh,
fán ól daoineach
deocharsaidh
aoinneach fós ní
fiosraighther.
Gan chrodh ag
flaith fionnOiligh
an sgol air nír
fhionnadar,
beag maoine an
Mhég Uidhirsi
- sé ’s an
t-aoidhi inaithbhir.
5 Craobha ceoil
ag cruitiribh,
sgeoil aosda co
n-iongantaibh,
ól fíona agus
fraisimeirt
ad ríghbhrugh mór
miodhaireacht.
Tú dí as céile
comhchosmhail
Éiri is í bhar
n-innshamhail,
Temhair fós dá
bhfoghaibhther,
mó a esbhuigh nó
a iomarcaidh.
6 Do chuilg let
co lethleonta,
ón tres ní cuilg
cnesslána,
airm libh a
huaimh fhionnaolta
le bhfuair sibh
na senchána.
Babhbh ós th’arm
san iombualadh
ac labhra co
lethdána;
do chairt ar Fád
bhfinnÉnna
ad ghlaic a
ttráth tegmhála.
7 Ó thuinn an
fhuinn iarthoraigh
co buing don
Tuinn Tuaidhesi,
ac cradh ní fhuil
aodhuire
- a ngoid as do
fhuagraisi
Cíos ad dháil re
daoireachaibh
cách dá bhrígh
buanaisdrigh,
do cháinsi ar Fód
bhFéilimidh
ní háirimh bó ar
buachaillibh.
8 A láibh
cliathcha ad chomhfhogus
briathra cáich ní
comhailter;
do shíth ort dá
n-athchuirther
tug so críoch gan
chlochaitreabh.
Sgéla ag techt re
techtairibh
fer h’éra nach
bhfaghaibhther;
an té duit nach
deghumhal
nírbh é cuid a
chomhairledh.
9 A iath folamh
fágaibhther
le triath d’omhan
h’ógamhus;
gaoth sul éirghes
ógmhaidin
ag séideadh bhar
srólbhratach.
Cách cug(h)ad ní
cuartuigheach,
tusa ar áth mur
fhógairther;
ar cúl h’airmsi a
n-éigentus
ní daingne múr
mórchathrach.
10 Tuc cách cúl
red thegmháilsi,
tú san ágh is
aigmhéile,
a mhic shúlghlas
Shiobháine,
do dhúthchas re
daghthréighibh.
Slatt tomhais do
thuslóige
dá cogaint ag
cathfhéinnidh,
ní chuirfe fer
faidléime
a chleth chuinge
ad chaisgcéimsi.
11 A bhfíoch ar
ccúl cuirfidher
do chríoch[a] ac
tnúth treabhthachuis
do chlú oinigh
d’iomarcaidh
tú ad oide in
gach ealadhuin.
Do sgéla, a
ghríobh glanUisnigh,
do sgríobh Sénna
a senfhoclaibh;
tana ar tós an
troimfherthoin,
budh latsa Fód
Feradhaigh.
12 Cliar
dherbhtha re deghshoighidh
siad ad cheannsa
cruinnighid,
díbhsi féin ní
fiosruighther
do mhaoine, a
Mhég Uidhirsi.
Do mhaoir fá iath
n-anaithnidh
cia dá [t]taoibh
nár thuirsighis ?
ba sesga
slua[i]gh shenOiligh
’na mbuaibh
blechta ad bhruighinsi.
13 Foirgnemh súd
nach sáraighther
do dhún
boirdgheal bélchorcra,
barr gach
aoinfhir uarobhair
Gaoidhil and ar
h’énfhocal.
Ar chaithemh ní
caomhantar,
do mhaithes ag
médachadh,
ní mó fa fíon
faoiltechus,
a ghríobh Cró, nó
ar cédlongadh.
14 Geall riamh
d’fhéile fhíorUltach
téighe is iad a
hénchomhar,
dáil h’esgra is
h’órchuladh
’s do chethra don
chédchumuscc.
Toil gach fir gé
fuarotar
ní char sibh na
sédasa;
don aoidhe is
iarrata
do mhaoine do
mhédughadh.
15 A ccendghaid
do chrochairibh
ní cealgthar re
comhadhaibh,
maoith ar cách do
chuireadar
mná re [t]taoibh
ac tromossnadh.
A legadh nír
lamhadair
gan do cheadsa ac
comharsain;
ód chrochadh ar
chiontachaibh
do chrocha do
chromadair.
16 Éire díbhsi
deonaighther
do bhrígh féile
is fíoroinigh
coill ó a
torthaibh taobhshnoighthe
ód rochtain sa
ríghesi.
San fhódmhoigh úr
Éirnesi
óghguirt fúd budh
fíorbhisigh,
luachair ina
lásadhaibh
tre cruachaibh do
chrích[i]si.
17 Menmo orra ag
aithéirghe
tolcha corra
cnesáille
fá Loch Éirne an
athuairse
tréigid srotha a
senáite.
Cnuas ’na
ccoiltibh cneismhíne
uadh is droighne
a ndreachbháine;
tuc foghar beach
mbinnÉirne
codladh ar fher
essláinte.
18 Bóthoice ac na
brughadhaibh
mórthortha ar na
mionchrannaibh,
na dairghe mur
drestorthaibh
is airdhe isna
hiothlannoibh.
Fán cCoin calma
Connachtsin
tarrla, is muir
’na miolshrothaibh,
na treabhthaigh
nír thogbhadair
na hernaigh a
hiothrachoibh.
19 Fledh mhaordha
na Manchachsoin
lais ar daonacht
deighlentair
cliar dá fheabhus
ullmhuighther
siad ’na egna
ainbhfesach.
Beg easbhaidh a
n-inntlechta
a ndeghaidh a
dheghbhrethsan,
ad chocur ní
cuirfidher
acht ollamh nó
airdeasbog.
20 Cliara Moighe
Muiredhaigh
tiad cuige ’na
ccuidechtoibh,
’na ghrianbhrugh
fa ghlandeochaibh
budh briathrach
an bhuidhensin.
Neach fós dá mbí
a mbaramhail
ní fríth sa bhFód
Fuinidhsin,
an ráth Uisnigh
eilesin
ar Mág Uidhir
d’uireasbaidh.
21 Ní tuc uain dá
n-órchupaibh,
crodh do-chuaidh
co cáinteadhaibh,
an táin ó Fhiadh
úrUisnigh
siad don dáimh as
dáilemhain.
Lón gá char re
cliarsgolaibh
ní mhar bhós dá
mbánescraibh,
gan cuach úr nó
aosarsaidh
ac Crú Duach nár
dháiledair. U.RR.A
22 Neach
aimhréidh nír imghesdair
ó Mhairghrég, is
miorbhuile,
bean ’na cló ní
comhchurtha
ar feadh an Fhóid
Fhiontainse.
Don chléir as
dáil deghbhisigh
ní théid trágh
’na tiormthoice;
a hól fás na
fionnshreibhi
dá nós a-tá a
tionnluice.
23 Duinne an
ghuail ’na gealghruadhaibh
gan guais uirre
acht airdéigsi,
le cléir uile a
hiolmhaoine
béim uirre asa
hanréidhe.
A seoid ar tús
tromdháilfe
an clú a ndeoigh
a deghfhréimhe
d’éis sgaoilte ó
threibh tromdháimhe
a teisd maoine
Mairghréige.
24 Ben don dáimh
’na deghurraidh
tar reacht an
fhóid Fhuineadhaigh,
nós mar sin gá
senaitreibh
mór an teisd do
thuilleadar.
Mur súd téid a
ttucadar
a clú ní hé a
n-uireasbhaidh,
mná Crú Néill
a-nallamhain
a cclú a ccéin do
chuireadair. U.RR. A