Poem in printable PDF format
Ursa an choguidh
críoch Laighean
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 51]
Cúchonnacht Ó
Dálaigh .cc.
1 Ursa an
choguidh críoch Laighean,
mór gceardcha do
fiadhnaigheadh,
re headh
n-anbhuaine innte
treabh armnuaidhe
innilte.
2 Mar tá riamh ó
ré na sean,
móide carthar
críoch Laighean,
lé díon bagair,
lé cosc cáigh
’na posd cagaidh
do chongmháil.
3 Críoch Laighion
na learg síthe
eochair glas
ngiall gcoigcríche,
cédtobhach cairte
na sean,
sédtolach mhaicne
Míleadh.
4 Buime
biodhbhadh na Fódla,
aondaingean fear
bhforfhógra,
críoch
thirmlíggeal armghlan fhionn,
imdhídean
fhaghladh Éireann.
5 Seanaitreabh
sinnsear síl Bhroin,
uaim a síodha a
seól cogaidh,
ré
ngnáthuighthear comhdha a gcean
máthairthreabh
fhoghla is airgneadh.
6 Giodh mór lá do
leigeadh riamh
cóir cáich ré
cóigeadh Ghailian,
tearc uaidh lé
tóir dá treisi
do-chuaidh cóir
na críchei-si.
7 Atá éinchineadh
innte
nách leig do
lucht aidhmillte
buain ré feirg a
foghla dhí,
dan ceird comhdha
na críche.
8 Dá gceangladh
an cath Laighneach
síoth do chead a
gcomhairleach,
ní léigfiodh síol
mbosghlan mBroin
díobh gan
chosnamh a gcogaidh.
9 Ón chéidfhear
do-chuaidh ’na seilbh
d’fhéin Tuadhmhan
na ttreas neimmeirbh
síol mBroin, na
beithre cogaidh,
troigh theichmhe
ní thugodair.
10 Aithris ar a
n-airrdhibh soin
do-ní Feilim mhac
Fiachaidh;
scaoiltear síodh
Laighneach ré a linn,
díon a
n-ainbhreath ar Fhéilim.
11 Bheith mar
chách ó nach lór lais,
caite dhó ag díon
a dhúthchais
ceilt gach éigin
dá n-uighe
a mbeirt éididh
iarnaidhe?
12 Leis ná
cronuighthear choidhche
triall re tosach
geamhoidhche,
bheith le sín
fhuair na n-oirear
a gcíbh cuain ná
crannaigheadh.
13 Ná
mothaigheadh mac Fiachaidh
suan sádhail ar
óirsciathuibh,
acht breith
buidhe bheith mar sin
bheith ag luighe
’na lúirigh.
14 Usaide
d’Fheilim Ó Bhroin
triall foghla,
fulang dochoir,
teas gliadh ’na
ghruaidh ag gabháil,
a bhfuair ón
fhiadh d’easanáir.
15 Críoch
Laighion na linnteadh mall,
fiú a bhfríoth do
throid ’na tiomchall
nách dóigh í
d’éineing oile,
sí ag Féilim dá
foraire.
16 Mar sin do
fágbhadh feacht n-aon
Cú Chulainn nár
char míothaom,
re hucht comhdha
in chláir Ultaigh
ar dháimh
ndorrdha ndíoghaltaigh.
17 Tarla an
uair-si ar ord n-Uladh
geis nárbh éidir
d’fhuasguladh,
ceas naoidhean
ortha ré headh
gan scaoileadh
orchra acht d’aoinfhear.
18 Tionóiltear
leó, ceann a gceann,
ceathra
hollchóigidh Éireann
do bhreith na
tána ó [a] ttighibh
a leith ágha is
aindlighidh.
19 Cú Chulainn an
chrotha loinn,
ní fríoth do
choisgfeadh comhloinn
colg ná sleagh
acht aongha an fhir
do chaomhna chean
an chúigidh.
20 Ní bhíodh
dearna ar a dath féin
ó threasaibh na
ttriath n-aigmhéil;
ní bhíodh brat
acht corcra ón gcath
ó mhac ochta na
n-Ultach.
21 Mar do
chaomhuin Cú Chulainn
críoch Leamhna a
los deaghfhulaing,
caomhnaidh
síodhaidhe síl Broin
tír a fhíonfhuile
ar fhoghluibh.
22 Meadh do Choin
na gcolg bhfuileach
ar fhoghuil
críoch gcomhuidheach.
deaghshamhuil ar
choimhdhe a gcruidh,
oighre fearamhail
Fiachaidh.
23 Ní fríoth le
Coin an chleasruidh,
ag díon an fhuinn
imriosnuigh,
leath a bhfuair
Féilim Ó Broin
fá éineing dár
fhuaigh d’Ultaibh.
24 Minic do bhí
ar bheagán suain
ar shlios Bearbha
an fhóid fhionnfhuair
is lucht feadhma
dá faire,
a n-ucht bearna
baoghlaighe.
25 Lá ag Sionainn
na sruth n-énach,
áith é ré hucht
mBuiltéarach,
lá im Baoill don
bheithir Bhranach,
feithimh do
thaoibh Thuathalach.
26 Téid go
Laoighis lá oile,
lá go himlibh
Osruighe,
lá fá bhruach
Boguigh Ó Máil,
ní d’fhuath
coguidh do chongmháil.
27 Gach
ainbhreath dá raibhe riamh
ag cách ar
chóigeadh Ghailian,
dá bhreith ’na
n-aghaidh ar-ís
samhail don
bhreith do-bheirdís.
28 Mlaith
do-chuaidh críoch a gcogaidh
síoth d’uaim
d’éis a ndearnodair,
luach a
síodhchána ag síol mBroin,
ríoghchána dhíobh
nách deachaidh.
29 Orra féin
d’éis na heachtra,
mór dá macuibh
oighreachta
im Dhuibhlinn
Cliach mbraonuigh mbinn
’na maoruibh
fiach ag Feilim.
30 Ar mhac
Fiachaidh [feirrde a mheas]
fulang docra ag
díon cairdeas,
Laighnigh gur
líon dá annsa
taibhghidh díol
san docar-sa.
31 Snadhmadh
síothchána síl Bhroin
inghean
Fhiachaidh Í Thuathoil,
áladh nách
deimhin do dhíol,
bádhadh einigh na
n-airdríogh.
32 Minic bhíd
ógbhaidh Almhan
dá searc trá gan
tionnabhradh,
amharc Úna ar a
n-aire,
radharc súla
sochaidhe.
33 Ré linn Úna ní
aghthair,
dá bhfríoth riamh
a Raghnallchaibh,
síon fhuar acht
turadh toirtheach,
an sduagh umhal
urnaightheach.