Poem in printable PDF format
[Mair...]
chungnamh lem chairdibh (Acephalous)
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 34]
1 [Mair...]
chungnamh lem chairdibh
cabhair uaim ní
fhaghann siad;
mór dtaobh a
ngabhad ga ngaoltaibh
caor charad ar
aontail iad.
2 Urusa a aithne
ar m’fhear chogaidh
a gcairdeas nach
cabhair ghann,
gidh cia le
gcarthair na caraid
sia ná an
charthain anaid ann.
3 Tearc agam i
n-am an chunntais
ar chionn an
bháis gidh ard mh’uaill,
dam dhíon acht
combáidh na gcarad;
gníomh folláin ní
fhaghad uaim.
4 Do thaghas mar
chairde croidhe
ar chionn mh’agra
- ní hiúl gann -
dá cheathrar nó a
trí nach tréigeabh
neamhchur dá dtí
an t-éigean ann
5 Dom fhior
cogaidh is cúis faitchis
gidh iomdha im
chionn cunntas doirbh
an dá sheisear re
hucht n-aighnis
sei-sean ’s a
lucht aimhlis oirn.
6 Gidh iomdha
romham bearn baoghail
dom breith suas
ní slighe ghann
- is é an t-iúl
go neamh do nochtadh -
triúr is fear is
ochtar ann.
7 Lucht eadrána
fheirge an áirdríogh,
iúl fíre as a
bhfuil ar ndóigh,
mogall géag nach
cumhang gcabhra,
dá ubhall déag
abhla óir.
8 Do bhraitheas
gur mhogal milis,
mian gach neich
do-chiú ’n-a chnuas,
dá chóigear [’s]
dá chnaoi san chrobhuing
is sgaoi óigfhear
thoghaim thuas.
9 Gidh éigean
dáibh dul dom chumhdach
cóir cungnamh as
lia sa lia;
mór ní dá
neamhthail do-ním-se
trí ceathrair as
dísle ag Dia.
10 Do leanadar
lorg a n-athar,
d’éis a bháis nír
bheag a ngrádh;
mogal cumhra an
dá chnó déag-sa
umhla dhó ná an
tréad-sa i dtám.
11 Ní féadthar
nach fionnfadh mi-se
- minic
fhéachthar í dá boing -
dá chnó dhéag
d’iompuibh na humhla;
fionntair an
ghéag chumhra i gcoill.
12 An fad do
bhádar ’n-a mbeathaidh
briathra an
sgrioptúir do sgag siad
na sé chúpla fa
caoin freagra;
braoin drúchda na
heagna iad.
13 Cúitéaghthar i
n-am ar n-aighnis
- annamh
fhuairsead taom budh theo -
[ón] éinfhear
déag páirte is Peadar
ar bpáirt-ne a
mhéad leagar leo.
14 Ar bhfás tríom
do thoradh m’ainmhian
iomdha fréamh as
a bhfuil géag
a ndul i seilbh
mh’anma d’fholcadh
calma an feidhm
dhá dhoctar dhéag.
15 Ar n-imtheacht
dá n-oide mhúinte
mogal cumhra an
dá chnó dhéag
do líon ceo
[cumhadh] gach duine,
nar [phudhar] leo
uile a n-éag.
16 Ar n-anamhain
uile i n-éintigh
do bh’í a
n-orchra dar ghar glóir
- a dtoirse fa
cumha choimhthe -
soillse ar ndula
i ndoirche dhóibh.
17 Dá bhfuasgladh
as a n-aitreibh iadhta
d’éis a n-athar -
is iúl fíor -
táinig an Spiorad
Naomh neamhdha
ionad saor go
ndearna dhíobh.
18 Táinig gus an
teaghdhais ndúnta
an deachmhadh lá
dá láibh bróin
an Spiorad Naomh
i dtairm theineadh;
saor an snaidhm
fa dheireadh dhóibh.
19 Do fhoillsigh
Dia san dúil teineadh
teangtha an
domhain dóibh ’n-a rioth;
fir sin gan
doghruing a ndéanmha
fir gan fhoghluim
béarla ar bioth.
20 A n-eachtra
nír bh’adhbhar guaise;
grás a n-eagna as
lia sa lia;
an deaghsgol nír
thréad gan teangtha
dá easbol déag
dearbhtha ó Dia.
21 Foillsighthear
dhóibh dul dá dteagasg
na trí ranna - ní
rian gann;
mar bu dú
sgaoileadh an sgrioptúir
aoinfhear rú nír
bh’iontnúidh ann.
22 Do cuireadh
leo fa chuing creidmhe
na ceathra triair
do thogh mé
- gan chairde
budh beirthe a bhuidhe -
ceithre hairde an
chruinne ché.
23 Ní tháinig ar
dteacht dá dturas
- troma a
ndochair ní dáil ghann -
éinfhear dhíobh
gan easgar d’fhagháil
díol na n-easbal
d’anáir ann.
24 Tiomsaighid
timcheall na hóighe
re hucht a báis -
ní beart chlé -
a dá dhalta dhéag
i n-aoinfheacht
’n-a dtréad
sgagtha ó dhraoidheacht Dé
25 A dteagmháil
is-tigh i n-aoinfheacht
d’éis a n-eachtra
ó thír do thír
- ní raibhe
snaidhm as sia ar Mhuire -
gairm ó Dhia ar
gach nduine dhíbh.
26 Ag sin
iomthúsa na hóighe
inghean Iaichim
fa hard nós
dul dí ó ghrás
gus na grásaibh
’s í gan bhás ón
bhás-sain bhós.
27 Ós chionn a
cuirp - cóir a chreideamh -
ní chuala cluas
nír chuir súil
a gclos do cheol
ógh is aingeal
- eol as lór do
dhaingean dúinn.
28 Iarraim ar
éininghin Iaichim
a hucht a gaoil
’n-a ghaol ghar
i n-anáir an dá
fhear déag-sain
seal d’fhagháil
dá déagsain damh.
29 Ar impidhe an
dá fhear déag-sa
do dhíon cáich
tar ceann a locht
do-ní a muime
agus a máthair
ní as uille ná an
bráthair bocht.
30 Seol mo luinge
re hucht n-anfhaid
- iomdha slighe
don tigh thuas -
ná leagadh sé
muna seolfam
Peadar is é ar
seolchrann suas.
31 Uaidhe nó go
bhfaghar fortocht
- fada dhamh i
n-easbhaidh eoil -
ní ghéabha mé an
cuma comha
gidh é tunna ola
Eoin.
32 Go gcuire
Tomás lámh linn-ne
i ló an bháis -
budh [tachar te] -
lámh i dtaobh Dé
mar do dheaghcuir
as ar shaor sé a
dheacair dhe.
33 Parr-thalón
agus Ta-théus
mo thonn fheirge
- ní gníomh gann -
Aindrias muna
chabhra ó chroidhe
tarla an
daighdhias oile ann.
34 Dom shaoradh
ar fheirg, a Íosa,
acht Eoin Bruinne
as bhráthair dhaoibh
ní mhar tréan as
mó go Muire
San Séam nó [a]
dó ar ghoire gaoil.
35 Suibhisgéal is
easbhal orrdhraic
gidh é Matha nar
mhaol sdair
tarla dhó glóir
an dá ghradam
ag só dá chóir
agam air.