firstLine"; ?>

196. Aithris fhreimhe ruanaidh Eoin $
Length: middling 17qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th early
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLS Adv.72/1/37 Bk of Dean of Lismore
Prints:
  1. transl. Watson, SV, 212-17
Motifs:
  1. nobility of patron’s ancestry
  2. reim rioghraidh
  3. Church’s immunity observed
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh (mac Dubhghaill Mhaoil)
Poet Surnames:
  1. MacGriogoir (BK Dean)
Patron Christian Names:
  1. Eoin son of Padraig
Patron Surnames:
  1. MacGriogoir d. 1519
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Aithris fhréimhe ruanaidh Eoin


[Watson, W. J. Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore (Scottish Gaelic Texts Society, Volume 1, Edinburgh 1937), poem 28, p. 212]


A ughdar so Donnchadh Mac Dubhghaill Mhaoil


1 Aithris fhréimhe ruanaidh Eoin

mac Pádraig nár chnead ceallóir;

[...............] ’gá fhine an fhir ann,

[................] a chine do charsam.


2 Tearc aithris a fhine ann

d’uaislibh Gaoidheal ná glanGhall,

focht na fréimhe agá bhfuil

do locht léighthe na leabhar.


3 Barail díleas damh is dáibh

feadh Aird an Easgair Urcháidh

an fhuil ríghdha a gcoimhdhe chóir

i n-oighre gríobhdha Ghriogóir.


4 Mithigh a rádh réd rosg glas,

éistidh, a Eoin, réd sheanchas,

ríomh do fhréimhe - cá meisde? -

ríoghdha séimhe saoirtheisde.


5 Pádraig th’athair aithnid duid;

Maol Coluim athair Phádraig;

mac Eoin Duibh nár dhubh bráighe:

dluigh a chur san chéadáireamh.


6 Eoin eile athair Eoin Duibh,

mac Griogóir mheic Eoin ághmhoir;

cia triar feardha fa féile?

triar Teamhra na troimchléire.


7 Athair an Eoin sin eól neach,

Maol Coluim nár cheil eineach;

mac Donnchaidh Bhig nár bheag réim:

onchoin ar nach dtig taibhéim.


8 Donnchadh eile a athair sin,

mac Giolla Fhaoláin Oirchill,

dá shaorshlait nár dhúr ré dáimh,

mheic Aodha úir ó Urcháidh.


9 Conán na gcuireadh ngábhaidh

athair Aodha Urchádhaigh,

uá Ailpín an gairgmhéin glan,

airdrí na mbailcbhéim mbríoghmhor.


10 So ceathramh tuaras, is tuig,

umad, a oighre Phádraig:

cuimhnigh cairtmhíl fád chéibh dtruim,

úa Ailpín oighre Dubhghaill.


11 Fear ar fhichid is tú a dhíth,

ó Eoin Dubh nach dubh cridhe,

do cheart sheanchas is é soin

go Fearghus mac Earc ághmhoir.


12 Id chineadh nach críon ré fóir

is é a líon do ghabh coróin

dá fhichead agus triúr ríogh:

dlighthear a n-iúl san airdríomh.


13 Trí tuaithir, trí deisir dhóibh

i ndiaidh Mhaoil Choluim Cheannmhóir;

dá chóigear choróin a chín

ó Mhaol Choluim go hAilpín.


14 Ó Ailpín suas is é a mheas

ceithre fir dhéag go Fearghus:

cá líon do sheanchas mar sin?

ríomh go Fearghus is féidir.


15 Iomdha fíonfhuil fád shúil tais

nach áirmheamar ’s nár áirmhis:

dobadh sgíth sgoil dá sgéalaibh,

gach rí fhoil fát fhírréamhaibh.


16 Fuil Artúir fát earla fionn,

maith do chumhdaigh do chuisleann;

fuil Chuinn, fuil Chonaill fád chneas,

dá thuinn toraidh na n-éigeas.


17 Fuil Ghrantach mád ghruaidh mar fhuil,

fuil Néill nimheamhail neartmhoir;

gairgmhín a gcéim is gach greis:

do réim, a airdrí, a n-aithris.