Poem in printable PDF format
Álainn Dún Mhic
Mhuire
[Ó Muirgheasa,
Énrí: Dánta Diadha Uladh, 210-16]
Eoghan Ó
Donnghaile cct.
1 Áluinn Dún Mhic
Mhuire,
dún is gloine
bláth;
bidh aoibhneas
ann is ceól
’s ní fheicfear
brón go bráth.
2 Ní fheicfear
ceann go crom,
tuirse trom nó
cás;
ní fheicfear cúis
nó coir
ar aon neach ann
go bráth.
3 ’Tchífear
aoibhneas, is gach aon
lán de’n aoibh de
ghnáth;
’tchífear in san
dún
soillse nach
múchann smál.
4 ’Tchífear
Árd-Rí neimhe,
breitheamh is
gloine ghéire,
ní fheicfear dúil
is deise
Rí is treise ’s
is tréine.
5 ’Tchífear Íosa
ar A dheas-láimh -
ní mairg
do-chífeadh an t-amharc -
gach anam Aige dá
sgaoileadh
as glasaibh daora
na ndeamhan.
6 An Spiorad
Naomhtha go taithneamhach,
mar ghaethibh
siubhlach’ gréine,
ag
fíor-sgaoileadh go carthannach
grása Ríogh na
spéire.
7 Sluagh na
cathrach gnáth-sholuis
is deacair a
dtuairim d’innsin;
tá milliún de na
míltibh ann,
lán de’n
aoibhneas chinnte.
8 Tá míle aingeal
ainglidhe ann
ag cantain cheóil
go mbinne,
is ag
foillsiughadh do Rígh na glóire
gach maith dá
ndéanann sinne.
9 Tá míle
maighdean mhall-rosgach
nach
samhluigheann gníomha duine,
ar gach taobh dá
phógadh
mar dheallradh an
óir is gloine.
10 Tá míle ógh is
mairtíreach,
fuair san
tsaoghal gach dochar,
lán de’n
aoibhneas taithneamhach
ann go sámh glan
socair.
11 A fhir,
do-bheir an tuarasgbháil
ar shlóightibh
dhúna neimhe,
innis créad dá
ndeárnadh
Pálás Ríogh na
Cruinne.
12 A innsin créad
dá ndeárnadh
Pálás Ríogh na
Cruinne,
níl sin in mo
cheann-sa,
’s ní féidir le
peann a thuireamh.
13 Acht so amháin
adeirim leat
áilne an bheatha
shíorraidhe
gur deise leathad
aon órlaigh de
ná deiseacht go
léir an tsaoghail-se.
14 Tá criostail
ann ar lasadh,
ór glan, dar
leat, is péarlaidh,
’s gach liag
luinneach lán-shoillseach
i láthair ag an
Rígh tréanach.
15 Sa bhrugh
shuthain sholuis-bhláith
is ionann lá agus
oidhche;
ó chorraibh an
bhrogha bháin-ghil
tig deallradh lán
de’n aoibhneas.
16 Gach aoibhneas
ann dá mbeireann ort
ní théid ar gcúl
a choidhche,
acht barr
aoibhneasa nua
gach uair ag
teacht arís ann.
17 Ar
cruthuigheadh ins a’ domhan so
de shíol Ádhmha
is Éabha,
do thuillfeadh i
n-aon tseomra
san dún ghrianach
ghléigeal
18 Ceólta caomha
na cruinne
’s a seinm go
n-uile-chaoine,
is binne ná iad
uile
guth aoin aingil
i n-aonar.
19 A fhir,
do-bheir an tuarasgbháil
ar shlóightibh
dhúna neimhe,
tabhair-se mar an
gcéadna
tuairim ar
phiantaibh Ifrinn.
20 Tuairim ar
phiantaibh Ifrinn,
áit nach
bhfaghthar sochar;
tá galair ann is
gaotha,
pianta daoirse ’s
dochar.
21 Tá teinnte is
teannála ann,
is lasair ghéar
dá gcrádh-san;
is ann atá ’a
ghaoth is fuaire,
gul is truaighe
is gártha.
22 Tá sneachta,
sioc, is síobadh ann,
is diabhail ag
creim a chéile;
tá toit, is teas,
is teinnte
go cinnte
’méadughadh péine.
23 Tá gorta,
íota, ’s ocras,
’s gach uile
ghalar claoidhte;
a’n deoch as
tobar na trócaire
dod’ chomhair ní
léigfidhe choidhche.
24 Is ann tá
seomraí dorcha
dúnta ar shoillse
gréine;
is ann tá méad
gach dochair,
is fós gach
baladh is bréine.
25 Tá gul is
greadadh lámh ann,
cúradh, crádh, is
teine;
domblas aé go
cinnte
an deoch is milse
i n-Ifrionn.
26 Ní cluintear
ceól nó séise,
nó fuaim acht
screada mire;
i n-Ifrionn is
leór do phiantaibh
glór na ndiabhal
ar buile.
27 Féach ar lucht
an díomais
shíos i n-íochtar
Ifrinn,
is iad go bráth
dá gcúradh
ó ghreadadh dlúth
na teineadh.
28 Féach ar lucht
na sainnte,
le milltidhe
daoine bochta,
i n-áit an
tsaidhbhris bhréige
is ortha tá méad
gach dochair.
29 Féach ar lucht
na drúise,
dream do dhiúlt
gach maitheas,
i n-áit na bpóga
is milse
béid go cinnte i
nglasaibh.
30 Féach ar lucht
an lán-chraois
nár ghnáthach
déanamh trosgtha,
gorta, íota, is
amhgar,
is gach ball
díobh dá losgadh.
31 Féach ar lucht
an tnútha,
ag a mbíodh na
dúile malluighth’,
diabhail dhubha
dá sgiúradh,
is teinnte fútha
ar lasadh.
32 Féach ar lucht
na feirge
ag éirghe mar
mhealla teineadh,
och, is adhbhar
uamhain
dá mbuaidhreamh i
lochaibh neimhe.
33 Féach ar lucht
na leisge
d’fhanadh ó
Aifreann Íosa,
diabhail dhubha
dá rúsgadh
le súistibh
reamhra righne.
34 Is olc an
adhbha Ifreann
lán do theinntibh
ádhbhla;
is ann atá an
phian is truime
is ann atá guil
is gártha.
35 Pilleamuid ar
ais arís,
is guidhmid Rí na
ngrása;
le sileadh deor
a’s cromadh glún
fá’r leigean sa
dún is áilne.