firstLine"; ?>

199. Alba gan dion a ndiaigh Ailin $
Length: long 36qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th early
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. Red Bk of Clanranald 17th & 18th c
Prints:
  1. transl. Rel. Celt. ii, 216-25
Motifs:
  1. comparison with all others
  2. poet-patron relationship (caidtreabh)
  3. prowess in war
  4. Nature mourns, infertility & storms
  5. death of patron exposes subjects to attack
  6. poet’s own mourning
  7. inevitability of death
  8. Historical comparisons
Poet Christian Names:
  1. sname only (Red Bk Clanranald)
Poet Surnames:
  1. MacMuireadhaigh
Patron Christian Names:
  1. Ailin (d. 1509)& Raghnall mac Ailin, chiefs
Patron Surnames:
  1. MacDomhnaill of Clann Raghnaill d. 1514
Apologue Subclasses:
  1. Cathbhadh dies of grief [for Cuchulainn!]
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Alba gan díon a ndiaigh Ailín


[A. Macbain and Rev. J. Kennedy (eds), Reliquiae Celticae II (Inverness, 1894), pp. 216-24]


Mac Muiredhuigh cc.


1 Alba gan díon a ndiaigh Ailín

oighreacht Ragnaill na rosg ngorm

mo chor ar n-ég an da fhersoin

crodh da mét nach esbhuidh orm.


2 Laoch ler cothuidhadh clár Monuidh

mac Mairgréide ca mó béd

ni haghur lé díoth budh doilghe

giodh é crioch gach oighre ég.


3 Ailín ler coisnadh clár Fionnghall

fine Cholla fa chnes mín

go tainig bás oighre ó n-Echaidh

nior chás oirne a ndechaidh dhinn.


4 ’Eg Raghnaill as an reimh chétna

cennus Ghaoidheal do ghabh súd

fuair tre ég urruim gac aoinfhir

géig don choilligh fhaoilidh úd.


5 Caoinedh Raghnaill na renn ccorcra

cor mo chroidhe ni céim soirbh

ge be la is lugha da egnach

a-ta a chumha a n-egcruth oirn.


6 Ni ferr fhuilim tar éis Ailin

oighidh Raghnuill ni roinn mhín

cinn ar slóigh ar cconchlann ccuradh

comhthrom bróin do bhunadh bhim.


7 Cumha na deisi dáil chomhthrom

cennach duinn ar dáil a séd

ni damhna d’faigsin a hardmadh

gabhla gaisgidh Alban d’eg.


8 Tásg Raghnaill do rochtain inbhe

d’eis Ailín dob oirdherc nós

do chaith a ré rinn a tesdha

truagh nach sinn do theasda ar tós.


9 Raghnall ar ndul a ndíaigh Ailín

d’ég einfhir ni fhuil mo sbéis

rainig a theisd tar ghniomh Ghaoidheal

ni ceisd diobh aoinfher da éis.


10 Ainbhreath an bháis ni bert chothrom

ar chloinn Colla nar ghabh geis

a ég is a oighre a n-einecht

gég moirne gan leirecht leis.


11 Cantar uaim ret ucht mar eala

a ua Ruaighri na renn ngorm

mo mhuirn réd chois a dhed dhaithgheal

t’ég a-nois da aithfer orm.


12 Do theisd go brách ar cuimhni

conchlann t’einigh ard an clú

t’ég ’na cháraid re hég Ailín

gég nach ráinig taibheim tú.


13 A cheinnbhile chloinne Cobhadh

crioch bur n-aisdir anba an bét

a nderrna sibh urra d’argain

truma na sin d’Albuin t’ég.


14 ’Uir gan ioth a haithle a éga

oighrecht Raghnaill ni roinn mhion

mar táid ar ccroinn chno gan toradh

coill da ló folamh gach fiodh.


15 Tarrla ar an ghréin do ghlais cumhadh

nar chuir blath tre barruibh gég

ángadh na síon ann ga n-iomláoid

griobh barr go n-ionnmaoid a ég.


16 Na áimser fa ghormfhonn Ghaoidheal

nior ghuth gort a ngeall re sín

go fuil da ég as a aithle

gur bhrég muir a tairthe ó thír.


17 Crioch Fhionnghall a n-aimsir Ailín

oirdherc do chách an céim rug

fuair re ré treall da gach taradh

dar leam ni hé an talamh tug.


18 Foisgel agam ar Choin cCuluinn

’sar Chathfadh draoi diochra an lén

a cheinél ni fhuair gach aoinfher

deigheol úaim sgaoileadh asgél.


19 Cu Culann do chairdes Ulltach

ollamh Temhra ar ar thuit brón

an t-ég ar aon ag a sgarrthain

nior fhét gáol Chathfuigh do chlódh.


20 Urchra an éigsi fa Choin Chuluinn

crioch a mbróin ni beg an cheisd

ni cumhan gedh cian o thámruigh (?)

curadh ríamh tarruigh a theisd.


21 Brón Chathfaidh nior chuirthe a n-iongnadh

d’oighedh na Con cnes mar thuinn

mar ta mét treisi mo thoirrsi

d’ég deisi don chlonn-si Chuinn.


22 Toirsi Chathfaidh fa Choin Chuluinn

’ga mhes rer ccor ni ceim tnúith

urchra da gheig fheinneadh Annla

enfher d’ég ni damhna dhuinn.


23 Samhuil an bhroin bhi ar Chathfaidh

crioch na chumhadh ler thuit sinn

teid a chumha tar cheill cumtha

’s ni lugha a bpéin urchra inn.


24 Tar chumha cháigh do chuir Cathfadh

ceim tar gach bróin borb an grádh

ránag mar soin uainn a fhulann

fuair fa Choin Chulann a chrádh.


25 Niorb ferr Cu Chulann do Chathfadh

caidtreabh Raghnaill na rosg ngorm

nar muirn on chloinn-si d’fuil Fhiachadh

do chuir tuirrsi d’fiachabh orm.


26 Cu Chulann nar eitigh iomghuin

eiges Fodla fath gan bhréig

Cathfadh do chuaidh d’ég da orchra

geg mar sduaigh Tholcha nior thréig.


27 Da mesda dhuinn tre dhioth einfhir

ég na deisi doirbh an lén

ni faghthar barr broin ar Chathfadh

am chóir re sgarrthain a sgél.


28 Ni fhuil ’na ndiaigh dermad cumhadh

nar chuimhnigh dhuinn dáil a sét

trom linn a cclaisdin ’ga ccaoinedh

da rinn ghaisgedh Gaoidheal Greg.


29 Cu Chulann feithfeoir na Fodla

feidhm oirrdheirc an uair do mhair

díon a threabh tar chach a ccliathaibh

do ghabh gac tráth d’fiachaibh air.


30 An Cú-sin ag coimhét Alban

Ailín echtach anba an béd

ag díon a hoinigh ’sa hardmhagh

gniomh doiligh d’Alban a ég.


31 Raghnall ar n-ég tar eis athar

aithris na Con ’ga chnes seng

ag coimhét crioch chlair na gColla

ni frith dhaibh orra budh fherr.


32 Eaghnamh Ailín mar Choin cCulainn

cródhacht Raghnuill na ruaig ndíon

barr ar bás gach fhir a oighre

ag sin cás is doilge dhiobh.


33 Mairigh go brach búan a chuimhne

cumha a charad gedh ceim doirbh

d’eg an da fer-sain d’fuil Eimhir

ni chuir easbhadh einfher oirn.


34 Tarras a Raghnuill rinn cumhadh

dod chomann a chnes mar bhláth

crioch ar a clódh nir chuir m’urchra

ni fhuil acht bron cumpta ar chách.


35 Beo blagh a n-aithle gac aoinfhir

a Ailin nar iongaimh ngliaidh

ge fíor t’ég is tu nac tesda

fech do chlú budh-deasda ad dhiaigh.


36 Lión catha na chaidtreabh teghlaigh

timcheall Ailín na n-arm sen

iongnadh e a n-uaigh ina aonar

’s mar fuair se an saoghal re sel.