Poem in printable PDF format
Amhgar bisigh bás
flatha
[Ó Donnchadha, T.
Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 41]
1 Amhgar bisigh
bás flatha;
leis cinntir
crúas míoratha;
mur as leis
laghdaighther bail
leis ardaighthear
gach easbhaidh.
2 Mur dhearbhuid
teadhma is tacha
olc bisigh bás
ríoghfhlatha;
mairg ler
fromhadh frémh da nimh;
lén ’na chomhar
ní cluintir.
3 Le bás flatha,
foirfe an fios,
tig gach lén bhus
lór d’aimhlios,
’na ghrinnfhios
as gnáth sinne,
mhillios cách i
gcoitchinne.
4 Da bhás tarthor
tús gach leóin
is gheines orchra
is éidreóir;
leis tar cert
cinntior gach coir,
’s mhilltior
reacht agus riaghoil.
5 D’imtheacht
flatha do réim ríogh
fásaidh gaoth
gorta is gairbhshíon,
fásaidh ’s gidh
féile i laige
’s fásaidh déine
is dochraide.
6 Tig do bhás
flatha fíre
meath cnúais
dusgadh doirbhshíne;
’s neart i
bhfoghlaibh, gá dás de,
tre bhás
chodhnaigh gach críche.
7 Fásoid fós
adhbhoir osnadh,
neamhghrádh cáigh
’s a gcomhorsan,
ní sgél núidhe um
Bhanbha Bregh,
’s dúile balbha
do bhuaidhreadh.
8 Airde i sreibh,
ísle i n-eathoibh,
annsa cháigh do
chlaoínbhrethoibh;
ró míoratha, i
gcás ná cuir,
ar bhás
ríofhlatha ríomhthair.
9 Rug oirne olc
nárbh annamh,
do dhearbhadh a
ndubhramar,
tásg flatha go
nuaidhe anos,
tacha bhus buaine
bheuros.
10 I sé an
t-ardfhlaith Art Ó Néill,
Mac Seaáin, maith
gan mhímhéinn,
ler dubladh tlás
ar dtreisi,
ughdur na gcás
gcráitesi.
11 Da bhás
tairnic síos re seal
torchur tonn
tairthe coillteadh;
ni fáth rúin
nuaidhneimh na nél,
nó ar
bhuaidhreigh d’úir is d’aiér.
12 Dhe táinic,
truaighe an pudhar,
grian is eusga i
n-eundubhadh;
an tuirrsi ca
taobh nár ghabh,
raon na soillsi
gur siabhradh ?
13 Dhe thiocfus
tásg nach usa;
truagh foirchionn
na foghlasa,
gach aonrath ar
gcúl do chur;
saoghlach an
tnúdh gar dturnamh.
14 Dha dhíth tig,
toisg dob annamh
gniomh, ’na chló
nach gcualamur,
le roinert trén
gan taisi,
lén oireacht is
eaglaisi.
15 Dha dhíoth fós
tig is tiocfa
múchadh aoibhe is
aigionta,
san fhoirmsi um
chaoimhlios ó gCuinn
an toirsi ar
aoibhnios aguinn.
16 Dhe thiocfas,
mur tá ar dteacht
sgrios naomhord,
diochur dillecht,
d’ulc na sgél
tubhadh treabhthach,
lén brughadh is
baintreabhthach.
17 D’ég Airt ba
rioghdha riaghail,
síol tuirrseach
Néill naoighiallaigh
crú ríogh dob
iontnúidh ’sgach echt,
do iompúidh síon
a soibhert.
18 Cumha Airt Í
Néill aniodh
fada théid
truaighe a haisdior,
a mairgnimh dá
seachna sinn
fa cheathra
hairdibh Éirionn.
19 Éire an
amhgair gidh í ann,
teasta a ciall,
cóir nach marann;
túar dubhaidh an
airc rér an
do chumhaidh
Airt, ’s ni hiongnadh.
20 Dá chaogad rí
do ríghibh
is seisior i
seinlínibh,
ionann méin dóibh
is disi,
d’ibh Néill do
fhóir uirrisi.
21 Mur sin nach
iongnadh d’Éirinn
mur tá um ionnua
Úirfheilim;
maith ’na ndeoidh
do dheughfadh dhi
na treoin nach
seunfadh sisi.
22 Saorua Bríain
charroigh chródha,
aodhoire na
honóra,
’sé uainn i Sgire
na sgath,
budh húaill ’na
croidhe a caomhthach.
23 Tumba clach
codhnaigh Line,
do líonadh
m’fhath oirbhire;
lán d’fhéile
d’uaisle agus d’iocht
’s do réidhe an
uaighsi is d’oirbhiort.
24 An mhórdha an
rath an riaghoil
’s onóir shil
Néill Naoighialloigh,
’síad fóm i
n-aonuaigh is Art;
glór nach
daoruaill adubhart.
25 An mhíonla an
mhaisi an mheanma,
an tromdha, an
tlacht tighearna,
an gart gan úaill
gan obadh
le hArt uainn do
hionnlogadh.
26 An diadha an
egna an umhla
an fhoghluim ard
ughdardha,
féch san uaighsi
Airt Í Néill,
’s cairt na
huaisle ’s a hairdréím.
27 Do só an
fhéile ’s an rath ríogh,
do só an mhaith
mhór gan mhaoithghníomh
síos le craoibh
fhonnghloin Uisnigh
san chomhroidh
chaoil chumhoingsin.
28 An cert an
chaoimhe an chonnla,
an mhórdháil an
mhesardha
eite lúidh ’s
tlacht ar dtreisi
le hArt fa úir
mh’ainnisi.
29 Fionchrú
airdríogh Innsi Breagh
’s mórfhuil ríogh
na gcóig gcóigedh,
bláth saorshlat
gan chiaigh sgach cáil
i gcriaidh le
saormhac Seaáin.
30 Rún sáimh gan
chroidhe gcorrach,
dalta tuath is
termonnach,
sén rathbhuaidhe,
riar [na gcean],
Athghuaire cliar
is coinnmheadh.
31 Reulta
fhileadh fhóid na bhFionn,
mac meic Briain
aithchreach Éirionn,
sgáthán cléire
chraoi Logha
do chnaoi an
fhéile i n-aontogha.
32 Díoghruis
einigh aicme Néill,
an rug leis cuid
da chaithréim?
gidh fáth dér do
dhortadh dhi,
íochtar a sgél do
Sgire.
33 Focht arís a
dheimhin di
an bhfuair sí ’s
a fhios aici
samhail an
chuirpsi ’na cill?
tuigsi amhuil a
hintinn.
34 Fionnua Briain
mhóir meic Féidhlim,
creach
shuaithnidh do Sheinéirinn
cian bhus béd
duine ós daoinibh,
ég an ruire
rathfhaoilidh.
35 Creach ar
chreich an t-égsin Airt
lén ar lén, miste
an mhalairt,
díoth coitchionn
go ndáil ndecra,
foirchionn áir na
huaislechta.
36 Cuis
mh’orchra, m’adhbhar tathoimh
fuil ríoghdha
Chuinn Cheudchathaigh,
brat do thalmhuin
más dion dí,
gníomh do
fhalmhaigh an éigsi.
37 D’ég
shaoirmheic Sheáain mheic Bríain,
craobh chnuais do
fhás a húirchriaidh,
terc maoithbhreth
le bronnadh bheas,
aoinchreach
ollamh is éigeas.
38 Fiú ar
thairsiod da chéibh gcaistigh
prímhchliar an
fhuinn Ulaidhsin,
techt ’na
iodhnais nach dóigh dhí
a Róimh ionnmhais
is inmhe.
39 D’ionnmhus
Airt airc na n-ollamh
baoghlach fós go
bhfuaramar,
mó as dodhuing i
gcill a chur,
nar fhill oruinn
’na amhgar. A.mh.g.a.r
40 Seacht
mbliadhna is sechtmhoghad slán,
’s mile is sé céd
go comhlán,
aois mhic Dé ré
n-oidhidh d’Art,
soighein bha ré
san ríoghacht. A.mh.g.a.r.b.i.s.i.gh
41 Íosa Críost da
chaomhna i rath,
Aodh mac Briain,
bráighe Ruarcach,
aigniodh fial nár
aontoigh olc,
mo ríar m’aontoil
is m’annsacht.