firstLine"; ?>

201. An ail libh seanchas Siol gCein $
Length: very long 84qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. O’Hara MS c. 1597 with additions
  2. Book of O’Conor Don 1631
  3. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  4. NLS Adv 72/1/44 17th c ?
  5. Maynooth B8 Heinri O Carraic 1701-8
Prints:
  1. transl. Bk. O’Hara no. ii, TD no. 32
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. imagery to describe patron
  3. nobility of patron’s ancestry
  4. comparison of patron with own family
  5. Inauguration
  6. Kingly Functions:binding men together etc
  7. Symptoms of law & order with just prince
  8. citation of historical precedents
Poet Christian Names:
  1. Tadhg (Dall) (O’Hara MS)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Cormac
Patron Surnames:
  1. O hEaghra
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

An áil libh seanchus síol gCéin


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 32]


1 An áil libh seanchus síol gCéin

go mbearthar iad go héinfhréimh?

ar ghlainchineadh Éibhir Fhinn

caithfidhear déinimh díchill.


2 Nó an áil libh go léigthi as,

an tobar feasa fuaras,

ar choibhneas mhíleadh Mumhan

fírshreabh d’fhoilgheas ealadhan?


3 Geall na druinge as dó tugadh,

an tÉibhear ór fhásadar;

samhail lóchrainn bhrogha Bhreagh

ní robha ar mhórChloinn Mhíleadh.


4 Ní tháinig luach Éibhir Fhinn

idir Easbáin is Éirinn,

d’fhuil ríogh na fine dá bhfuil,

do shíol Bhile ná Bhreóghuin.


5 Leis tángadar go Fiadh­ Fáil

na meicsin Mhíleadh Easbáin;

Clár Té do lingsean tar lear -

a sinsear dob é Éibhear.


6 Ceathrar mac ag Éibhear Fhionn

do ghabh airdcheannas Éirionn;

díol san cheathrarsoin níor chin

do shíol mhearchobhsoidh Mhílidh.


7 Do-chuadar as dá éis sin,

acht Conmhaol mór mhac Éibhir,

gan chloinn d’fhágbháil ’na n-áitibh

don droing ágnáir iomráitigh.


8 Conmhaol mhac Éibhir na n-each,

an céidrí don chath Mhuimhneach

dár téagradh teagh i dTeamhraigh,

fear fár éadmhar ingheanraidh.


9 Triocha ríogh d’éis aroile

atá san réim ríoghroidhe,

ó Chonmhaol go Brian na mbeann,

dá chomhghaol ar fhiadh nÉireann.


10 Dias d’easbhaidh dá fhichead fear

do shliocht Éibhir mheic Míleadh

fa Ráith gcloidhfhinn dtaidhbhsigh dTruim

go haimsir Oilill Óluim.


11 Ó Oilioll mhac Eóghain Mhóir

go hÉibhear na n-arm ndeargóir -

sluagh Breagh na saoirchridheadh séimh -

aoinchineadh dob eadh iaidséin.


12 Sliocht comhramhach Éibhir Fhinn

sgaoilid ainnséin ag Oilill -

ní do mhéadaigh a meadhair -

i dtrí géagaibh geinealaigh.


13 Naoi meic dhéag áirimhthear ann

do chloinn ag Oilill Ólam;

’sní fhuil díbh, dá leanta libh,

acht sleachta trír ré a dtuirimh.


14 Mo chean tárraidh an triar mac,

Eóghan is Cian is Cormac;

trí haithreacha fhear nEamhna,

glainchleatha feadh bhfíneamhna.


15 Sliocht Eóghain nár éimdhidh troid

Clann Charthaigh ’sgach gné i ngabhoid,

mór ann nách inleanta air,

is minshleachta chlann gCarthaigh.


16 Sinsear shíol mBriain theas is tuaidh

Cormac mhac Oilill armruaidh;

clann an éanathar crú Cais,

dan dú féarachadh Forghais.


17 Cian mhac Oilill an fhuilt shlim,

aonmhac dob óige ag Oilill;

geall cháigh is dósan dleaghair,

sósar dar cháir creideamhain.


18 Ní chuala a gcomhmaith do chloinn -

clann Chéin mheic Oilill Óloim;

laoich bhoschorra da bhfiar fiodh,

orsanna gliadh na nGaoidhiol.


19 Seacht meic dhéag­ ag Cian chalma,

’sníor áitigh a athardha

dá chloinn acht aonmhac uile,

saorshlat do choill chumhruidhe.


20 Tadhg mhac Céin nár choigil crodh,

ar shliocht Taidhg atá an ríoghradh

fa Chlár bhféardhomhain na bhFionn,

’sa lán d’éarlomhaibh Éirionn.


21 Is é Tadhg féin fuair i gcath

na trí Luighne ó fhlaith Teamhrach;

’s ní ar ór ’ná ar chomha gcruidh,

acht lógh a fhola d’fhearthuin.


22­ Dá mhac Thaidhg na mbárc mbeannach

Connla is Cormac Gaileangach;

dias ór shíoladar clann Chéin,

dá ríomhogal chrann gceinéil.


23 Is iad clann Chonnla mheic Taidhg

Síol gCearbhuill an chláir mhíonaird -

fiodh tromthoraidh chrann gcorcra -

’sClann Chonchobhair Chianachta.


24 Sluagh Luighne, nár loc iomuidh,

clanna C­ormaic Gaileanguigh;

fir chéimleasga do chóir reann,

éinfhleasga óir na hÉireann.


25 Cormac Gaileangach do gheabh

ó Mhaigh Mharr go Magh dTuireadh;

ó Shliabh Muire go Magh Marr,

do ghabh an uile fhearann.


26 An Cormac céadna do gheabh

ó Loch Laoigh go Loch nOirbsean;­

ó Loch Oirbsean don taoibh thoir

níor thoirnsean go B­aoill mbraonaigh.


27 Aonmhac do chloinn ag Cormac

darbh ainm Laoi na leabharghlac;

an mac dá oirbheart níor an

gur ghlac oighreacht a athar.


28 Dá mhac ag Laoi na lann ngéar,

Nia Corb saorchlannda is Seisgnéan;

géa­ga síodhamhla ón Mháigh mhir,

dá ríodhamhna chláir Chaisil.


29 Aonmhac ag Nia Corb na gcath

darbh ainm Art airsidh Teamhrach;

fiche bliadhain fuair an fear

d’uain ar giallaibh na nGaoidheal.


30 Naoi mbliadhna déag ’na dhiaidh sin

dá mhac ós cionn a chinidh;

rí mar Art Fiodhchuire fionn,

fár iothmhuire ­gart Gailiong.


31 Bliadhain ar fhichid oile

fuair Figheann mhac Fiodhchoire;

do gheabh an tír i dtarla

seal ’na rígh gan fhreasabhra.


32 Ar chrích Luighne ó bhinn go binn

leanais ­Nad Fraoich mhac Fighinn;

dá bhliadhain déag, mar dearair,

riaghail a ghéag ngeinealaigh.


33 Bréanuinn mhac Nad Fraoich na bhfleadh,

’na rígh dar chosmhail creideamh,

lá is bliadhain gan bhéim dá bhrath,

do réir fhiadhain na n-eólach.


34 Fionnbharr mhac Bréanuinn - do bhí

an t-airdeasbog, an t-airdrí -

lór na críocha d’fhiadhain air -

tríocha bliadhain do bhliadhnaibh.


35 Fuair Diarmuid mór mhac Fionnbhairr

críoch Luighne an fhóid oiriordhoinn -

sgoth gach riaghla ré an churadh -

sé bliadhna gan bhaoghlughadh.


36 Fiche bliadhain thuaidh is teas

fuair Ceann Faoladh an flaitheas;

slat sheilbhe an fhíonfhuinn aga,

eighre díoghuinn Diarmada.


37 Tailteach mhac Cinn ­Fhaoladh uair

ríoghacht Luighne an fhóid fhionnfhuair -

ré a theasda i gcianaibh dá chor -

seasga bliadhain gan bhearnodh.


38 Fuair Flaithgheas tréanmhac Tailtigh

seal do Luighne lubhghairtigh

níor chumhgaigh níor aidhbhsigh air -

urdail d’aimsir ré a athair.


39 Níor dúnadh dorus leasa

fa ­Bhéac fialmhac Flaithgheasa;

céad bliadhain ag comhgha cheall

ós fhiadhaibh gorma Gaileang.


40 Saorghus mhac Béic na mbeann n-­óir

ríoghthar le cách i gcéad­­óir;

bliadhain go leith ós Luighne

do chleith mhiadhaigh Mhodhuirne.


41 Do Luighne - is leis dob usa

uair Eaghra mhac Saorghusa

deich mbliadhna don chlar chorcra,

fá lán riaghla is ríoghochta.


42 Tionnsgnais Maghnus mhac Eaghra -

mairg talamh dár thighearna -

sealbha ar na críochaibh do chor

do mhíothoil Eaghra a athor.


­43 Tug a mhallacht do Mhaghnas

Eaghra na n-arm bhfaobharghlas;

níor chaith d’uain acht éanlá ann,

téarná suil fuair an fearann.


44 Céad bliadhain dóibh ’na dheaghaidh,

ar feadh trí nglún ngeinealaigh,

gan ainm ríodhamhna, gan rígh,

ó­ mhaidhm fhíorfhaghla is eissídh.


­45 Gur ghabh Aodh an fhuilt chleachtaigh,

mhac Tailtigh mheic Muircheartaigh,

ceannas slóigh an ghormfhuinn ghlais

mheic Domhnuill mhóir mheic Maghnais.


46 Dá bhliadhain ar fhichid d’Aodh

ós Luighnibh na learg bhfionnchaomh;

’na rígh ciallghlan dár cháir geall,

ag riaghladh cháigh go coitcheann.


47 Conchobhar mhac Aodha arís

ní raibhe a dhreach mar dhoinnghrís -

rí ba neamhthláithe fa nimh -

acht trí leathráithe ar Luighnibh.


48 Más fhíor, ní raibhe a riaghail

ar chrích Luighne acht leithbhliadhain -

Aodhmhac Conchobhair na gcath,

saorshlat tromthoraidh Teamhrach.


49 Trí fichid bliadhain do bhí

Diarmaid mhac Aodha, an t-airdrí,

rí gan mhaothchroidhe ar chionn chreach,

ós cionn laochroidhe Luighneach.


50 Mac Diarmada na nduas dtrom,

rí darbh ainm Art na gCapoll -

ceithre ríbhliadhna clann Chéin

’ga bharr ­shírniamhdha shoil­éir.


51 Fiche bliadhain, druim ar dhruim,

fágbhais Art, athair Dhomhnuill,

ríghe an chláir thaobhghormdhuinn tigh

ar láimh chaomhDhomhnuill Chléirigh.


52 Seaán Mór, an dara mac,

fuair oighreacht Airt gan iomlat -

lór a mhéad do riaghail ríogh -

dhá bhliadhain déag gan dimbríogh.


53 Ocht mbliadhna ar thríochaid tárraidh,

mac Domhnuill shaoir shoghrádhaigh,

rún neamhfhallsa do thuair tol,

an fearannsa fuair Fearghol.


54 Tadhg mhac Fearghail, flaith na sgol,

ar fheadh dá fhichead bliadhon­ -

fonn sámh na seanaibhneadh dte -

ó­s chlár leabhairgheal Luighne.


55 Fuair seision Seaán Buidhe,

mhac Taidhg, triath na ríoghruidhe -

lór a loighead dá ghruaidh ghloin -

oiread a n-uair an t-athair.


56 Fiche bliadhan ós cionn cháigh,

Tomaltach saormhac Seaáin,

’snaoi mbliadhna fa dhó adearar,

cló a riaghla arna réidheag­hadh.


57 Muircheartach, an mac eile,

cóig bhliadhna uair d’airidhe

ag díon Luighne na learg nglan,

ceard budh duilghe do dhéanamh.


58 Síol gCéin do Chormac do chroid

bliadhain teasda do thríochoid,

an tslat oirbheartach fhortail,

mac toirbheartach Tomaltaigh.


59 Níor goireadh do Ruaidhrí rí,

ná do Mhaghnus mhac Ruaidhrí,

gér leó freagra fear Mumhan,

d’eagla a shean do shárughadh.


60 Ocht mbliadhna ’sa cúig ré a chois

gabhais Oilioll mhac Maghnois -

rí fíre gan fhíoch gan fheall -

ríghe na gcríoch go coitcheann.


61 Aoinbhliadhain déag thoir is tiar

ar sheilbh Sheaáin mheic Uilliam,

do shluagh Luighne an chláir chorcra,

buidhne nár dháigh dánochta.


62 Cian mhac Oilill, nár éar dáimh,

níor an re hinnmhe d’fhagháil;

a dtighearna an tann do thuit

n­íor infheadhma clann Chormuic.


63 Reimheas Taidhg mheic Céin chródha,

ceithre bliadhna bláthmhóra;

ré lán fár thairthighe tráigh,

an flaithbhile ó chlár Cholláin.


64 Ocht mbliadhna déag bhós do bhí

ar chumus Chuinn mheic Ruaidhrí,

’san tír ’na aonar ’gon fhior,

acht baoghal díbh ’gá dhéiniomh.


65 Ríoghthar le cách i gcionn trill

Cormac mhac Céin mheic Oilill :

téid ann i n-áitibh a shean

do ráitibh Gall is Gaoidheal.


66 Áitighthear críoch Luighne lais.

idir thuaith uile is eaglais;

tír mhilis na bhfonnbhrat bhfionn

tilis Cormac go coitchionn.


67 Cuiris gach aon ’na áit féin

d’oireachtaibh sleachta saoirChéin;

fógairthear tar ais na huilc,

tógaibhthear lais a longphuirt.


68 Taibhéochaidh cóir a chinidh,

ar chairdibh ar choillidhibh;

oirbheart caithleómhain chrú Céin

do aithbheódhaigh clú a chinéil.


69 Tionóiltear leis a leabhair

do shúr a ghéag ngeinealaigh;

g­ach diamhair dá fhréimh roimhe

iarraidh san réim ríoghroidhe.


70 Seanchairt chíosa chláir Luighne

ar ndul uatha ar éagcuimhne -

g­o­ mbí ’na glanchartaigh gil

athglantair í dá oighribh.


71 Iomdha ceart ar a chrích féin

ag codhnach cloinne ríChéin;

cóir dá ghruaidh nathardha náir

uain na hathardha d’fhagháil.


72 Beag nár rudhraidh sé mar soin -

naoi gcéad ar cheithre bliadhnaibh

atá Luighne fa chloinn Chéin,

na buidhne nár thoill toibhéim.


73 A los catha agus cho­gaidh

fríoth an fearann fuarodair -

beag nách fairbríogh cor ’na gceann -

is do thol airdríogh Éireann.


74 Níor bheag do Chormac do chóir,

dá bhféachdaois cách i gcéadóir,

gach anbhuain dá n-uair impe,

’na sduaigh armruaidh innillte.


75 Maith an chairt ar chrích a shean

a bhfuair d’ulc ó aois naoidhean,

ag dortadh a chrú fa a ceann,

gur nochtadh clú a chéimeann.


76 Críoch Luighne na learg ngairthe

fa bhréid shladach sháraighthe -

tar ceann gach cogaidh dár chuir -

gur thogaibh ceann dá cabhair.


77 Atá sí ó sin i le

’na héanchlár shuaimhneach shíthe;

gan ghoimh, gan fholaidh, gan fhíoch,

gan toil d’fholaidh ná d’eisíoth.


78 Do leasaigh an lámh do luit

críoch Luighne re linn Chormuic;

t­ír í dá dtéarnó a teimheal,

sí i n-éanló do háitigheadh.


79 Ní tháinig ó Thadhg mhac Céin

go mac Úna dá fhírfhréimh -

clú a shean ón ghasraidh do ghlac -

fear budh casmhail re Cormac.


80 Do bhádar i gceas cumhadh

síol gCéin, mar do chualubhar,

gur fhás an bile ó Thigh Thá­­il,

do-bhir dá fhine a n-anáil.


81 Is dá tochmharc tús ratha,

mac Céin d’adhbhar ardfhlatha,

fuair an chéidchéile do char

i n-uair éidtréine d’iomchar.


82 Máire inghean Mhaoil Mhuire

gnúis ríoghdha, rún gheanmnuidhe;

bean ós mhnáibh braonbhrogha Breagh,

aonrogha cháigh dá chineadh.


83 Tarla do Chormac mhac Céin,

dá measdar í in gach aoinchéim -

ar dtogha na fréimhe ó bhfoil -

rogha chéile do charthoin.


84 A bhfuil roimpe suas dá sliocht,

atá an chlú aca i n-eighriocht,

sealbh na heighriochta is dáigh dhi

tar mnáibh seinshleachta Suibhni.