Poem in printable PDF format
An beó
dh’éinneoch don fhuil ríogh?
[Ó Donnchadha, T.
Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 44]
1 An beó
dh’éinneoch don fhuil ríogh
dh’éis ar bhean
d’ulc is d’fhairbríogh
don chreachthóir
go gcuing n-irsi
seachnóin an
fhuinn Fheidhlimsi?
2 Don fhuil ríogh
bhós ’na beathoidh
an bhfuil, dh’éis
gach inneachoidh,
suas, don
ghasraidh i bhfód Fáil,
óg ná arsaidh ar
admháil?
3 Nó, an
bhfuighthi fós le a ríomh
glór dhaonna
d’fhuil na n-airdríogh
tar éis áir na
bhfial bhfosoidh
amháin fán fhiadh
Eamhnasoin?
4 Don fhuil ríogh
ar ré soillsi
dh’éis tuitim ga
tabhaighsi
an smúaintir
duine don druing
do shuidhe ós
cnuaistreibh Chriomhthuinn?
5 An bhfríoth ag
fáidh nó ag fisidh
mur iongnadh ga
innisin
neach dhíobh do
thoidheacht i dteann,
roishliocht na
ríogh do ráidhseam?
6 “An drong
chéadna ar gcnú chroidhe
an gcuala, a fhir
m’ionmhuine,
neach d’ibh
Néill, eachd dob usa,
do theachd i
gcéim chádhusa?
7 Neach don
druingsi adeirim ribh
an bhfuair tú i
laoi nó i litir,
’s cách i
gcróilidhibh ’na gheall,
ré mbráth
d’fhóiridhin Éireann?
8 Nochtoidh
dhamhsa ar Dhia a dhuine,
id mhéin má tá
trócuire,
fuighleach áir um
lios Lughaidh
íar sgrios cháigh
an gcualabhuir?
9 Nó an saoíle a
theacht nó a thoidheacht
laoch mhúchfus ar
moghsoineacht?
a fhir chumtha
reacoidh rinn,
deacoir ar
n-urchra d’aichill.
10 Dealroidh
grian i ndiaidh dubhaidh;
tig saoírsi i
ndiaidh docamhuil;
sgaoil uaibh ar
aba th’einigh,
úainn ga fada
fóireidhin?
11 Laoch d’íbh
Néill do theacht i dteann,
gnáth turadh i
ndeoidh díleann,
nocht fa rún
aimsir t’fhissi,
faillsigh dhúnn a
dhuinesi.”
12 Silltear orm
lem fhear comhráidh;
labhraidh go
féigh foculnáir
dar liom go
fíorfhraochdha a bhfrioch
riom gur
mhíolaochdha ar meisnioch.
13 “An saoilti,
d’aibhle an uabhair,
nár fhéch Críost
don chathshlúaghfhuil
dream
shlúaghabaidh chaithmhe cruidh,
d’aithle a
n-uaradair d’urbhuidh?
14 Do bhen tusa,
truagh do dhíol,
do shúil
d’fhiortuibh an airdríogh;
tré fhad d’ibh
Cuinn gan chabhair
lag an chuing do
chlechtabhoir.
15 Do ní Dia gach
dáil ’na ham,
do ní beó marbh
nach marann
do fhéch ar
threibh Néill náraidh,
beir ar céill, a
chompánaigh.
16 Do chuir chuca
go nua anoss
eunluibh íce as
fherr fhoghnos,
le ar chuir sé
leighes a lot,
gibé cheiles ’na
Chormac.
17 Nach bhfaicthí
- slán gach samhail -
Cormac mac Airt
ánradhaigh,
gnúis chathurlamh
go gclú ngill,
anú ag
athfhoghnamh d’Éirinn?
18 Gein bhisigh
go mbúaidh gcomhruic
leanfus lorg an
Chédchormuic,
cneas gnéishlim
gheubhos re a guth,
bheurus Éirinn a
héagruth.
19 Béuruidh anum
san fhuil ríogh,
ní ba cás a
n-uair d’fhairbríogh;
ar mórthuir re
maidhm deacra
órfuidh ainm na
húaisleachta.
20 Béuraidh arís
’na riocht féin
beusa sena síol
Saoirnéill,
dóigh asluigh
cléire ’s cille,
’s lasfuidh féile
is fírinne.
21 Meudóbhaidh
sén is sonus
fuaigeóraidh an
faltanus
biaidh gnaoi tré
bheithir Bhanna
ar caoi fheithimh
eatorra.
22 Tuatha is
eagluis is oirecht
deileóbhuidh re a
ndeóroidhecht;
cosg daoirsi do
dháimh deóradh;
a saoirsi cáigh
cúiteóbhar.
23 Beurthurí bhós
le ar mbrághuid ghill,
ua breathghlan
Briain mic Feidhlim,
maith ’na tráth
cabhoir ’na gcion,
cách a samhoil
nach saoiltior.
24 Maighre
léidmheach Locha Laoigh,
troigh re teann,
ucht re hanaoibh,
éigne ó
bhuinshreibh Bóinne Breagh,
tuillmhidh glóire
na nGaoidheal.
25 Cormac Ó
Néill, nert gan fhíoch,
cladh tórann re
teann gcoigcríoch,
fer deighbheart
sgach gníomh le a ngeabh,
díol ar
eighreacht a aithreadh.
26 Ar shén ’sgach
dáil mur dherbhus,
maith tuilles a
thighernus,
ar chosg duaidh
is doirbhniort cen,
ar bhuaidh
oirbhiort is airrdhean.” A.n.b.e.ó