Poem in printable PDF format
An choiscéim-se i
gceann Laighneach
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 61]
Eochaidh Ó
hEoghusa
1 An coiscéim-si
a gceann Laighneach
do shúr aoibhe is
umhailbhreath.
do mhian
céimneaghaidh ’na gceann
tré fhiadh
réidhleabhair Raoileann.
2 Go Laighnibh
d’iarruidh innmhe
in toisg lér
thriall Aithirne,
nárab í ar
n-eachtra ón taobh thall,
ar n-eachtra
ar-aon ní hionann
3 Ó dhúthaigh Con
na ceardcha
teacht go
Laighnibh láimhdhearga
do ghruadh
Aithirne dob oil,
gér thuar
raithinmhe a rochtain.
4 An tráth-sain,
[gá ttámuid ris?]
tug imdheargadh
is aithis
do mhnáibh na
Laighneach go léir;
dom dháigh dob
ainbhreath eiséin.
5 Mar nach fuair
trá toil na mban
fá theacht leis a
n-iath Uladh.
tré mhéin
díomsaigh mur nár dhligh
do théigh
gríosghoil ’na ngruaidhibh.
6 A n-aontumha ré
hathaidh
Sadhbh inghean
Chuinn Chédchathaigh;
do bhí sí sealadh
mur soin,
do bhí a dearadh
’na duasuibh.
7 Tug móid ré
heitioch éinfhir
in mhóid díomsach
dhíchéillidh
dí do tréigeadh a
togha
do léigeadh í a
n-aontomha.
8 Téid Maicniadh
mórmhac Luighdheach
dá súr tar toil
triathMhuimhneach
a hiarMhumhain
seal iar sin
go
grianbhrughaibh fhear nUisnigh.
9 Mac Luighdheach
na laoidheang ndubh,
ar Cholm
Chédchathach Cruachan
Sadhbh iar soin
do sireadh lais,
toil nár
dligheadh gan díoghruis.
10 “As a teisd do
tréigeadh í
gus an uair-si”
ar in t-airdrí;
“fachain ualladh
í d’fhagháil,
sí dob uamhan
d’iongabháil.”
11 Do gheall trá
ná tiogfadh neach
aniar uaithe fá
eiteach;
rug ó Thulaigh Dá
Thí thoir
don Mhumhain í ar
an eacht-soin.
12 Níor eitigh
Sadbh neach fá nimh
ré linn Maicniadh
múir Chaisil;
níor chosain
neamhghnaoi im Chró gCuirc,
níor ghó don
deaghmhnaoi a ndubhairt.
13 A gcló na
céadmhná do-chuaidh
inghion
Fhiachaidh an athuair
san Bhanbha
bhraontana bhinn
damhna a
haontamha aithnim.
14 Mar inghein
airdríogh Eithne
ag súr fhir a
huaisleighthe
sí a n-aontumha
thoir ré treall
a Moigh raontana
Raoileann.
15 Do thabhairt
neith dá gach neach,
fear mur
Mhaicniadh mac Luighdheach
d’uaislibh Cláir
linnghil Logha
budh cáir
d’inghin Fhiachadha.
16 Méin
dearlaicthioch duas n-iomdha
rugadh lé a ló a
geineamhna;
ní flaith cumhang
as cóir dhí,
ní dóigh fulang a
féile.
17 Giodh eadh ní
hadhbhar uamhuin
buain uimpe ar
aoi a mórualaigh,
gnáth an ana ’na
haimsir,
bláth na fala
Fiachaidh-sin.
18 Cathbhaidh agá
chluinsin súd,
d’éigsibh Uladh
fán am-úd
tug comhairle dár
chóir toil;
ag fóir Modhairne
méaroidh.
19 “Molta do na
mnáibh a-muigh,
a éigsi
Cuailnge,” ar Cathbhaidh,
“a ndéanaimh ós
daoibh dlighthir,
déanaidh gan aoir
aindlighthigh.”
20 Ó chrích Uladh
an fheóir ghloin
tánag ar theagusc
Cathbhaidh.
lé rithlearg do
thaoibh toile
go craoibh
ithlearg Almhoine.
21 Tánag ar
theagusc in druadh
go Róis na
bhfuighleadh bhfionnfhuar
tar Bóinn
mbraoindeirg fán ngéis ngloin
le gaoidheilg
d’éis a hóroidh.
22 Mall in tráth
tánag a-nall
dá bhfuil liom go
Róis romham;
ní fhuil aonrann
gan fhighe,
claonbharr lé
bhfoil fáisdine.
23 Nár in tráth
tánag lém laoidh,
éigsi cáich dá
dreich ndonnchaoin
do ghnáithbhés
mar is díor dhí,
ag sníomh a
bhfáithghrés bhfoirfe.
24 Rann uaigneach
ní fhuil am laoidh,
atáid uile ó aois
macaoimh,
sgoth na
n-ollamhan as fhearr.
ag commoladh a
céimeann.
25 Coill adhmolta
Innsi Floinn
do caitheadh lé
Róis romhoinn;
ní bhí nuadhán
feasda ag fior
go fuarán teasda
Tailtion.
26 Tréigthear
bean as a beith fial,
laoithe cumhra
cóig ndoirbhchliar
ag dol ina
ndíormuibh dhí;
col ag ríoghruidh
don Róis-si.
27 Searc dhí
féin, fuath dá féile
ag uaislibh síl
saoirChréidhe
gidh mór bhfear
ar tí a togha
sí ré headh a
n-aontomha.
28 A grádh ’s a
heagla re headh
atá ag
buaidhreadh mac Míleadh
glór gach
deighfhir thiar is toir
riar a heinigh ní
fhéadtoir.
29 ’Na cuid-si do
chrích Conla
d’éigsibh sénta
síothghorma
lán do shíor gach
buinne bliocht
’s díol a truime
do thoirbhiort.
30 Blas meala ar
mhogluibh foghmhuir,
díol ’nar dháil
do dhonnchormuibh
gan aon fá
dhiomdhaidh ag dol,
craobh ré [a]
n-iongnaibh do íocfadh.
31 Fuair sisi do
dhruim ar dháil,
a clú ar éigsibh
dob eadráin;
a gcédghoimh dhí
gér dhocar,
do bhrégnuigh sí
an seanfhocal.
32 Tug in toice a
treimhsi dhi,
deoch a huarán na
héigsi
bean a
hionnshamhla níor ibh
ar feadh
fhionnadhbha Uisnigh.
33 Dáiltior ar a
dreich n-iodhain
deoch mholta ón
taoibh thuaidheamhain,
deoch a-niar dá
nuadháil dí
a grian fhuaráin
na héigsi.
34 Lucht
adhmholta Innsi Fáil
dá luadh ó Bhuais
go bionnMháigh
’s ó Mháigh go
Bóinn sribhghil soir
mar is cóir
d’inghin Fhiachaidh.
35 Inghean
Fhiachaidh Í Thuathail
nár chuir dlaoi
ar dhonnchuachaibh
an bhé
ghruadhchrcra ó ghurt Breagh
lucht luachmholta
dá laoidheadh.
36 Róis
toirbheartach nár thréig saoidh,
tánag ’na dáil
lém dhuanlaoidh
ó Mhoigh Cabha ón
chrú Néill-si;
budh mana clú in
coiscéim-si.