firstLine"; ?>

207. An Cian ceadna i gConnachtoibh $
Length: long 32qq
Certainty: 4
Period:
  1. 16th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. O’Hara MS c. 1597 with additions
  2. NLI G 97 M. Og O Longain 1812-23
  3. RIA 72 (3/B/14) trscr. < O’Hara MS1826
Prints:
  1. transl. (Bk O’Hara no. 1a)
Motifs:
  1. patron ‘aithghin’ of illustrious ancestor
  2. patron’s irresistible attractions for women
  3. patron’s liberality to poets
  4. Patron’s prowess in battle
  5. war with the Foreigners
  6. imagery for kingship
  7. fertility in reign of just prince
  8. Kingly Functions:binding men together etc
  9. tribute (cios, cain)
Poet Christian Names:
  1. Tadhg (Og mac Maolmhuire) (O’Hara MS)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Cian (mac Oiliolla)
Patron Surnames:
  1. O hEadhra
Apologue Subclasses:
  1. Luighne taken by Cian son of OilillOlum
Meter Vars:
  1. Casbhairdne
Poem:

Poem in printable PDF format

An Cian céadna i gConnachtaibh


[McKenna, L.: The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 1a]


1 An Cian céadna a gConnachtoibh

iath Énna as dá iongantoibh;

fuair sé chéill do Chonnachtoibh

nach réidh é gan iomarcoigh.


2 Re madh Mumhan dealoighthir

do chor chomha ar coimhighthibh;

go dtug tal d’iath anaithnidh

Cian nír an dá oilithribh.


3 Ní lór géill a ngeimhleachoibh

[as] sróll ar mbéin bhairrleathoidh,

guais ghliadh as mhó ar Mhuimhneachoibh

dó gach a n-iarr dh’ainbhreathoibh.


4 Díon Luighne ar láimh énduine,

coimhdhe cháigh ’s an aonfhaire;

táin d’fhoirinn at n-óraidhe

ar mhac Oilill d’aodhaire.


5 Togbhoidh dhiaigh ós Dhanaroibh

a fhoghoil riamh roirighin;

feidhm síth ar fiadh bhFearadhaigh

ó Chian mar chrích gcoimhidhigh.


6 Bés a-nos do nuadhúisigh,

sgol bhudh réidh ón ríobhéssoin,

cora chlú le ríodhuasoibh;

crú Modha as dá míobhésoibh.


7 Bean táidhe tug bharamhla

cáinte is dá lucht leanamhna;

fuair bean ar Chian comharrdha

nach biadh gan fhear n-ealadhna.


8 Iul seilge fhóid fhindÉmhir

go bhfóir neimhnigh neamhpághaigh;

lucht suirghe ghliadh nGalldúnoidh,

fian Luighne as dá leannánaibh.


9 Sé ag banfháidh dá bhreithniughadh

gur fhéil d’fhagháil athchomhadh,

lá in Chairn a gcéill cuirfidhear,

a fhéil re hainm d’athrughadh.


10 Síol Eadhra ó Fhleisg luaithfheasoigh

go treibh tTeamhra dtriathfhosaidh

fuair chomhoidh chláir ríoChaisil;

molaidh fáidh na fiachasoin.


11 Brath ar cheanoibh camhára

fada ó cheangal gcuimhshíodha

líon gliadh oighir Onóra

cliar dhoilidh ma doidhíola.


12 Laoith ón ádh gan fhuarughadh

re bhfríth ráidhte ríghfhiliodh

cóig comha rú ag réidhioghudh

crú Modha gur mínigheadh.


13 Mór nduas dob áil d’fhileadhaibh

dáil chuach as dhá chomhadhuibh;

cáit a bhfuair chléir gcomhadhaigh

gruaidh Chéin ó do chomhaghoin,


14 Sé ’n-a rún do roghrádhuigh

d’éis ar dhiult do dhaighríoghaibh;

fuair sí ós cian a coimhliamhain

mian má do bhí ag bainríoghain.


15 Gnáithbheart Gall ní fhuileonga

- ní ráidhte um cheann gcomhóla -

crann coimhdhe cláir sheinEamhna

as gháibh oighre Onóra.


16 D’foilt i mbhur uair ainnriaghla,

an cháin fhuair dob innríoghdha;

sgaoiltear glais ghéill armórrdha,

a chéim as dob inríoghna.


17 Tug tú chuim hóiridhibh

clú gun dáimh ’n-a dháileamhain

créad sin don dáimh dhéighdhionuigh

riamh do dháimh ar dháileabhair.


18 Ó do éintigh mar theachtaire

a gcéin ciodh nach creidfidhe,

séd suirghe chuain Chorcaighe

uaibh ar Luighne leigfidhe.


19 Comha dho thaobh tárobhair

bhfoghoil in rian fhuarfhoghail;

críoch fhaghloidh ’n-a héandoighir

amhluigh fríth a bhfuarabhuir


20 Cídhtear ag mac a roimhianna

mianna sin nach soishníomha;

beag mhaoidhi, a mhic Onóra,

aoidhe dheit ma doidhíola


21 Críoch Éimhir gá humhla,

roth lead chéidfhear comhanma;

maith an cor fhir ealadhna

do dhol ad thigh thogharma.


22 Rún daoibh do bhríogh bhantoile

le mnaoi ríogh do reacfaidhe;

searc mná créd nach creidfidhe?

séad a-tá mar theachtaire.


23 Folchadh feadha fírmheasa

sreabha a tolchoibh taobhghlasa;

díol luaigh re fear bhfiabhrusa

gach sreabh bhan Muaidh maorrdhusa


24 Sreabh go ngruadhoibh gormfhochoin,

ealta ag suan le seanmghothaibh,

grian re crodh ag coimhreathoigh

fa Shliabh nGamh go ngealshrothaibh.


25 An léim budh tuar tromchomhadh

le néll nuaidhe neimhcheileadh;

triall Céin go Ceand seanChorudh

gearr gomadh léim lingfidhear.


26 Adhnoidh a fhíoch dh’anfholtoibh

críoch fhaghloidh go n-adhantair,

síodh ar chomha comhobthair;

síol Modha as dá malartoibh.


27 Fir gan fhéaghoin d’ainndligheadh

do-bhir échta ag iomdhughadh;

téid cóir ríogh a rudhrughadh

gan díol ó fhóir fhiondMhumhan.


28 Geall leis ó fhéin fhionnUladh,

teisd í Chéin ar gclannughadh;

fuair clú Céin a shamhmoladh

re gcrú Néill a-nallamhan.


29 Táin sgiath uaidh gan órchraobha

an t-iath ó bhfuair príomhchána;

fóir Luighne a n-ucht fhuarthrágha

ní lucht suirghe síodhchána.


30 Go teacht dar gcrích Connaichtni

a líon eachtra indilte,

géill dá chéile ceangoilte,

d’fhéin Fhéile dhob imirce.


31 Bean ó mhian ag mochloighe

le Cian ceadh nach carfuidhe,

fríoth fear lé ar a leanfaidhe,

a-ndé as bean don bhanchuire.


32 Lá an ádha nírbh inshíodha,

cána cáich dá gcoimhshéna,

fearg throm oighir Onóra;

tond do fhoiligh oiléana.