firstLine"; ?>

209. An cumhall ceadna ag cloinn Eoghain $
Length: long 36qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 475 (24/P/25) L. Cl. Suibhne 16th c.
Motifs:
  1. envoi to wife, Grainne dau of MacSuibhne
  2. irresistible attractions for women
  3. poet’s privileges, king’s elbow at banquet
  4. hospitality to poets 100 imagery: ‘giall’
  5. patron above being endangered by satire
  6. prowess in war
  7. mercenaries?
  8. spartan life of warriors
  9. fertility in reign of true king
  10. Historical Comparison
  11. importation of wine in ships
Poet Christian Names:
  1. Padraig (RIA 475)
Poet Surnames:
  1. O Gnimh
Patron Christian Names:
  1. Domhnall
Patron Surnames:
  1. MacSuibhne (fl. 1570-d.1619)
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format



An comhall céadna ag cloinn Eoghain

[RIA 475 (24/P/25) (= Leabhar Chlainne Suibhne), 80v, p. 154]

Pádraig Ó Gnimh cecinit

[Séadna, Dán Díreach]


1 An cumhall cédna ag cloinn Eóghain

úaithne an ghaisgidh as [s]é súd

coin tsheilge re cách nac céillidh

ar sgáth meirgi an éinfhir úd.

2 Leantur leó da meirgi máothsroill

na Mic Shuibhne o sheanreacht sgol

mergedha sénta shil tShuibhne

do bríogh échta a nduilge ag dol.

3 Mac Suibhne a ndeabaidh nir diongbadh

ni dóigh troda d’áoinfer é

gan troimríar Domhnaill (?) d’fhíagh Fhuinidh

a ngrían comhlainn (?) suighidh sé.

4 Sgís nar mithidh le Mac Suibhne

ar suidhe dó a ndeghaidh cen

snadhmtur tegh ar fhoghail úaidhe

sleagh a n-aghaidh tuaighe in tegh.

5 Mac Suibhne re ccách a cclíathaibh

ar cor ngliadh ni gabhann geis

dob fhiu an ainmne fhuair a n-égen

tarrngi a ttúaigh nar legead[h] leis.

6 Do shíol Conaill is crand fosgaidh (?)

feidhm a túaighi a treas gac lá

Mac Suibhne mur tá sa tendta [81r]

is lá suirge meallta mná.

7 As fiú a ndáilend da gac deóraidh

dul ar ccúl nac iarrann uadh

cred an fáth fa n-anann áoidhe

gnath tagall in táoibi túad.

8 Le fertaibh féile do fóiredh

ferg na n-áoidhedh da gach taila

suil ar an túaigh ag dáimh dhoiligh

do-chuaid[h] do tráigh oinigh air.

9 Sgís ar Domhnall a ndíaigh fhoghla

narb iongnadh dó suidhi ar sléib[h] (?)

beirid[h] gac fer uaidh a fhogha

an tegh súain a rabha a-ré[i]r.

10 Téd [leg. Tig?] da n-uamhan fa iath Uladh

nac antur ru tiar no toir

a tríath féine ag blagadh bruighne

omhan fréimhe Suibhni sin.

11 Do serc Domhnaill ’gun ord áoidhedh

gac fer díobh mar giall a nglas

ni aghaid rompa acht Ráth Máolain

ni gnath tochta ar aondaim as.

12 Mac Suibhne nir aomh a éra

gerb ainbret re iarraidh é

cor riogh da uille don fhilid[h]

ar suidhe um fhíon siridh sé.

13 Ted [leg. Tig?] dót uaman a n-am éigin

bur n-éra a Domhnaill nar dóigh

do chuaid[h] (?) a séna d’fhíagh Oiligh

riar h’éra ge doiligh dóibh.

14 Do laghdaigh toil ríogh ag ríoghain

do ró serci tríthi ar tocht

do gabh at aigidh tre inntleacht

bean do airigh imteacht ort.

15 Ted fad maoinibh a Mic Suibhne

mur sin leo berther do búaigh

an í sin an cliar o cianaibh

do-geibh ríar gan iarraidh úaibh.

16 Dob fhiu an ainbreth o fhuil Eogain

gac aon tarrsa seacnaidh síad

dligid[h] cliar ar fein a aibhter [leg. aithbher?]

’na bfhiagh fen nar haithnedh íad.

17 Dod cuartaibh mionca a Mic Suibhne

shiobhlach ar fhéin teas is tuaigh

da mad[h] beg ni fhuidhe fhoghlaidh

cead suighe ’na adhbaidh uaibh.

18 Ted a Domhnaill d’úamhan fhoghla

iath biodhbad[h] gac tráth fad toil

a luach nir ibh d’fhíon an cobhlaigh

an diol do-beir fhoghlaidh air.

19 Ni gabhann sé a cl\ (?) ar comhtaibh

gan cor gliad[h] (?) orta nirb ail

mur tig a ferg ar fhedh n-ádha

nior gab na searg cána cáic.

20 Tuillidh Domhnall bladh nar bernadh

tar bronnadh cáigh do-chuaid[h]

gan fer a dáilti um fhíagh Uladh

riar cáinti far umhal é.

21 Nir gabh a éra a n-am éigin

a ferg fhedhma an úair do las

an t-ath fa aoinfer na tuaighi

sgaoileadh ar các úaidhe as.

22 Dáil na sleig[h]i on Coin-sin Cuailgne

cosmail ris an nós do-ní

ge nach dleghar dail na túaighi

berar le dáimh úaidhe í.

23 Tigid fa mergi Mic Suibhne

síol Conaill a-niar ’s a-noir

tós do cách a mberna benaidh

is [g?]náth ealba a ndegaidh doim.

24 Ben riogh a n-iolreacht[aibh] iomda

d’fheghain[?] Domhnaill s(h)ínigh sí

re nóin an láoi ar lenmuin oighi

dealbaidh ’na mnáoi oili í.

25 Clesa móirfhedhma Mic Suibhne

sa[ith?] d’einfer do-chuaid[h] ’na cló

ni beim sin ar fhoghluim fheinnedh

toil Domnaill do denamh dó.

26 Fidhbad[h] cnúais go mbí ’na bachlaibh

do briogh radhairc a ruisc cuirr

ród riogh a bFhánaid nach bfhaghair

tanuig do briogh toraidh truim.

27 Do mínigh muir fa Mac Suibhne

gac sriobh fáoi a ngemheal (?) gan glór

ni teid sin tar glúinibh gési

goil fan tshúiligh d’éisi a hól.

28 Ni beg d’aithne deghgniomh Domhnaill

gach dúil balbh go mbí ’ga brath

nach bí a Fánaid acht tragh tana

tánuig do clád mara a-mach.

29 A bhfaghann remhe ar ath n-éigin

gan aoinfher diobh nac bí a mbroid

fer da shleag[h] is earraidh úaine

meallaidh fear na túaighi a ttroid.

30 Ni ar a laimh da mbeth gan bronnadh

na bidh sé ’ga airemh air

ge tarrla ar an mbrat búaigh suirgi

ni búan ag Mac Suibhni sin.

31 Da ceolaibh (?) súain ar fedh foghla

fuaim sriobh as glanfhuighi gell

do leig uille ar an tuaigh tana

luidhe suain a rabha a-rer.

32 A mbí ’na aghaid d’fhuil Eoghain

ni héidir leó a beim do búain

d’aiceacht Domhnuill ag crú cráoidhi

clu comhlainn na táoibhe thuaidh.

33 Do bí do tes deabhta ar Domhnall

re dáilemh cúach n-óir nar an

tar éis cen ár cclodh da ógaibh

fledh da hól a brogaibh ban.x

34 Minic bíos tar íathaibh oile

san eing tíre a ttéid gac sgol

fa ingin malla M[e]ic Suibhni

damha a [n]gleic ’s a ndoilgi ag dol.

35 Ben darb eól a clú do cosnamh

fa crích Cobhtaig[h] sínigh sé

cend sgoile ’na giall ag Gráinne

riar oile gac laimhe lé.

36 Beth a n-aghaid iuil na bfhiledh

le fer a hiomtha nirb áil

ni heider labhra ar gniomh Grainne

da tarrla diol daimhe a ndán. An cu...