Poem in printable PDF format
A bhráighe a-tá i
dtor London
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 63]
Eoghan Ruadh Mac
an Bhaird
1 A bhráighe tá i
dtor London,
a ua Chonaill
chaomhGhulbon,
do gheimhil-se is
lór do léan
ar shlógh
seinInse Saimhéar.
2 I ndiaidh ar
gcarad do chaill
a-nois, a Néill Í
Domhnaill,
[is é an] bann
dar mbreith ar gcúl;
níor am dod
bheith i mbríosún.
3 Ní tu-sa
a-mháin, a mheic Cuinn,
don chur-sa i
láimh i Lonnuinn;
sliocht bhar
n-iarnaigh ar fhóir mBreagh
do iarnaigh
ghlóir na nGaoidheal.
4 An feadh nach
fuil ar do thol
iomdha ó Bhóinn
go Beinn Gulbon
i ndaoirsine
’ma-raon ruibh
gan shaoirsine ag
aon d’Ultaibh.
5 A-táid eidir
thuaith is chill,
eidir fhuil aird
is ísill,
ag roinn bhar
rodhochair ruibh
boill comhothair
dod chneadhaibh.
6 Na mná, na
boicht, na brughaidh,
na huird is na
hollumhain,
gach mac robhras,
gach rinn áigh,
id chomhghlas, a
chinn Cruacháin.
7 Ionann ualach,
ionann cneadh,
ionann cóir
dhaoibh is dóibh-sean,
ionann innreamh,
ionann ceas,
ionann imneadh is
áineas.
8 Do ghabháil, a
ghéag Eanaigh,
- lór do ghlas ar
Ghaoidhealaibh,
cách uile i láimh
as do los -
ní le duine
a-bháin bheanas.
9 Dóchas
laochradh Leithe Cuinn
gaisgeadh curadh
chlann gConuill,
a-táid, a Néill
Ghairbh, id ghlas
a n-ainm, a
gcéim, a gceannas.
10 An glas re
fada i bhfuil sibh
ní glas é ar Rígh
an ríchidh
do bhreith as
dámadh é a dheoin
dá gach ghlas ós
sé as seighleoir.
11 Ós sé
seighleoir gach geimhle
Rí nimhe ar
gceann coimeirghe
do dhruim do
ghiallchuibhrigh guidh,
a
thriathbhuidhnigh Fhuinn Fhiachuidh.
12 Le guidhe Meic
Dé na ndúl
mór mbráighe do
bhí i mbríosún
romhaibh do
saortha mar sain
ar modhaibh
naomhtha a-nall-ain.
13 Do bhí - ní
cúis as ceilte -
neach róibh fa
rígh Éighipte
nar tharbha an
chóir ar a chúl
go ndamhna bróin
i mbríosún.
14 An chúis do
cuireadh ’n-a leith
ar n-a dealbhadh
i ndíchleith
- ní chuala an rí
an failcheas fill -
do bhí i
n-aincheas a hinnill.
15 An Patri-arca
Ios-éabh
ar ar chum
méirdreach mísgéal
dar leathnaigh
gnaoi Dé na ndúl
is é do bhaoi san
bhríosún.
16 Le toil Athar
na n-uile
táinig dá thaom
trócaire
an rí ar gcromadh
ar an gcoir
sí ar ’n-a lomadh
dá láthair.
17 An rí Forann
mar fhuair fhios
nach dearnadh air
acht aimhleas
do saoradh é as a
haithle
is é i mbaoghal
básaighthe.
18 Ní hé amháin
gur saoradh sin
rí Éighipt trá ar
n-a thuigsin
ar feadh a thíre
do thogh
’n-a fhear ríghe
do riaghladh.
19 Ar gclos do
[neamhghair], a Néill,
mar so ar aithris
an fhíréin
a-tá ar ndóigh a
Dia na ndúl
nach a-mháin nach
bia i mbríosún;
20 Acht go
gcuimhneocha an choróin
duit a-rís le
ro-onóir
gach a bhfuair
sibh ar a son
is gach buaidh
libh dar leanadh.
21 Ar an bhfáth
fa bhfuile i nglas
acht go gcroma
Cing Séamas
ná meas nach
saorfaidhe sibh
’s ar leas
fraochmhuighe Fuinidh.
22 Súil Banbha
red bheith a-muigh,
a mheic
Cuinnmheic an Chalbhaigh,
ag cur
beochroidhe i gcloinn Cuinn
’s ag buing
eolchoire oruinn.
23 Do thoil
aonMheic Dé na ndúl
biaidh trá, a
thriath Seandún,
do dhaoirsine rú
’ga roinn
’n-a saoirsine ag
crú Chonuill.
24 Rí nimhe, a
Néill Í Domhnaill,
ad-chluin
th’osnaidh n-éagcomhlainn,
ad-chí ar gcruth,
do-chí bhar snaidhm,
a ghuth go dtí
fan dtoghairm.
25 Dóchas cháich
ar chanas rut;
nár léige Dia a
dul seachat
an tsúil chabhra
ad-chualaidh mé
ag sluaghaibh
Banbha, a bhráighe. A bhráighe
26 Mó an príosún
fós i n-a bhfuil
inghean ríogh
fhréimhe Dálaigh
a bhfuilnge ag
crádh a cridhe
doilghe dál a
daoirsine.
27 Dá mbeith nach
biadh do dhochar
do chách uile it
iarnochadh
acht an brón i
n-a mbí soin
do budh mór an ní
a-nall-oin.
28 Ní hionann
tuirrse is tuirrse,
ní grádh grádh
’n-a focair-se,
ní himneadh as
doghrainn dí
inghean Í
Domhnaill Daoile.
29 Fa sgaoileadh
Néill is Neachtain
muna bheith sunn
saoileachtain
do bhiadh an brón
mar nach fuil,
ní bhiadh clódh
ar cumhaidh.
30 Nár tháire -
ná táire mé -
Aodh Ó Domhnaill
i ndaoirse;
nár chluineam i
láimh re a linn
ar bhfuigheall
áir dá fhoirinn.