Poem in printable PDF format
An deimhin a-nos
teacht don tairrngire?
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 4]
A Seaán Mór Ó
Clumháin cct
1 [An] deimhin
a-nos teacht don tairrngire?
neart ainbhfine
ó’d-clos ar choillMhidhe
Gaoidhil go
seanshruth mbraonach mBreaghmhuighe;
ar meanmuine ar
aonach Teamhrach toinnghile.
2 Uaisle
Gaoidheal gan rígh dá roileagadh
aoinfhear
d’oireagar dhíbh nír dhligheadar;
cur ris, a Dhé,
do b’ard an anobar
gur thoghadar é i
mbalg fhis ’s nír ibheadar.
3 Gluaisis mac
Ruaidhrí an ruathair iolbhuadhaigh
sluaighrí
fionnLuaraigh go Cruachain gcomhdhálaigh;
forfhógra Thaidhg
i mBreaghmhuigh bhailbhéanaigh
[failmhéaghaidh]
gach aird go Teamhraigh dtromdhámhaigh
ón tSionuinn
bhreacdhuinn uaine eidhnéanaigh
teinnghéabhaidh
go seanTuinn dTuaidhe dtormánaigh.
4 Luaidhe gach
mhúir Ghallda tré ghoirmtheinidh
roinnfidhir dúin
uaine arda d’orchoraibh;
clocha aoil an
mhachaire millfidhir
le cathaidhe
bhfinnchinidh chaoimh Conchobhair.
5 Ar gcosg a
fhaghla dá fholt mar dhoinnchiaraigh
le
troimchliaraibh Banbha a-nocht do neamhchruadhaigh;
fonn gach
dheaghshlóigh i nÉirinn ilcheolaigh
timcheolaidh go
seanBhóinn ngléibhinn ngealchuanaigh.
6 Oirrdhearc
ríodhamhna Cruachan coillghile,
cloidhbhile
míonabhla ónab uathadh ainbhfine,
mac meic Cathail
as umhal n-orluidhe,
comhluighe re
cathaibh Mumhan maighrighe
cuirfidh fa
Lusmhagh lá crannghaile;
dursan a
amhghaire a-tá an tairrngire.
7 Saoirfhear a
ndeas ó Chodhal chláirleabhar
dar báinghealadh
toradh is meas míonMhumhan;
dearg ór
bhflaithne gach call craobhroigheal
tairthe
caomhdhroighean gcam ar gcíordhubhadh.
8 Crodh re a ré
mar bhloigh don Bhórumha;
gné an órumha ar
na cnoibh d’ua caomhMogha;
bláth an toraidh
’n-a thrilsibh nuaigheala
do mhilsigh
fuairshreabha an chalaidh chraobhshona;
geamhar ó lár ag
tacmhuing tréinfheadha
slatchuill
ghléigheala mar budh lán laoghfhola.
9 Bláth gach
chuill um iarnóin fhionndualaigh
do
fhionnfhuaraigh thuinn ngrianmhóir ngailléanaigh;
braon meala is
drúchta ’n-a nduinndeoraibh
cuinneobhaidh
lúbtha taobh feadha fainnfhéaraigh;
na slata um
Bhúill ó chnoibh ’n-a gcamánaibh
tré shúil
mallshádhail Uí Bhroin dá mbairrfhéaghain.
10 Meas ag snighe
san mBaoill mbalbhchuipghil
barrthuitfidh le
taoibh gach bhile bhuinnchleachtaigh;
bláth gach
chroinn dóibh mar bu donnchorcair
comhchorcraidh do
chloinn mhóir Mhuircheartaigh.
11 Fearthain
mheala re slataibh snuadhchaola
i nglacaibh
nuachlaona an fheadha órchuanna,
luach oile
snadhma na síothchána,
mallbha
chíochlána thuath mhoighe mórThuama.
12 Tobar lomlán
tré bháidh a bhogcroidhe;
go horlár
corcaighe is náir [don] neirtbhile
ó Thadhg síos
gach neach dá neartmhuire
cleath
breacmhuighe mar bhíos ard ós eitrighe.
13 Lasfuidh néall
ós Mhidhe mhaoithghleannaigh,
ní tréan ar
naoimhcheallaibh bile braonChumair,
fa a thuathaibh
do iadh ’n-a fhéithleannaigh
gur léircheangail
a-niar go Cruachain gcraobhchollaigh.
14 Tadhgh mhac
Ruaidhrí ar sírbhile séimhidhe,
mínshlighe
chéillidhe ar sluaighrí sídheine,
mac Í
Chonchobhair ghuirt Gáiridhe
dáimhfhile Cuilt
tromhthoraidh ar dtíreine;
ní hé an Lia Fáil
as fháidh dar n-aodhaire
’s ní haonduine é
acht Dia óir is é ar bhfáidh fíreine. In deimhin.