Poem in printable PDF format
An é súd an
Críost céadna
[Mhág Craith,
Cuthbert: Dán na mBráthar Mionúr I, Dublin, 1967, poem
19]
San Froinsias:
Aithghin Chríost
Eoghan Ruadh Mac
an Bhaird cct
1 An é súd an
Críost cédna
sa bhreith do
mhaoidh móirÉlla?
an é coimsigh na
cruinne,
toimsigh, nó an
cré a chosmuile?
2 No, an
do-chualabhair cheana?
tugadh na trí
haisgeadha;
do sgé a fhearta
i n-iomdhoidh daimh,
ionbhuidh a
theachta ar talmhuin.
3 An é an
tÍosagán umhal,
tar bhar gceann,
do chualabhar,
ar son a rothoile
roinn,
i modh chrochaire
i gcalainn?
4 An é ar-ís
aonMhac Muire,
táinig i gcorp
cholluidhe?
mar do-chí
athrachadh ann:
ar tí an
t-athchrochadh d’fhulang.
5 Slánuightheoir
shíol Ádhaimh uill
nach táinig
cheana chuguinn?
créd asa mbiadh,
uair eile,
i dtruaill
chriadh ar céilidhe?
6 Tar gach
contabhairt dar chanas,
ná a ndéiniom air
dh’amharas,
ní chuala mé - gá
dám dhó -
gan a rádh gur
bh’é Íosa.
7 Ar an adhbhar
nach uighthe
síghne fíre ar
bhfuasgloighthe
acht a-mháin, tar
gach n-aon, air -
ná ar fháidh, ná
ar naomh dá naomhuibh.
8 Ná ar mhairtír
ná ar óigh n-umhuil
ná ar abstol dá
abstoluibh
ná ar Mhuire
féin, gidh í ann -
gé nach mur bhéim
dí a-dearam.
9 An taisbéanadh
tugadh d’Eoin,
suibhisgél, oide
an fhíreoil,
beanfaidh sé as
amharas inn:
daghsholas é dom
inntinn.
10 Ag éirghe ón
oirthior a-le,
tarfás d’Eoin
aingeal eile,
go bhfioghair
Uain Dé na ndúl
uaidh mar do sgé
an sgrioptúr.
11 Ciall an
tárfais - tarla so
re dteacht
Bonaven-túra -
an naomh go
bhfuair as a fréimh,
fa cruaidh ar
gach aon eiséin.
12 Is é an
cédaingeal Críost cáidh;
Proinsias,
íomháigh ar íomháigh
an dara haingiol
ionmhuin,
is daingion dá
dhéisgiobluibh.
13 Gion gur b’é
an tÍosa roimhe,
níor chruthaigh
ar chosmhuile
as comhghoire
do-chuaidh dhó,
i dtruaill
tolmhuidhe ó theasdó.
14 Ar bheith
umhal, ar bheith bocht,
ar bheith ar
talmhuin troghnocht,
ar annsa na
ndaoine dhó
ar aoine, ar
almsa, ar annró.
15 Ar chrochadh
’na cholla criaidh,
ar fhulang docra
is dímhiaidh -
do chuibhrigh ó
chridhe a chorp
re Coimdhe nimhe
ar naomhthacht.
16 Gidh iad
créuchta na gcroidhe
- ós dá chur a
gcosmhuile -
na comhartha gur
léir leis
le tolumhla a
gcéill chuiris.
17 Fear a ualaigh
do roinn Ris;
ar Mhac Dé is
fhoigsi d’aithris;
bráthair nár
chlaon ris an gcorp;
naomh do
bhláthaigh an bhochtacht.
18 Sdiúr
arthraigh eagoilse Dé;
leighios teadhma,
a fear fínné;
a maruidhe, a
buanna barr;
guala a hanoire
dh’fhulang.
19 Leighios
loingbhrisde a loingsi;
fear feithmhe a
mbearn mbaoghuil-si;
grís nár bharr an
creidiomh cóir;
beigsheadh nár
cham san chanóin.
20 Drithle i
gcoguil an chreidimh;
bos re bél
eithrigidh;
cúl re millsi is
re meadhuir;
glún na hirrsi
d’oileamhuin.
21 Na cúig
créuchta ad-chualaidh sibh
ní léughthar, sul
fhuair oidhidh
acht cuid do ló,
ar Mhac Muire,
an tslat ón mó
míorbhuile.
22 Créachta a
maca samhla sin,
dá bhliadhain sul
fhuair oidhidh,
Proinsias, naomh,
an bráthair bocht,
go ghnáthaigh -
daor an daonacht.
23 Ionmhuin
deochain a-déabhart
do bhí ar Críost
ag cúirtéuracht
nár chall an uain
budh-eachto
nó go bhfuair am
éisdeachta.
24 Ionmhuin beirt
chúirte do chleacht
a-tá dá éis i
n-oighreacht
gun droing do
lean a lorg soin,
ord do threabh fa
choing crábhoidh.
25 Beirt
shearbhfhoghanta dhil Dé -
mo-chean don
lucht san leibhré;
an chlí fa
chosuibh do chuir
an tí ar thosuigh
do thionsgain.
26 Beirt is
tlachtmhuire taise;
beirt don mhaise
míomhaise;
ní thig sí acht
lé séideadh gráidh;
a bréideadh is í
a hanáir.
27 Arna ngairm ó
Dhia na ndúl,
mór mhac ríogh
budh fearr fortún
do thréig
sróilbhearta ar a son,
a n-óirleaptha, a
méid meanman.
28 Don bheirt-sin
na mbráthar mbocht,
lá an bháis ar
dteacht ón dubhlocht
go bhfaghar coim
’na coim the,
go rabhar ag
roinn réise.
29 Ar umhlacht
ina n-uair sbéis,
ar na créuchta
fuair Froinséis
- críoch ar
canadh is [s]é sin -
go bhfaghar síoth
Dé dhúiligh.
30 Ar leanmhuin
loirg Mheic Mhuire,
re Críost ar a
chosmhuile,
faghadh fa
dheoidh díolghadh dhamh,
ag díorghadh an
eoil d’Eoghan.
31 Ón té a-tá, do
bhí agus bhias,
gion gur fiu mé,
faghadh Phroinsias
mo chorp do
chaitheamh rem choir
’s maitheamh ar
n-olc dar n-anmoin.
32 A chara
abstoil mh’anma,
do chuir ar
Críost comhardha,
dom char ar
chonair na ngrás,
do chobhair tar,
a Thomás!
33 Muire, máthair
an leanaibh,
faghadh dhamh ón
Dúileamhuin
go bhfearar déur
’na déir ghuil,
go mbeanar fréimh
mo pheacuidh.
34 A thobar ó
dtig gach grás,
a choimdhe do-chí
ar rochás,
nam léig taobh re
ham oile,
nam saor thall le
trócaire. AN É SÚD 7 C.