firstLine"; ?>

214. An gcluine me a mhacaoimh mna $
Length: short 10qq
Certainty: 5
Period:
  1. 17th early
Classes:
  1. Love
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
  2. RIA 6 (23/I/40) c. 1700 Co. Offaly
Prints:
  1. text (O’Rahilly DG no. 39)
Motifs:
  1. jealousy
  2. The pains of love
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

An gcluine mé, a mhacaoimh mná?


[Tomás Ó Rathile: Dánta Grádha no. 39]


1 An gcluine mé, a mhacaoimh mná?

cuir do chomhrádh ar athlá;

a fholt géagglan buidhe búidh,

duine éadmhar ní hionrúin.


2 Léig dod chomhrádh, seachain sinn,

an go fóill, féach id thimchill;

sguir dhín, ná tarr dár dtadhall,

bídh am ag an uraghall.


3 Beag an fáth fá bhfaghthar guth,

seachain tú! ná tuill t’ionnlach;

im aice ná suidh mar soin, -

an bhfaice a bhfuil dár bhféachain?


4 Druid siar! ná suidh im fharradh;

atáid cách, ad-chualamar,

a chiabh nocht na bhfoighéag bhfionn,

i gcoimhéad ort ós íseall.


5 Ní fhuil ar breith dhuit ná dhamh

[a Mhuire! is mór an t-amhghar]

gidh beag, cor do láimhe im láimh;

mo náire a dhol dod dhíoghbháil.


6 Ó nách bhfuil dod dhreich dhealbaigh

cead suirghe ná sibheanraidh,

truagh, agus Ére ar h’aghaidh,

an céle rer cheanglabhair.


7 Mise gach laoi id leanmhain,

tusa gan chead gceileabhraidh;

a chúl druimneach do mhill mé,

sinn i gcuibhreach re chéle.


8 Fada liom, ní lugha lat,

gan cead uraghaill agat;

a fholt fiar ina bhfoil fad,

ní bhiam mar soin acht sealad.


9 Congaibh bhós do bhéal ’na thocht,

gearr, thrá, go bhfuigheam furtacht;

ó taoi i láimh ná labhair linn,

anaidh mar tháidh id thoirrchim.


10 Re feadh an laoi ná labhair;

bí go banda banamhail;

fuilngidh in bhar dtost is-tigh,

cuibhrigh do rosg a-réigin.