firstLine"; ?>

218. An ngeabhtha a Dhonnchaidh mo dhan $
Length: short 13qq
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. RIA15-24(23/M/25-34)E.O Caoimh1684-
  2. Jesuit Archives, Leeson St I.L. 1 1759
  3. RIA 257 (23/G/24) M.Og OLongain 1795-
  4. RIA 253 (F/iv/2) M. Og O Longain 1813
  5. Mayn M 2 M. Og O Longain 1818 Cork
Motifs:
  1. envoi to archangel Michael
  2. patron’s feasts
  3. imagery for poets (goldminers)
  4. patron’s liberality to poets
  5. decay of poetry
  6. prophecy of kingship
  7. female occupations (sewing)
Poet Christian Names:
  1. sname only (I.L. 1, RIA 257)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh (Fionn)
Patron Christian Names:
  1. Donnchadh
Patron Surnames:
  1. O Briain Earl of Thomond (?d. 1624)
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

An ngeabhthá, a Dhonnchaidh, mo dhán


[Ní Úrdail, Meidhbhín: ‘A poem addressed to Donnchadh Ó Briain, fourth earl of Thomond’, Cín Chille Cúile: texts, saints and places, essays in honour of Pádraig Ó Riain, ed. J. Carey, M. Herbert and K. Murray (Aberystwyth, 2004), 193-207]


1 An ngeabhthá, a Dhonnchaidh, mo dhán?

a chomthaig an leamhthá a luadh?

do charamar crú na mBrian,

tú riamh as deaghurradh duan.


2 Mar tá i n-aimsir, a ghnúis gheal,

foillsigh dhúin tar chách do chion;

ná gabh uaidhe acht ord do shean,

lean a lorg go nuaidhe a-niogh.


3 Ar gceird-ne dá cora ar gcúl,

ré feadh nach feirrde do luadh;

tuig a óigfhir teacht rér dtréan,

féagh reacht gacha cóigidh cruadh.


4 Ná bí a urraidh Tolcha an Trír,

a Dhonnchaidh ad chomthach cháigh;

a-tá i n-oighreacht fhola Briain,

sgola i ndiaidh toirbheart ó dTáil.


5 Cuir a fhios chugainn go cóir,

ná fulaing ar gcion fá chiaigh;

an seolfaidhir sinn fó thuaidh,

a chinn tsluaigh bheochroidhigh Bhriain?


6 Fóir ar ar gceird-ne, a chruth nuadh,

an éigse arna cur fá cheo;

ná feithidh dá ríribh rú,

sínidh bhur gclú, a bheithir bheo.


7 Tearc focal ré bhfuil ar súil,

ná cuir locadh ar do láimh;

ní bhfuair file fiadhach cóir,

acht mianach óir thighe Táil.


8 Iomdha um airdrígh fhine Bhriain,

file fairbrígh agus fáidh,

is lucht síthsheang n-earraidh óir,

fa rícheann tslóigh teallaigh Táil.


9 Gnáth um iarla Innse an Laoigh,

mná ag binnreic a mbriathar gciúin,

’s cuirn fhíneamhna go ham suain,

ré huaim sídhsheanma gcrann gciúil.


10 Sgath churadh um chrú na mBrian,

ar dtús go tulaigh na sluagh;

coimhthe i dtoirméigean a dtréan,

goirméideadh géar foirbhthe fuar.


11 Mná ag congbháil a n-uamann n-óir,

nach luadhann acht comhrádh ciúin;

dul go teagh mbanntrachta Ó mBriain,

ní ciaigh alltachta ar fhear n-iúil.


12 Ní faghthar i n-aoinfheacht uaim,

san laoidh-se a chodhnaigh an Chláir,

teist tairngeartaidh Tighe an Trír,

righe shíl dtairbheartaigh dTáil.


13 Maor mh’anma is [is] treise thall,

seise mo chabhra ós mo chionn,

an daingean is uaisle ann,

rann uaimse don aingeal fhionn.