Poem in printable PDF format
An sgitheach tú,
a mhacaoimh mná?
[Tomás Ó Rathile:
Dánta Grádha no. 70]
1 An sgitheach
tú, a mhacaoimh mná?
nó an lór libh an
líon teastá
tred chéibh
ródghloin bhfíthe bhfinn
d’ógbhaidh gach
críche i gcoitchinn?
2 Dá mbadh tarbha
a n-agra ort,
lot fear ná
buaidhreadh bantracht,
mór do dhíth
oirir Eórpa
red throighthibh
síth [sáir]leónta.
3 Ní fhuil
d’áille it aghaidh sheing,
ní fhuil
d’fhoistine it intinn,
a ghruaidh úr
ghealghairthe ghlan,
acht súr
meadhraighthe meanman.
4 Tríbh do rad, a
rún miochair,
troid do na trí
haitheachaibh,
bas tlachtbhán fa
corcra i gcath,
daltán ochta na
nUlltach.
5 Nó is tríbh
tugadh [trom an choill]
bearradh geóin ar
Choin gCulainn
ris an gcuraidh,
re Coin Raoi,
isan Mhumhain
ghloin ghéagnaoi.
6 Mac Dáire i
ndíol a mhasla
ciorrbhas an Cú
éachtach-sa;
lot an churadh a
crígh Bhreagh
a chumhal is díbh
dlighthear.
7 Nó is tríbh
tángadar tiogh laoch,
gasradh Ghréag na
ngreagh neambaoth,
do thimhneadh
teaghlaigh na Traoi,
a fhinngheal
gheanmnaidh ghlórnaoi.