firstLine"; ?>

221. An sluagh sidhe seo i nEamhain? $
Length: very long 53qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 1076 (24/P/33) L. Cl. Aodha B. 1680
  2. Sir Con O’Neill’s MS (Eigse xiii) c. 1681
  3. TCD 1288 (H.1.14) A. O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LCAB no. viii
Motifs:
  1. description of armour and weapons
  2. hosting (sluaigheadh)
  3. Foreign conquest of Ireland
  4. citation of historical precedents
  5. references to siodh
  6. puns q. 7
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (TCD 1288)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach (Luineach)
Patron Surnames:
  1. O Neill (d. 1595)
Apologue Subclasses:
  1. Battle of Moytura: Lugh frees Irl. from Balor
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

An sluagh sídhe so i nEamhuin?


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 8]

1 An sluagh sidhe so i nEamhuin

do-chiú lán do lúithghreadhaibh?

is lán sciath is derg ndatha

gach lerg fa iath Fhionnmhacha.


2 Muna bheith síad a síodhoibh

a bhfaicer ann d’airdríoghaibh,

cáit i mbiadh síódhshluagh mur soin,

niamh a líoghruadh mur lasair?


3 Ór ar dhornnchlaibh a ndonnbhrat,

ór ar chiomhsaibh corcarbhrat,

óghaindre ag feughain na bhfer,

órfhailghe ar méraibh míleadh.


4 Lasaidh da snúadh magh Macha;

sréin bhreaca bholg n-órdhatha,

loinnear smóil ndata ndoinnshlegh,

slata sróil a séghuinnghreadh.


5 Lór do niamhadh fhóid Eamhna

snuadh reullann rosg loinnerdha,

is dath a gcraoibhearladh gcam,

’s caoindealradh a gclach gcathbharr.


6 An í an mhacraidh shaor shíodha

so na gcathbharr gcloichlíoghtha

ar dtecht a hEamhoin Abhloigh?

serc don fhedhoin órarmoigh.


7 Dar lat, gidh siodhmhacraidh sin,

ní sluagh sídhe acht ar fhaicsin;

an damhroidh go snuadh síodha,

sluagh adhnaidh an eissíodha.


8 Is í an laochraidh láin ndealraidh

síol gCuinn timchioll Toirrdhealbhaigh;

snuadh síthe orthaibh uile

onchoin críche Conuire.


9 Fál tuagh um chodhnach ua gCuinn

sáithfid curaidh chlann nDomhnuill;

lán do chróchshnúadh clár Macha

ón fhál órthúagh ionchatha.


10 Is iad so na sgéith sgeanmdha

le líontar magh Míneamhna

éirghe amach móradhbha Ír,

cath órarmtha as gach éintír.


11 I gceann ríogh fhréimhe hEoghain

tig go hEamhuin ilcheolaigh

rí an Chathánshlóigh dar chóir cion

’na gcathfhálbhróin mhóir mhíleadh.


12 Tig chuige do chloinn nDomhnuill,

cia an cath as fherr ionchomhluinn,

cath loinnearlann ón tír thoir,

mín doinndernonn ré ndornnchloibh.


13 Buidhean eile go hEamhain

niamh na gcaor da gcoirrshleghuibh,

caor shóigh ó chláirthrían Conghoil,

bláithniamh n-óir da n-eacharghroidh.


14 Is iad so sliocht Bhriain Bhallaigh

fraoch glíadh ara ngormlannuibh,

trían curadh tíad in gach tír,

gidh umhal iad don airdrígh.


15 Tig chuige ó Bhennoibh Boirche

ealbha neimhneach nemhfhoirfe

lucht urluidhe i n-am feadhma

clann Rudhraidhe an ríghealbha.


16 Do-chíd chuca ar chóir fhoghla

i dtimchiol Méig Mhathghamhna,

goirmniamh a snúadh dha sleghaibh,

slúagh Oirghiall ar fhéinfhedhaibh.


17 Ríoghradh sgíath bhreac na mbrollach

tig chuige an cath Raghallach,

grís téighthe gruadh dha ngormgháibh

sluagh ón mBréifne mbuabhallbháin.


18 An bhuidhean neimhneachsa aníar

lasfaidh Eamhuin da n-óirniamh,

folchaidh croinn Mhanach an magh,

glanchath do chloinn na gColladh.


19 Cath inillte ag techt adtúaidh

’na gcaoir gconfadhaigh gcaomhshlúaigh,

crú fial Chonuill is iad soin

trian chrobhuing iad re hUlltaibh.


20 Ag so láimh re Loch Feabhuil

tuilledh slóigh go Sidheamhuin,

ón rinnsi Málann san mhuir

’só bhánfhonn Innsi hEoghuin.


21 Críoch a sinnser i nglas gall

ciall cruinnighthe na Saorchlann;

cuimhneach le triath a dtionóil

cuibhreach ar iath Eiriomhóin.


22 Mur so do dhíon Bhanbha Breagh

táinig Lugh is í i n-éigean,

go macraidh snuadhoirdhreic sídh

mbratghlain mbuadhbhuillbhreic mbaismhín.


23 Do bhí bruid ’na bruid romhóir

an uairsi ar iath Eiriomhóin,

’ga breith le Balar ua Néid,

breth nár lamhadh a leithéid.


24 Fiacha Bhalair nír bhreith chóir;

uinge d’ór ar gach aontsróin

dó, nó an tsrón do bhuain da bun

an t-ór an uair nach n-aghbhadh.


25 Ar gcloinsin na gcomhthadh dtrom,

lá catha le cath Lochlonn,

fer fraochmhur re fedh dtroda,

do-gheabh Laochlugh Lámhfhoda.


26 Fear sgél ní thearno dha thoigh

do shluagh Bhalair ’na bheathoigh,

suil ligther d’arm lámh Logha,

nár mharbh d’ágh a n-iomghona.


27 Gér dhecair turnamh a dteinn

ní thugsad iarraidh dh’Éirinn,

fine mhór Sheanfhomhra ó shin,

slógh dob fhearamhla ar fhaicsin.


28 Cosmhuil ag cosnamh Banbha

ar fhoghlaibh fher n-allmhurdha,

re Lugh mac Céin ar chridhe,

mac Néill muna neimhnighe.


29 Do bhiadh muna bheith Ó Néill

ag díon Éirionn ar oilbhéim

gach srón dá thruime treisi

dhá uinge óir uirresi.


30 Fríoth dhó dha dheisi catha

réir aigenta an ardfhlatha,

do dhol ar son chláir Chobhthoigh

do chor áir ar allmhurchoibh.


31 Gabhaidh seabhac síol Lughach

léine dherg eang n-iubhalach,

ó a mbí a ghuin ar cleith san chath

da beith ’s an fhuil ar eundath.


32 Tig chuige d’uaisli an earraidh

bert chos dh’éis a hoircheangail,

tre nach bhfaic súil lés an laoi,

clúimh arna grés le gallmhnaoi.


33 Cuirther le rígh mhúir Macha

i n-oirchill an ardfhlatha,

troigh shálchruinn le móid mílidh

i mbróig mbláthchuirr mbéillínigh.


34 Dá spor iall chaol do choimhleag

ar mhuin na mbróg mbláthaibheg,

ó a mbí i n-ágh each ar eitil

mur bheath a lán lúitheitigh.


35 Gabhaidh seaca ar snuadh donnchaor

lán leomhan lán corcarchraobh

gun ealbhaidh néll dealraidh dhíobh

go ndealbhaibh én is óirghríobh.


36 Go rígh fhréimhe Tuathuil tig

lúireach lonn ar lí n-airgid;

móide as dóigh í a háilne

lí an óir ar a húrmháille.


37 Dúntar órsgabal uichtshlim

mun rígh re héill n-airgidchinn,

nach dtéid rúadhghráinne chinn chuirr

’na chruadhmháille shlim shéghuinn.


38 Suidhighther ar sén catha

ar thaobh tiormfhóid Fhionnmhacha,

lann thana i dtruailleabaidh sheing,

mana a huaimeguir d’Éirinn.


39 Sínter láimh re loinn dírigh,

guaillidhi an chuilg chaoíllínigh,

sgian bheultana da ngráin gon

do bháidh cédfadha curadh.


40 Ag iomchur na n-arm nuaidhe

do sheabhac cláir Craobhruaidhe

crios cennbhúcla caor ndealraidh

deghdhúnta um thaobh Toirdhealbhaigh.


41 Um cheann ríogh fhréimhe Luighdheach

gabhthar an fheilm órdhruimneach,

a ghruadh ar lí na lasrach,

do-ní snuadh a soluschlach.


42 Gabhaidh, mur dhíon da dhernuinn

ar dhéd dhornchla loinnerdhuinn,

mun mbais dtláith snuadhálainn saoir

truallámhuinn mbláith mbarrchaoil.


43 Tig ara greadh í Ghealchuinn

chuige le heach n-ingenchruinn,

go slait saoirthreabhraigh sróill nduinn,

go gcaoilcheannraigh óir áluinn.


44 An t-ara ar rochtuin an ríogh

do-bheir, fa mana móirghníomh,

an t-each do rígh fhréimhe Cuinn

ris nach sín céile comhluinn.


45 Do bharr troighe tana Í Néill,

ar ngabháil eich an óirshréin

rí Glainline ó lár do ling,

tairngire ar ágh a n-eitill.


46 ’Na láimh dheis do dháil d’ua gCuinn

rug an t-ara ar cheis chennchuirr;

dá mbeith leis san láimh oile

ní geis áigh ré n-anfuidhe.


47 Gibé do bhiadh ’ga fhaicsin

ar n-inneall an earraidhsin

do lucht tnúith nír bheite ag brath,

ar eiti lúith ó Lughach.


48 Sinnter cuislenna catha,

basa um dhornnchlaibh ndeargcatha,

eich ar lúth, sról re sleghaibh,

cúl na slógh re Sidheamhuin.


49 Seoltar ar dtriall an tionóil

le seabhcaibh fhuil Eiriomhóin,

meirge a ríogh féin le gach fréimh,

meirge Í Néill le síol Saoirnéill.


50 Teas ag gabháil a ngealbhas,

a slegha ag dáil drithlennfhras,

grís ag gabháil ghruadh ndeirggeal

’gun tsluagh d’anáil óirmheirgeadh.


51 Agsin chugaibh, a chath gall,

má tá agaibh a fhulang,

Ó Néill do char an chatha

’na réim tar mhagh Mórmhacha.


52 Anois cóireochar Cluan Tarbh

le síol gCuinn d’fhaobhroibh órarm;

ar ó dTáil tár do tugadh,

nár dháibh nachar dhioghladar.


53 Cath Dúin digheoltar oroibh

a shluagh gall, do ghleóghonaibh,

mur gontar le conoibh cradh,

nó foghail lotghon leomhan.