firstLine"; ?>

223. An tu a-ris a Raith Teamhrach? $
Length: very long
Certainty: 2
Period:
  1. 14th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. House mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
  2. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  3. RIA744(A/v/2)DillonDuan17c C.McMhuir
  4. RIA 735 (A/iii/2) 1693
  5. Maynooth B8 Heinri O Carraic 1701-8
Prints:
  1. transl. Essays pr. to Wm Ridgeway, p. 336
Tracts:
  1. Yes
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. Patron’s caithreim
  3. Hostages
  4. Prophecies of Aodh Eangach
  5. prophesying by clouds and portents
  6. Historical comparisons
  7. allusions to Fiannaiocht
  8. Classical allusions
  9. houses and furnishings
  10. Guessing
Poet Christian Names:
  1. Aonghus Ruadh (BOCD)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh (‘A. mac Cherbaill Ruaidh’ RIA 2)
Patron Christian Names:
  1. Aodh
Patron Surnames:
  1. O Conchobhair (d. 1309)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

An tú a-rís, a ráith Teamhrach?


Quiggin, E. C.: ‘O’Conor’s house at Cloonfree’, Essays and Studies presented to William Ridgeway, Cambridge 1913, 333-352]


1 An tú arís, a ráith Teamhrach?

do-chláochláis cruth ildhealbhach;

fúarais gnáoi ’san riocht roimhe,

gé ’táoi ar sliocht na seanchuire.


2 Mo chean arís dod reachtaibh,

a thaisgealta an tairrngheartaigh!

ní fhacus úaim ríamh roimhe

do sgíamh úair budh aidhbhsighe.


3 Do-thógbhais ceann a gClúain Fráoich

ar leirg úaine an fheóir fhionnmháoith,

a ráith cheathardhruimneach Chuinn

leathanbhruighneach bhláith bheandchruinn.


4 Do hainmnighthe eacht oile

ó Chond thú, a threabh Láoghaire!

fearr liom hainmniughadh ó Aodh,

a shliom bhairrliubhar bhárrcháomh!


5 Muna tusa Teamhair Chuind,

a theaghdhais atá aguinn,

ní deárnadh d’úaim ríamh roimhe

dhá thrúaill chríadh badh cosmhuile.


6 As uille iná Crúacha Chuinn

an múr-sa mhílidh Umhaill,

ré múr Teamhrach do-toimhseadh

an dún dealbhach dorusgheal.


7 Ar aithris Teamhrach Dhá-Thí

do-ordaigh mac mhic Rúaidhrí

an ráith sídhghreadhaigh sailghidh

bfhínfhleadhaigh bhláith bhúabhaillghil.


8 Nó go ndeárna an t-Áodh Eanghach

an dún-sa ar dheilbh cláoin-Teamhrach,

ní bhíodh acht lúadh ráidh reimhe

ag slúagh Fáil ’mun bhfáistine.


8a Lór do dhíon Fódla ar foghail

dioga dhúin Í Chonchobhair

slios a hiomdhuidhe is í as ferr

do ní ionghuire Éirionn.


9 Re linn Aodha na n-arm nocht,

gé fúair rath ríoghraidhe Condacht,

ní rúacht glas roimhe ar a rath

go snas chloidhe na cathrach.


10 Níor cruthaigheadh riamh roimhe

on mbaile a mbíodh Láoghaire

slios mhúir d’fhíonbhroghaibh budh fearr

d’úir nó d’fhiodhbhodhaibh Éireann.


11 Díol beandochta bas an tsháoir

lér cumhdaigheadh an chatháoir;

níor chum bas ughdair oile

snas cumhdaigh budh cruthaighe.


12 Do-bhí cuid d’Áodh an airm chuirr

ar chuma an chloidhe dhíoghuinn,

an sáor asé do-shnoidheadh

’s as é Áodh do-orduigheadh.


13 Ní heasbhaidh don bhláith bháirrshlim

ríaghail ghrinn nó gabháilshreing

d’éis shúltomhuis an deirg dhuinn

’mun leirg ndrúchtsholuis ndíoghainn.


14 Aonmhúr atá ag Áodh Eanghach,

seacht múir fá mhúr cláoin-Teamhrach,

na seacht múir úaine oile

do shúidh úaine an t-énchloidhe.


15 Gan mheadhair mur mhuirn a shlóigh,

gan gháirdiochus mur ghnáoi comhóil,

gan coimhmbríoghmar a cuma

do shoighníomhradh shaoghulla.


16 Ráith Áodha ’na haimsir féin

créd acht Tráoi oile íséin?

ionann gill gnáoi a fleadhóil

’s don Tráoi lé linn Láimheadhóin.


17 Paliís lonrach leomhain Chuilt

as fíadhnach ar feadh radhairc,

a beith úaidh eadh a uidhe

níor smúain fear a fiafroighe.


18 A fiafroighidh dob áil linn

tré allmhurrdhacht a hinnill

an d’fhiodhbhaidh nó d’úir Bhanbha

don fiodhraidh úir allmhardha?


19 Nó an é brugh na mbeand corcra

so ar ndul a ndeilbh shaoghalta

ar mbúain a draoidheachta dhe

do sdúaidh bhráoinealta Bhóinne?


20 Nó an budh í Eamhain Abhlach

an chinnlitir chiomhardhach

do-sheól go gort Chuinn chugainn

dár nocht druim a donnphubuill?


21 Nó an í Ráith Crúachna ad-chiú thoir

ar dtocht go Clúain Fráoich féraigh?

ní uil thíar acht a taidhbhse,

do-chíam thoir a tuaraim-se.


22 Foicse thoir do thigh Chrúachna

clúmh bheithe, bárr úrlúachra;

amhghoire thíar iná thoir

sgíamh chrannghoile do Chrúachain.


23 Tréigion mhúir Chruachna ar Chlúain Fhráoich

neamhghuth d’Áodh an fhuilt fionnmháoith

lugha as amhghar d’fhior Eanaigh

adhradh d’fhiodh is d’inbhioraibh.


24 A n-ucht uisge agus feadha

do-níodh Fionn na foirgneadha,

mur tá an chaithir ag cionn Breagh

do-aithin Fionn an foirgneadh.


25 Gar fíoruisge dha fleadhaibh,

gar fiodhbhaidh dá foirgneadhaibh,

fíorghar gach bladh dá búadhaibh,

gar míonmhagh dá marcshlúaghaibh.


26 Atá búaidh iongnadh oile

ar chathraigh chinn Máonmhuighe,

sáoraidh áongha í ar olc

agus í ag caomhna Connacht.


26a Sáoraidh an Fhódla ar foghail

dígheann dhúin Uí Chonchobhair,

do réir fhiodhbhuidhe is í is fearr

do-ní ionghaire Éireann.


26b Ní comfad amuidh ’s amach

urchar um ráith ríogh Teamhrach,

fir ’ga nguin impe d’fhoghaibh

nar chuir innte d’orchoraibh.



26c As les do-ráidh rígh Teftha

fir treuna ar tí a haimsighthe,

as lór aoinfhear dá madh áil

re slógh Gáoidheal da gabháil.


27 Ráith dhíoghainn dhreagan Line

ní uil innte acht áoinshlighe,

as lór d’áoinfhear dá madh áil

ré slógh Gáoidheal dá gabháil.


28 Atá ciorchall chláraigh dhuinn

ós cionn an chloidhe dhíoghuinn,

ní bhfuil ’sa chearchall cháomh chlár

leathtrom ná cláon ná cleathrámh.


29 Atá gasraidh mhór mheanmnach

innte um úa na dToirdhealbhach,

atá ar a sleaghaibh seól áigh

ar nach eól d’fhearaibh eadráin.


30 Atá teach áoibhinn innte

dá las lí na firminnte,

dá n-íadhthar doirrsi ag ól air

budh lór a soillse ó shéadaibh.


31 Atá ré táoibh thighe uí Chuinn

cúilteach corr chláraigh díoghuinn;

as ionshamhraidh thúaidh an teach

ó fhiogharmaibh fhúair fhuighleach.


32 Tógbhaidh lanna láoich Codhuil

taithneamh tighe Í Chonchubhuir,

gur réalltannaidh an teach thall

ó chréachtlannaibh chleath gCúalann.


33 Teach comhromhach Chlúana Fráoich

ionfhúar a tteas, te a n-iomgháoith,

lór a ionnfhúaire ’sa toigh the

ón diombúaine goimh gáoithe.


34 Bláithe iná blaosg uighe

bruighion bhaidhbhe Cáonrúidhe;

téid gan fhleochadh gach deór dhe

mar do dheochadh d’eón uisge.


34a Bu iomdha ar fud na Banbha

teacht[a] earraidh allmarrdha,

le gialloighribh o Gallaibh

’san riaghuilghil réaltannaidh.


35 Iomdha a ráith Áodha an airm cuirr

ag maicne súairc síol núa-Chuinn

tí a ngrúaidh ar ngabháil datha

ó anáil fhúair fhíonbhracha.


36 An búdh é an t-Áodh oirrdheirc

luidhios ar lucht uabhairneirt?

ní cás gég Almhan d’aithne,

créd adhbhar a fhiosraighthe?


37 Do-haithéntáoi an t-Áodh Eanghach

ag colamhnaibh cláoin-Teamhrach

d’éis a ndearna Flann file

do bharr Eamhna d’fháistine.


38 Aithnid dráoithe ar dhealbhaibh néll

flaith Cruachna na gcolg slimghér;

aithnid banfháidh láoch Line

ar anáil gháoth nginntlighe.


39 Do bhí Modh Ruidh rí na ndrúadh,

do bhí Cathbhuidh is Ciothruadh,

do bháoi Feircheirt an fisidh

ag neimhcheilt gnáoi an ghille-sin.


40 Tíacht an toraidh, teas na síon,

cred sin acht sighne áirdríogh?

a aithne ar bhaidhbh Lúain ni linn

an t-ainm fúair gin go n-aithnim.


41 Atáid cuibhreach chláir Bhanbha

d’fháiltiughadh an Áodh-anma;

risan Aodh-ainm do fhóir inn

do chóidh gach áonshnaidhm d’Éirinn.


42 Créd acht comhartha flatha

gleó Áodha a n-Árd Cháonachta?

táinig sé a n-ágh iomlán,

búdh slán é ón ithiomrádh.


43 Dob iongnadh Gháoidhil is Goill

do bhreith ar fhéinnidh Umhuill

gan fhear ann acht fear faladh

’s gan barr Breagh do bháoghlughadh.


44 Níor measa lá an tachair thíar

foraire flatha Gailían;

do chosuin sdúadh [brogha] Bhreagh

an búar go dola a ndídean.


45 A ród rúaige chinn Múaidhe

a gcrích Bréifne bárrúaine

ar chách do-chuir a úamhan,

ní fuil fáth a n-athshlúaghadh.


46 Do airg fa a crodh gach críoch the,

do airg gach íath um Éirne,

seal ar chreachaibh, seal [ar sheil]g,

ag cleathaibh Dean tré dhíbheirg.


47 As é tug, fa turus neirt,

a Tír Chonuill creich oirrdheirc,

ger bhuing re muir fhúair anfaidh

búain a gcruidh do Chonannchaibh.


48 Comhuirle úaim d’úaislibh Fáil

gér teasuisgthior tuir Ghabhráin,

má do gheall rí teacht dá thoigh

más lé neart tí ná tíaghthir.


49 Tigeadh más do thabhairt ghiall

d’úa Chonchobhair chláir Oirghíall;

do-bheir neart dóibh is dosan

slóigh ag teacht dá thogha-san.


50 Áodh Ó Conchobhair chláir Bhreagh

samhuil Logha ar leas nGáoidheal,

cách úain dá chur ceann a gceann

agus Lugh ar úaim Éireann. An Tú arís..


51 Brugh aoibhinn inghine Uí Bhríain

mar an mbrugh do bhí a bhfinn-Chlíaigh,

ríoghan osgordha atá astoigh,

mná rosgorma ’mun ríoghuin.


52 A inghion reid ríoghan Dala

soillse náid na sédála,

na ríoghradh gan bróin mbúabhall

a síothbhrugh óil Fhionnghúalann.


variant of same

52 Bruidhean réidh ríoghna Deala

soillsi ináid na soillseadha

síol ríoghradh fa bróin bhúabhall

a síodhbhrugh óir Fionngualann.