firstLine"; ?>

224. An tu ar gceadaithne a charrag? $
Length: long 42 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. House mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
  2. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R. 1744-
Prints:
  1. transl. Ir. Monthly 48,539
  2. text DiD no. 68
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. recitation of poetry
  3. Foreign conquest of Ireland
  4. territory as king’s spouse
  5. contrast btn former joys & present grief
  6. citation of historical precedents
  7. Historical comparisons
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (BOCD)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. Conchubhar
Patron Surnames:
  1. MacDiarmada
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

An tú ar gcéadaithne, a charrag?


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 68]


1 An tú ar gcéadaithne, a charrag,

a ráith éigneach eatharrod;

cách ód chéadaithne do chur

ní fáth méadaighthe meanman.


2 An tú bhíodh i mbéalaibh sgol,

do measdaoi re múr Cruachan?

a phuirt ghil fan rionnghlan rosg,

más ibh is iongnadh t-éagcosg!


3 Do chlaochlóidh do chruth dealbhghlan,

do imthigh bhar n-óirthreabhradh

dod mhúr ghlan thaoibhleabhar the;

ní mhar aoilghreanadh th’aighthe.


4 Níor deargadh le hingnibh each,

níor loiteadh le lorg nuaichreach,

do leirg dtonnbháin ngairthe ngil,

congháir t’fhaighthe do uaignigh.


5 Tugais cruth naoidhe ar neamhchruth

amhail do bhiadh baintreabhthach;

a chúirt orrdhraic thirmgheal thiogh,

do chomhloit imneadh th’aigneadh.


6 Éagcóir do haithneadh oraibh

cúis imnidh dá bhfuarobhair,

a threabh na gcaithreann gcorcra

re seal n-aithghearr n-iasochta.


7 Dá dtuigthea mar táid re treall

sé ríoghphuirt fhoirbhthe Éireann

i n-éagcruth, a róimh na ríogh,

níor chóir éagnach ar th’imshníomh.


8 A-tá Teamhair teaghdhais Chuinn

ó reimheas ríghmheic Cearbhuill

mar gach dtealaigh - níor dhleacht di -

gan mheadhair achd teacht tairse.


9 Ó ré Mhuircheartaigh mheic Néill

a-tá ráth Oiligh fhóidréidh

- leis do-roighneadh dimbrígh dhi -

gan deighrígh d’oirdneadh innte.


10 Ní fhuair Caiseal - cúis diombáigh -

d’éis Chormaic mheic Cuilionáin

rí do fhréimh chéadfadhaigh Chuirc

don ghéagthulaigh fhéil orrdhuirc.


11 Ó aimsir Fhearghuis Fhogha

do mharbhsad meic Eochadha

níor fhaoi Eamhain fhéirmhín fhionn

le héinrígh d’fhearaibh Éireann.


12 Ríoghraidh Laighean na leas gcorr

ón tráth fá dtorchair Cearbhall

a-tá Nás na mboilgshreabh mbinn

’n-a fhoirgneadh fhás ón fhoirinn.


13 A-tá iosdadh Cruachna Cuinn

ó ré Raghallaigh rosgcuirr,

múr aolbhláth do thobhaigh toil,

’n-a mhaolráth fholaimh fhásaigh.


14 Aithnim nach fuileongtha i bhfad

do bheith san chruth-so, a charrag,

na hardphuirt-se ór clódh a gcruth

mór an antuigse d’éagnach.


15 Gidh eadh ní hiongantach linn

a bhfuil d’athtuirse ar th’intinn;

gan fháth níor claochládh do chruth,

a ráth na n-aolchlár n-amhlach.


16 A-taoi re treimhse bhfada,

a chéadráith chlann nDiarmada

- an ríghe réidh ní rabha -

ód fhréimh fhíre i n-aontamha.


17 I n-aimhriocht dot fhoirinn féin

a-taoi re treimhse n-imchéin,

a chúirt ródghlan choillbhleacht chorr,

ó fhoirneart ógbhadh n-eachtrann.


18 Foirneart eachtrann is é thug

do chur sa chruth-so, a charrag,

a ráth thoghtha bheannbhláth bhog

far neamhghnáth orchra orad.


19 Níor ghnáth leat-sa achd re linn Gall

gur bearnadh séan bhar saorchlann,

a linngheal taobhuaine tiogh,

imneadh aonuaire ar th’aigneadh.


20 Do chleachtais fleadh is fiadhach

is graifne greagh n-óirshrianach

ór dhiombuan iarann bhar n-each,

a niamhfhonn lionnfhuar loinnreach.


21 Ní caithtí lá id longphurt shean

gan reic ndréacht nó nduan bhfileadh

re glór bhar síodhchraobh seanma

fa ól bhfíonchaor bhfíneamhna.


22 Meinic thigdís teachta síth

d’fhoráil chomhadh ó choigcrích

dod chúirt ghairthe thaobhaird the

’s raibhthe i ngach aonaird uaibh-se.


23 Fa gnáth ar leirg do leasa

lucht sgaoilte craobh gcoibhneasa

ag maoidhimh uaisle gach fhir;

aoighidh uaibh-se agus innibh.


24 Fiu an céadaoibhneas do chleachtais,

fiu a-rís do ró éigeantais,

a phuirt úir na ngoirmeas nglan,

doilgheas ar t’úidh nach iongnadh.


25 Achd a-mháin nach maoidhte dhuit

ró buaidhreadh nó barr iomluit,

a shlóighfheithmheach na dtreabh dtais,

fear d’fhóirithneach ó fhuarais.


26 Tarla do chéile cubhaidh

riot, a sheanráth shéanamhail

d’uaislibh caithchéile chláir Fhreing;

ná báidh d’aithmhéile th’intinn.


27 Mac Diarmuda díoghbhadh cath

fuarais tar éis do dheacrach,

a bhraontana na mbeann dtais,

aontagha as fhearr dá n-uarais.


28 Tréig an gcumhaidh do chleachtais,

eirg it earraidh oireachtais,

lí bróin ná haithintear ort,

a róimh chlaichfhinntreabh Chonnacht.


29 Ní hathtuirse as oircheas duit

ó fhuair tú tar éis th’iomluit,

a fhéirmhín na sídheas sean,

th’éinrígh ndíleas fa dheireadh.


30 Rod chuirfe a-rís id riocht féin

oidhre Taidhg na dtreas n-aigmhéil,

a linngheal na gclár gcorcra,

slán ret imneadh iasochta.


31 Teas gréine is gar do dhubhadh;

gearr go gcuirfe Conchubhar

do bhláth ionghnáth ar th’aghaidh,

a ráth fhionnbhláth éagsamhail.


32 Budh iomdha amhladh dh’ór ceard

ós shleasaibh do chlár gcraoibhdhearg

is ceird shaothrach druim ar druim

ós leirg bhar n-aolchlach n-áluinn.


33 Gártha caismeart agus crot

budh iomdha i n-aoinfheacht iomut,

a thonnnuaigheal na dtreabh bhfionn,

combuaidhreadh fleadh is fithcheall.


34 Ní fuighthear ón uair-se a-mach

teimheal ar thaobhaibh th’aolchlach,

a cholggairthe na gcíoch ngeal.

ná díoth ordaighthe ar th’fhoirgnead


35 Bhar n-ainm féile re fada

méadóchaidh Mac Diarmada

ag aos ghnáthmholta Ghuirt Néill,

a phuirt bhláthchorcra bheinnréidh.


36 A charrag na gcuan sreibhshidh

is é oidhre Eibhilín,

a ráth gheal na ngéigleas gcorr,

fear do chéidgheas do chomholl.


37 Do cleachtadh dhuit, a dhúin shídh,

iocht is oineach it airdrígh;

geis duid éara re n-aoighidh;

sgéala nach cuid commaoidhimh.


38 Dod gheasaibh bhós tre bhith síor

th’iadhadh ar ionchaibh th’airdríog,

fa chliathfhroighibh do chraobh mbreac

ná aon d’fhiafroighidh inneat.


39 Ní chuala éingheis fholaigh

nach í intinn Chonchobhair

ort, a bhrugh na mbeann gcorcra,

dul i gceann a gcaomhanta. An


40 Baincheann bhrogha na cairrge,

inghean ríogh fhóid fhionnChairbre

na geasa céadna congbhoidh,

réalta an leasa leabarghloin.


41 Rún toirbheartach teagar séad,

an céadchlú cuirfidh Mairghréag

ar an ráith mbreacthana mbinn

beantagha cháich i gcoitchinn.


42 Gruaidh thibhreach gan toil bhfolaigh,

sgath saorbhan síol gConchobhair,

troigh bhoinnleasg as comhdha cean,

toirmeasg foghla na bhféinneadh. An tú.