Poem in printable PDF format
An tú m’aithne, a
fhalluing donn?
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 41]
1 An tú m’aithne,
a fhalluing donn?
ataoi feadh
th’aithne agam,
mithidh damh, gé
tuar tuirrse,
do char uaim [a
fhalluing-se].
2 Nó gur lomais
fam lámhaibh
id chiomhsaibh, a
chompánaigh,
iomdha coinne
’nar chuir mé
na cruibh i
gcoinne [a chéile].
3 Tugas cuairt do
chois Bearbha -
móide id dhiaidh
mo dhoimheanma -
i gcionn gach
faithche is-tir thoir
do bhínn d
........................
4 Do chuadhas
leat lá oile
i measg oireacht
Osruighe:
a dhonn-bhrait ar
dhath an tsróil,
ach! dob
orrdhraic bhar n-onóir.
5 Ret
fhoirfeacht, a fhalluing donn,
dá dtugadh
amhghar orom
do thógbháil fán
dtir amach,
bím ar ógmhnáibh
dot fholach.
6 Mithidh damh
dealughadh ruibh,
beag nár lom do
leath íochtair:
tearc flaitheas
nach fuighe cor -
do chaitheas uile
th’uachtar.
7 An lom uile, a
fhalluing donn,
do sgaoil ó
chéile ar gcumann:
a-nocht mo
thruaighe thusa!
ruainne ort níor
fhágbhusa.
8 Fa tú an meirge
ba mó cion
agam i n-íochtar
Laighean:
tús comhóil duit
ó gach druing,
cuid dot onóir, a
fhalluing.