Poem in printable PDF format
An tú táinig go
Tadhg Dall?
[Knott, E.:
The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts
Society 22-23 (1922, 1926), vol ii, p. 325]
1 An tú táinig go
Tadhg Dall
a thaidhbhse
táinig chugam?
mun tú é is
rochosmhuil ribh
a ghné
fhochobhsaidh fhaoilidh.
2 Taidhbhse mná
oile i n-amhra
do-chí Tadhg mhac
Mathghamhna,
mar taoi, a
inghean chruithgheal chorr,
le gcuirthear
imneadh orom.
3 An bhean
tarbhás do Thadhg Dhall,
a ghnúis ríogh na
rosg romhall,
dob ionann gnáth
dhí agus duid,
dá thráth nó
t[h]rí acht go dtánuig.
4 Beag nách
cosmhuil riomsa is ribh,
tuigse, a
Thaidhg, athadh d’aimsir,
an inghean níor
chrádh cuimse,
lán d’imneadh is
d’athtuirse.
5 I ndiaidh ar
imdhigh air féin
léd chruth
sneachtuighe soilléir,
taidhbhse Taidhg,
a chnú chroidhe,
más tú is mairg
do meallfaidhe.
6 Ní chluinfeam,
ní chuala sinn -
acht taidhbhse
Taidhg Í Uiginn -
do mhac samhla
riamh roimhe
go dtarla d’iath
Úghoine.
7 Iongnadh leam
ar neach fa nimh
dar dhealbh Dia
dona daoinibh -
aingeal Dé munab
duine -
do ghné, a
ainnear fholtbhuidhe.
8 Do-chluinfinn
fa chlá Bhanbha
dá mbeith bean do
bharamhla,
a sduaigh
roigheal chéibhfhionn chlaon,
i n-oirear
Éirionn d’éantaobh.
9 Abair riom do
rún folaigh,
a ghnúis
fhaoilidh éagsamhail -
beanfa dhíne ar
naidhm anois -
ainm na tíre asar
thriallois.
10 Innis damh ’na
dTír fa Thuinn
do bhí tú ria
dteacht chuguinn,
a chneas mhín ar
méin lile,
aréir, nó i dTír
Thairngire?
11 Nó innis damh,
a rosg mhall,
Tuatha dealbhdha
Dé Danann -
cia an sídh i mbí
do bhunadh,
nó an í an tír
’sa dtángabhar?
12 Nó a
Síothbhrugh Sainbh, nó a Síth Truim
táinig sibh, nó a
Síth Sioghmhuill -
bheith gan fhios
ní féidir linn -
nó a lios éigin i
nÉirinn?
13 Nó dámadh
thusa thú féin,
a ghnúis
shéaghanta shoilléir,
a ghruadh
ghairthe ar ghné na subh,
gan mé dot’
aithne is iongnadh.
14 Ós imtheacht
duit ’na dheaghaidh,
truagh an chauirt
do chuireabhair;
triall do
thógbháil mo thuirse,
a fhial ógnáir
áluinnse!
15 Cosmhail riot
ar n-imtheacht uaim
gur tríot tánuig
an chéaduair
mealladh Taidhg,
a fhial fhosaidh;
mairg do thriall
san turussain.
16 Mairg do lean
led’ dhraoitheacht dhíom,
mairg duit do
mhéadaigh m’imshníomh;
mairg, a bhean,
do mhear meise,
mairg do gheabh
im ghoireise.
17 Má tá nách
tusa, a thaobh slim,
tánuig go Tadhg Ó
Huiginn,
a throightheach
shaor chneasda chorr,
bhar dteasda
araon is iononn.