Poem in printable PDF format
An tusa an bhean
do bhí sunn?
[Knott, E.:
The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts
Society 22-23 (1922, 1926), no.40]
1 An tusa an
bhean do bhí sunn
aréir tre amhra
agum?
mar tú id
mhearaithne, a ghnúis ghlan,
is cúis
mhearaighthe meanman.
2 Munab tú táinig
reimhe
chugam, a chruth
séimhidhe,
a bhas tiombog, a
throigh mhall,
ní fhoil ionnod
acht ionann.
3 Do ghruaidh
ghairthe, do ghormshúil -
níor cumadh don
cheathordhúil
dias riamh budh
casmhuile cruth,
a chiabh
chasbhuidhe chleachtuch.
4 Do dhéad bán,
do bheól corcra,
nách beag do
cheól chodolta;
braoi leathdonna
ar lí na subh
’sa mbí eatorra
ar iomchur.
5 Bráighe mar
bhláth na lile,
glaca seada
séimhidhe :
cneas
seingreamhar ar snuadh tonn
rer neimhghealadh
uan abhonn.
6 Cíche
bláithgheala beaga
ós leirg áluinn
oighreada;
cláir mhíne is
caoimhfhinne claidh,
maoilinne sídhe a
samhail.
7 Atá ar
chiomhsaibh do chiabh dtiugh
ealta nách gnáth
i ngeimhriudh
d’éis a
n-ionnallta a hór ghlan,
lór ionganta na
healtan.
8 Ionrúin mé, ní
misde dhuid;
innis damh an tú
tánuig
dom
chéadbhuaidhreadh go Fiadh bhFáil,
a niamh
dhéadnuaidhgheal dreachnáir?
9 Nó an tú táinig
eacht eile
don Bhord Chruinn
ar chéilidhe,
a chiabh shlim
fhionnfholtach úr,
go Cing
iongantach Artúr?
10 Nó an tú
táinig eacht oile
go hAodh mór mhac
Úghoine,
ó Shíoth
bhréagshrothach Ban bhFionn
go magh
n-éagrothach nÉirionn?
11 Nó an tú
táinig eacht oile,
go longphort
Bhriain Bhóroimhe,
do bhreith
Mhurchaidh tar Moir Meann
soir tar
drumchlaidh na díleann?
12 Nó an tú
tánuig eacht eile,
do mhealladh
mheic Deichtine,
ó Ráith ghloin
torcharaigh Truim
go Coin
gconfadhaigh gColuinn?
13 Nó an tú
táinig eacht eile,
a ghnúis éadrocht
ainglidhe,
d’iath
chathBhanbha na gclár dte,
i ndál
Mhathghamhna Í Mháille?
14 Nó an tú
táinig eacht oile
do mhealladh na
macroidhe,
le linn Chonaire,
a ghruadh gheal,
go sluagh
dtoghaidhe dTailtean?
15 Nó an tú rug
an rún fosaidh,
Bran mhac
Feabhail fionnchosaigh,
tar dromchla mín
na maire
go Tír dtoghtha
tTarngaire?
16 Tángadar,
dámadh díobh duit,
go rígh Connacht
- cuairt ordhruic -
mná dealbhdhatha
- fa dáil neirt -
go tráigh
deaghLocha Deirgceirt.
17 Nó an tú do
chealg Connla Ruadh
ó shluagh Breagh
na mbeann bhfliuchfhuar,
a ghnúis naoidhe,
nách náir cruth,
is draoidhe cáigh
dá chumhduch?
18 Nó an tú do
mheall meise féin
an chéaduair, a
chruth soiléir,
ó taoi, a bhean
shíodhamhail sheang,
ag síorfhoghail
fhear nÉireann?
19 Móide atá
mh’amharus ort
gur tú an
chéidbhean do-chonnorc -
gan a maca samhla
acht sibh
san Bhanbha dhata
dhuilligh.
20 Ní fhuil i
Síth Bhóinne Breagh
bean do chrotha
acht an chéidbhean,
ná i Sídh
chaomhchlochach na gCuan,
a mhín
aolchrothach ionfhuar.
21 Ná i Síth Easa
Ruaidh rámhuigh,
ná i nDún oide an
Ioldánuigh,
ná i Síth bhláith
tirmleapthaigh Thruim,
na i Ráith
ilreachtaigh Eochuill.
22 Bean dá héis
ní fhaicfe sinn
choidhche i
n-amhra ná i n-aisling
go teacht arís dí
’nar ndál
i bhfís agus í ar
n-iompádh.
23 Clódh mo
dheilbhe dá dreich bhuig,
uair nó dhó dá
taoibh tánuig;
an treas uair
tríthe tiocfa,
an sduaigh shíthe
shuaitheanta.