firstLine"; ?>

23. A Bhriain Mheig Uidhir eisd roinn $
Length: short (13qq)
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
Prints:
  1. text (Irisl. Mhuighe Nuadhad 1929, 49-50)
Motifs:
  1. Material rewards for poetry
  2. Function of poetry
  3. poet-patron relationship
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh BOCD
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. Brian (mac ConConnacht)
Patron Surnames:
  1. Mag Uidhir
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

A Bhriain Mhég Uidhir, éist roinn


[Breatnach, Pól: ’Poems of Brian Ó Corcráin from the Book of O’Conor Don’, Irisleabhar Muighe Nuadhad 1929, 35ff., poem 8]


Eochaidh Ó hEodhasa


1 A Bhriain Mheg Uidhir éist roinn

tabhair dot úidh a n-abroim

mór mo chóir ó th’athair ort

rathoil ní dóigh gan dúthracht.


2 Éisd riom go gcuirinn a gcéill

mo dhúthchus red dhreich mhínréidh

sé do dhearbh uirre m’ annsa

fa leam uille th’athor-sa.


3 Fa leam céadrogha cholg nocht

rún as cogar Chon Connocht

togha greagh srólbhuidhe seang

is eadh n-órdhuidhe is fhicheall.


4 Fuaras a Bhriain a bharr nocht

fós ó Aodh mac Con Connacht

duas ollaimh dá uair no thrí

buaidh a bhronnaidh ní beirthí.


5 Do chuirfeadh ina cheann sin

da maireadh Aodh Mhag Uidhir

slán re reulluinn chuaine Cuinn

do gheubhainn uaidhe a n-iarrfuinn.


6 An Cú Chonnacht Óg-sa ann

fuarus uadh gach ar iarrsam

’s ní nár iarrus uair nó dhó

níor thriallus uaidh fa iarghnó.


7 Cú Chonnacht Aodh sa n-athair

ger thréan iad ar Ulltachaibh

trí thighearna nár thuill béim

ruinn niorbh infheadhma iadséin.


8 Ar son go mbeardaois buaidh gcáigh

do bhearuinn si orra d’éanláimh

tar bhuaidh a gcraobhlann gcorcra

buaidh le haonrann adhmholta.


9 A Bhriain na mbronntadh n-abaigh

cuimhnigh trá mar thugadair

tri rathoil bhias gan bháthadh

th’athair do dhias dearbhráthar.


10 Muna bfuil sé d’fhiachaibh ort

damhsa na déana dúthracht

a rinn céaddochar cnuic Bhreagh

ar méadochadh duit dlighthear.


11 Dot ghrádh féin feirde ar gcumann

a bharr fithe fochandonn

ó chridhe a-tám ar do thí

’s do ghrádh na fine ó a bfuiltí.


12 A Bhriain Uisnigh óras dáin

ar dhá gcridhe is cúis teasgráidh

leig dhamsa a n-uaim re r-oile

fuaigh m’annsa ret ionmhoine.


13 A mheic Mairghréige ó mhúr Fhluinn

a ghrádh carthonach cumuinn

a dhíontor na bfear bfoghla

da líontor teagh togharma.