firstLine"; ?>

230. An ullamh fos feis Teamhrach? $
Length: long 35qq
Certainty: 4
Period:
  1. 14th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
Motifs:
  1. eulogy of patron’s personal appearance
  2. patron’s irresistible attractions for women
  3. Patron’s prowess in battle
  4. war with the Foreigners
  5. fertility in reign of just prince
  6. Symptoms of law & order with just prince
  7. High-kingship of Ireland
  8. allusion to Ruaraiocht
  9. allusions to Fiannaiocht
  10. Sea-voyage
Patron Christian Names:
  1. Brian mac Enri
Patron Surnames:
  1. O Neill
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

An ullamh fós feis na Teamhrach?

[O’Conor Don, 127a]

[Séadna, Dán Díreach]


1 An ullamh fós feis [na] Temrach

teghdhais bledhach buabholl ndonn

cuith an fer budh coir da chaithemh

sa tegh oil a ccaithed Conn.

2 Cuith le ttiaguid tionól Eirionn

go híath Uisnigh an fheoir mhin

slogh Bregh an ullamh da hibhe

do tonnadh flegh Tighe an Trír.

3 Brían Ó Neill do-ni go Taillten

tionol mhaicne Mogha Néid

cuiger leision líon a theghlaigh

seiser ríogh go Temraigh téid.

4 Ni budh folair d’fior a choinghill [127b]

an clár fionn-sa fúair Dhá Thí

gabhtur lé fer a tthúaidh Temhair

do fhúaigh ben a hEmhuin í.

5 Muinnter Briain ag bhagur cheilge

ar Cruachain Mhéadhbha an mhúir ghloin

brath ós aird thíar aga theghlach

no gur airg fíadh Temhrach thoir.

6 Do isligh muir fa mhac Énrí

do eirigh bláth tre bharr sgoth

do grís an bráon tresna bochnaibh

mur bhíos áol tre chorcairr chloch.

7 Biseac toraidh tire hEóghain

mar fas druchta a nderiodh láoi

ni leir tre[n]a grán gach goirmfiodh

da lár féin do toirneadh Tráoi.

8 Sreabh ’ga líonadh a ló a[th]bráoin

eire blatha ag bloghadh cuill

grían gan fhios a maduin Márta

gadaidh ós lios trachta thuinn.

9 Anfadh ar muir meóir ’ga sinedh

sreanga bárc ’ga mbein ré gáoith

fiogradh tonn ag tomhus tuinne

ré crann solas loinge an láoich.

10 Do Muir Rúaidh rainig a mhuinnter

do muir tToirrían na ttonn ngarbh

fían Echtghe suil tig do thonnaibh

níd ealta a ccorruib a ccarbh.

11 Do cumadh a ccerdca gaíbhnenn

na gáoi corra ler chuir glíaidh

do benadh d’adhbur na hÁirce

cranngal remhar báirce Bríain.

12 Ionnúarodh ó anáil mheirgeadh

’ga mhíndhreich bhuig mur bhláth cnó

sgíath í Neill Ghlúnduibh ’ga garodh

ar léim dhúnadh Dhanar dhó.

13 Magh úaine mur fheronn treabhtha

ó treisi fuiligh onchon Bhriuiss

gach sgíath bhrecc ó ágh an fheindeadh

dar lat ar clár glegheal giuis.

14 Glór a bhíodhbadh re baídhbh Seghsa

ag súr Luimnigh na lerg dte

a námha ag maidm tresan merge

ar ngairm lamha deirge dhe.

15 Suidh ar ttús re ttecht go hUisneac

a nEmhain Mhacha as mor clú

sín go seinChlíaigh a fhlesg Emhna

mesg ar derbhshíair Temra thú.

16 An ghnáoi fúaruis a n-áois macáoimh

nír mhó teisd dá ttainic ród

od-chúala a chleth Gháoil do ghnáoi-si

nír sháoil ben t’áois-[s]i go hóg.

17 Biseac duille ré drucht sámhraidh

ar slúagh Temra a-tá fád chíos

toirnem mur nech do-ní fiongail

a chleth Lí ar do bhíodhbaidh bhíos.

18 Eilti báotha ag breith a ttoirchis

tighe bíodhbadh bíd gan drud

foghail a gheg Emhna oirbh-si [128a]

ní méd menma acht toirsi tug.

19 Samhail daoibh ag dol thar fairrge

foirenn shiodhmhoill a sith Lir

sirther bur sliocht um chúan críche

a riocht gur sluagh síthe sibh.

20 Rosg mur bhugha ag búaidhredh maighden

mailge dírge ar dhath an fhíaigh

earla ríogh Carna na ccaimlesg

ag díon abhra bairrlesg Bríain.

21 Gabhthar le ríoghain rann suirghe

lé seinm onchon Átha Clíath

do s[e]innedh ceól mur cheól ndoígre

do mheór sheinggheal coinnle clíath.

22 Do[d] mhúr cathrach cealgus inghen

abra díoghuinn do derc nglas

do thomhuis ben tor do théduibh

do dol go fer nÉdair as.

23 Aladh fogha flatha Manuinn

nir mhó gúasacht an Gháoi Builg

réisi a ngoin an ghlasgha n[e]imhe

troigh a ttrasna chnéidhe a chuilg.

24 Mun budh é súd ag slait Sgoinne

sgiath fhinn nach facus re díaigh

an bhúdh fíach an sencoll snigheach

an sgíath bhennchorr bhileach Bríain.

25 Bric derga gan dígh le teasbach

táinte ag loighe a leapthaibh tonn

tes a n-áth ar oighibh onna

loighidh ó trath nóna a-nonn.

26 Mogail brisde ó bhrecoibh derga

doimh troma ag tegmháil a sás

do fuilngedh da cruachaib corra

lúachair bhuingheal orra d’fás.

27 Braighde maicne Mogha Núadhat

d’ó Neill Chaille nír chreid fís

Temhair na ríogh don réim fhíre

lé siol Neill an ríghe a-rís.

28 Do-bhéra ag cosnamh chláir Logha

leithéid an tachair tug Lugh

le tesbach glíadh marcuidh Mhacha

níamh do matluibh datha ag dol.

29 Goíbhne ag cuma cráoiseac n-úaine

d’urluighe chloch cuirter saoir

cluithe a-muigh fa ghabhail ghallda

guil a ttoruibh arda áoil.

30 Feidhm ar troighibh tuir ’ga sgáoiledh

sgéla deabhtha ag dergadh roscc

ní bhí acht a croidhe a n-am fhedhma

ball do bhile Temra a ttosd.

31 Tíaghuid macáoimh a méd curodh

do chlódh do láoch Locha Rí

go mbíd sguir gorma ’na ngealgroigh

tuir Chnódhbha a tTemhraigh Dhá Thí.

32 Gabhuid timchiol do tháth Banbha [128b]

Brían mac Énri anba an sdair

gé díth lé fer é da fhógra

ní ben sé acht an Fhód(h)la air.

33 Do bhí a ndán ar ndíthchor echtronn

ioth a ttalmhuin mur tá ag fás

Brían a-nocht ann 7 Ulaidh

gér gort Gall a-nuraidh Nás.

34 Brían Ó Neill a náonmur braghadh

bhenfus Eirinn d’fhine Ghall

do-ní cráobh Forbair a ionadh

fóghna[i]dh gan Áodh Iodhan ann. An ullam...