Poem in printable PDF format
Aoibhinn bheith i
mBinn Éadair
[Thomas F.
O’Rahilly: Measgra Dánta II, poem 41]
1 Aoibhinn bheith
i mBinn Éadair,
fírbhinn bheith
ós a bánmhuir,
cnoc lánmhar
longmhar líonmhar,
beann fhíonmhar
fhonnmhar ághmhar.
2 Beann i mbíodh
Fionn is Fiana,
beann i mbíodh
cuirn is cuacha;
beann i rug ua
Duinn dána
lá Gráinne do
ruinn ruaga.
3 Beann tomghlan
seach gach tulach,
’s a mullach
crunnghlas corrach,
cnoc lannach
creamhach crannach,
beann bhallach
mhíolach mhongach.
4 Bean is áille
ós úir Éireann,
glébheann ós
fairrge faoileann,
a tréigean is
céim cruaidh liom,
Beann álainn
Éadair aoibhinn.