Poem in printable PDF format
Aoibhinn duit, a
dhuine dhoill!
[Tomás Ó Rathile:
Dánta Grádha, no. 28]
1 Aoibhinn duit,
a dhuine dhoill!
saoth liom gan
t’aineamh orainn;
do b’fhearr tocht
fám radharc ruinn;
socht óm amharc
ní fhaghaim.
2 Dá n-iarrainn,
níor bh’fheirrde dhamh, -
bheith slán dá
héis ní iarrabh;
mairg dár
cinneadh, a Dhé dhil,
silleadh an té
rom-theimhligh.
3 Tárfás damh, ní
dheachaidh leam,
inghean ro
b’iongnadh inneall;
troigh
sheangfhaobhrach do mhear mé,
gearrshaoghlach
fear a feithmhe!
4 Ní i ndóigh
nách muirfeadh mé, -
truagh nách tig
aoinfheacht oile
[ní do tharbha
dhí ná dhamh]
ón adhbha i mbí
do bhunadh.
5 Ruisg nách
mairbhe meise féin,
glór meirbh nách
mairbhe iaidséin,
na hiolfhaobhair
ler mharbh mé,
arm ionaonaigh,
dom aithne.
6 Aithreach damh
[ní doiligh linn!]
meisde mh’óidh
agus mh’inntinn,
ar dtonn bháite,
ar n-adhart olc,
an radharc cráite
ad-chonnarc.
7 Mairg don
mharbhthóir do mharbh mé,
leis nách truagh
mar tú tríthe
im throich bhí a
haithle mh’anma;
ro sní mh’aithne
is mh’urlabhra.