firstLine"; ?>

239. Aoidhe i nEirinn an t-Iarla $
Length: long 33qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th mid
Areas:
  1. Leinster (Munster)
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. TCD 1318 (H.2.16) pseudo�YBL� 15thc.
Prints:
  1. transl. Aithd.D. no. 36
Motifs:
  1. war with the Foreigners
  2. cooperation btn Irish and Anglo-Irish
  3. territory as king’s spouse
  4. fertility in reign of just prince
  5. tribute (cios, cain)
  6. Historical comparisons
  7. Sea-voyage
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Og (“YBL�)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. James
Patron Surnames:
  1. Butler (4th Earl Ormond d. 1452)
Apologue Subclasses:
  1. Da Thi’s expedition to the Alps
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Aoidhe i n-Éirinn an t-Iarla


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 36]


Tadhg Ă“g Ă“ hUiginn cct.


1 Aoidhe i n-Éirinn an t-Iarla

sé ar eachtra gach éinbhliadhna;

do bhean dá haithne ar Fhódla

go gcaithfe fear forfhĂłgra.


2 Táinig aoidhe i n-Inis Fáil

le dtig soineann is síothcháin;

an fonn ag aithne an aoidheadh

tairthe coll ga chomhmaoideamh.


3 Iasg i n-aibhnibh re a aghaidh,

snuadh fáilte ar a fiodhbhadhaibh,

muir ga fhĂłgra don aoidhidh

go bhfuil FĂłdla forbhfaoilidh.


4 Do-rinne a long deoraidh dhe

ag cuartughadh gach crĂ­che;

do thoirrsigh Ă­ le hiomromh

an loingsin - nĂ­ as neimhiongnadh.


5 SgrĂ­bhne ga gcur ar a chionn

ó Shacsaibh i n-iath nÉireann

an uair léaghas na litre

SĂ©amus uainn ar imirce.


6 NĂ­ dar ndeoin nach biadh a-bhos

an mac as mhac do Shéamus

gémadh fuath le Sacsaibh sinn

luach a fhastaidh i n-Éirinn.


7 Do bhĂ­ Banbha bean Chobhthaigh

gur sgar sĂ­ re Sacsanchaibh

re feadh bliadhna i mbeirt chumhadh,

do sheirc Iarla Urmhumhan.


8 Bean Airt gan a fearchoin fir

’n-a luing an uair do imthigh

fuair Éire d’aithle an turais

aithne a céile chomhudhais.


9 Do cuireadh d’aimhleas fholaigh

ar Shéamus ó Shacsonaibh

- nach í an Fhódla a-mháin do mhill -

gurbh áil a fhógra a hÉirinn.


10 Do thoirmiosg ar a threise

nĂ­ fhuighinn re a inneise

acht urdhubhadh bliadhna a-bháin

d’Iarla Urmhumhan d’fhagháil.


11 Fuair an t-Iarla d’aimhleas Gall

go raibhe i dtocht re tamall;

leagar Éire mar budh eadh,

d’eagar don ghléire Ghaoidheal.


12 An neach do bhĂ­ ag aimhleas air

téid d’iomardadh ’n-a aghaidh;

an fhaithghe láimh le Lunndain

fa lán d’aithle an iomordaidh.


13 Ré dá bhliadhan do bhí sain

gan chĂ­os an rĂ­ogh do rochtain;

ar fhear aimhlis an Iarla

[taidhbhris] re headh n-Ă©inbhliadhna.


14 Ar ghlac d’éadáil Inse Fáil

an neach dá dtargaidh theagmháil

a chunnradh fuair an fearsa

uaidh ar urladh imreasna.


15 An comhrag do luaidheadh leis

a locadh d’fhior an aimhleis

do thuig an rĂ­ as rĂ­ ar Sacsaibh

gur Ă­ a chuid don chomhracsain.


16 GnĂ­omh san Fhraingc do-rinne sain,

do bhĂ­ suaithnidh i Sacsaibh;

dá mbé i n-aghaidh riaghla an ríogh

gabhaidh gun Iarla an t-Ă©inghnĂ­omh.


17 Gur ghabh Iarla fhĂłid Mhumhan

an chaithir do-chualubhar

do bhĂ­odh gach laoi ucht re hucht

’s an lucht do bhaoi ga bárducht.


18 Cosmhail a thuras Ăł thoigh

do Ghleann na bhFuath i bhFrangcoibh

’s an eachtra ar ar thriall Dá Thí

go Sliabh nEalpa acht madh Ă©innĂ­.


19 Neart gach thíre fa dtug láimh

ag mac Fhiachrach ga fhagháil

fuair soin re [hucht a oighidh],

a lucht oil ga fhiarfoighidh.


20 An toisg do-chuaidh cumhain liom

san bhFraingc ar bhfágbháil Éirionn

deacra ná an céim ó chianaibh

nĂł eachtra NĂ©ill Naoighiallaigh.


21 An turas céadna do-chuaidh

san bhFraingc fa fochainn iomluaidh;

ionchuir dá leanta go lom

eachtra Criomhthuinn ’n-a chonghlonn.


22 Séamus Buitillér béin leam

dá bhfágbha Inis Éireann

na gabhla bu dĂşthaigh dhi

Banbha fĂşthaibh go bhfĂşigfe.


23 Tuigeadh gach Gall dá mbí a-bhus

’n-a luing suil leagar Séamus

go gcaithfeadh Ă© nĂł a aithghin

nach bé ag aithbhear iomaithbhir.


24 Leig d’Éirinn muna fhuilnge,

don Iarla is Ă­ ar gcomhuirle;

budh lán faghla dá bhfágbha

clár Banbha gan bharánda.


25 NĂ­ fhidir - nĂ­ hiongnadh dhi -

cá fear le bhfuighbheadh Éire

tar muir [má] théighe turas

nach fuil Éire ar amhuras.


26 Íocfaidh mínleach Moighe Fáil

daoine ar Éirinn d’fhágbháil

a bhfuil uaibhse im bhonaibh beann

d’fholaibh uaisle na hÉireann.


27 Neimhiongnadh d’fhuil Ghaoidhil Glais

cur re Fódla dá bhféadais;

leig a céaddaoine ós a cionn

nó creid éagcaoine Éireann


28 Bíodh a fhios ag Gallaibh Gréag

dá dtugtha cúl re gcoimhéad

an adhaigh théighe tar tuinn

raghaidh Éire dá healchuing.


29 Aithnim is amhlaidh budh maith

le Gallaibh uait, a ardfhlaith,

a gcobhair an t-am budh áil

’s gan Ghall oraibh dá admháil.


30 Goill Banbha dá mbeid red chois

ná mínigh, a mheic Shéamois;

bĂ­ go gcrĂ­ochnaighe a gcanaim

nĂ­ as fhĂ­ochmhaire n-uraghaill.


31 Ní furáil duid, is dearbh liom,

ó Ghallaibh Inse hÉirionn

cíos as a n-acra d’fhagháil

dá n-anta ga n-iongabháil.


32 Ionadh an rĂ­ogh muna raibh

ó Ghallaibh Éireann agaibh

gan tocht i n-ionadh eile

ní thiobhar ort d’impidhe.


33 Na Goill nach geabhann do láimh

gomadh hé an t-Iarla a n-eadráin

budh hé a n-anáir ’n-a éagmhais

ré d’fhagháil le n-imdhéaghdais. Aoidhe.