Poem in printable PDF format
A chailleach na
foraire
[Mac Niocaill,
Gearóid: Duanaire Ghearóid Iarla (Studia Hibernica, 3, 1963,
7ff.), poem 6]
1 A chailleach na
foraire
bhíos ’na codladh
go camhaoir,
iongnadh mina
mothaighe
a mhéad ata ort
d’anaoibh.
2 A athchailleach
fhorasta,
is d’airdheanaibh
mná h’aoise
grádh bídh is
mian chodalta,
comhrádh
barrghaoitheach baoise.
3 Mairg dar
cinneadh comhnaidhe
ar do chomhair go
madain
agus tusa id
choncaire
mar bhíos
bradhall ar charraig.
4 Do bo shaoire
an brághdaineas
do ghlas lámh
agus geimheal
ná tusa, a
ghnathchailleach,
do bheith
choidhche ’gár bhfeitheamh.
5 Beartaighim fám
breithirse,
dá dteagmhadh sé
ar mo chomas,
dod drochbhanas
éintighe
go bhfágfainn
teagh Chinn Choradh.
6 Is fiarfaidhe
aiceanta,
nó is ceist ar
lucht na séimhcheard,
créad fa bhfuilid
cailleacha
riamh do
mhacámhaibh Éireann.
7 Nocha tusa id
éanarán
fuair anachraoibh
ó mh’aithghin;
ní mó is mise
céadmhacámh
do bhí i
ndaoirsine ag cailligh.
8 Do chuala do
chomhchosmhail
do chailligh ag
ríogh Uladh
annsa chraoibh
ruaidh Chonchobhair
thuasúd re linn
na gcuradh.
9 Do ba bhuidhean
treathangharbh
iad a dtriúr im
gach éanchnáimh
dá leandaois
luath-Leabharcham
peata fiaich,
peata préacháin.
10 D’fhormad ris
an mbuídhin-sin
ná bíodh, a
chailleach dhochnáich:
dámadh lugha a
mhuirighin
níor bheag duit
peata socáin.
11 Is iongnadh
dod leithéidse
mas fíor dhúinne,
a Dhuibh-Easa,
éan d’éanaibh na
heiséirghe
do bheith agat
mar pheata. A c.
12 Tharla
cailleach chugainne
dár dturas annsa
bhrughsa
in uaimh dhorcha
dhubh-aille
mar tharla do
Mahol Umha. A.
13 Do bhiadh agam
fhiarfaidhe
do mhacámh ar
dhruim Bhanbha
an dtarla don
Diarmaid-se
cailleach riamh a
mac samhla. A c.
14 Ar mháthair
mhic óghMhuire
nach bia umam go
failleach
sirim re taoibh
thrócaire
do scaradh riom,
a chailleach. A c.