firstLine"; ?>

241. Aoidhe mo chroidhe ceann Bhriain $
Length: very long 70qq
Certainty: 1
Period:
  1. 13th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. NLI G992 (Nugent MS) c. 1577
  2. Book of O’Conor Don 1631
  3. RIA no 5 (23/D/4) 17th c. Munster
  4. RIA1387 (23/O/78) UillR. MacCoitir 1723
  5. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R.1744-
Prints:
  1. transl. Williams, PoemsGBM, no. xiii
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. Envoi to saints (BVM & Brigit)
  3. Material rewards for poetry
  4. war with the Foreigners
  5. Symptoms of law & order with just prince
  6. patron beheaded
  7. Gravestone
  8. poet exposed to attack by patron’s death
  9. church’s immunity observed by patron
  10. citation of historical precedents
Poet Christian Names:
  1. Giolla Brighde (G 992)
Poet Surnames:
  1. MacConmidhe (‘G-B beag’ RIA 1387, 3)
Patron Christian Names:
  1. Brian
Patron Surnames:
  1. O Neill (d. 1260)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Aoidhe mo chroidhe ceann Briain


[Williams, N. J. A.: The poems of Giolla Brighde Mac Con Midhe (Irish Texts Society 51, 1980), poem 13]


1 Aoidhe mo chroidhe ceann Briain

i gcrích ainiúil fa fhuairchriaidh;

a chinn Bhriain Sléibhe Sneachta,

Éire id diaidh is dílleachta.


2 Rugadh ceann Í Néill náraigh

go Lunnain n-aird n-uaránaigh;

ceann Briain tar an sáile soir

báire ón ghliaidh ag na Galloibh.


3 Rugadh go rígh Sacsan soir

ceann ríogh Gaoidheal le Galloibh;

nach lór do bhreith ghill Ghaoidheal

beith, a chinn, dod chommaoidheamh?


4 Fíu do dhíoth a ndearnsad Goill

ceann Briain do bhreith go Lunnoinn;

tinn an earr ar a aghaidh

a cheann i gcill chomhadhaigh.


5 Mairg rug ó Dhún a dhreich mbuig

ón bhaile i bhfuil feart Pádruig;

gan rígh Caisil is crádh linn

lámh re taisibh an Táilginn.


6 A n-adhnaicthe in Ard Mhacha

Ultaigh is a n-aolchlacha;

i measg cloch ar gClann Néillne,

och, nach ann a eiséirghe.


7 Atá i Lunnainn fa lic gil

ceann do cheannóchdaois Gaoidhil;

m’eallach gion go gcluine, a chinn,

uile id cheannach do chuirfinn.


8 Do-rad fiche bó bheannach

ar mo dhuain - fa deigceannach,

gé madh fiche bó bheann n-óir,

fa mó agus dob fhearr m’onoir.


9 Tugas leam i ló oile

fiche bó fa Bhealtoine

re taobh ionnmhais mhóir a-muigh

in iongnais óir is éaduigh.


10 Do-fhuaras aisgidh dob fhearr,

bheannachtain airdríogh Éireann;

cradh a dhuaine nír dhochta -

buaine bladh a bheannochta.


11 Do dhoirt cách a-noir ’s a-niar

fam chrudh ó do-chóidh daighBhrian;

do-chuaidh ’s mo ní ar aoinrian as

saoirBhrian an ti dá dtárras.


12 Gan each, gan bhoin dá mbeimís

ar chrodh nocha cheisfimís

’s ní bhiath ní budh tacha óm thoigh

is rí Macha do mharthoin.


13 Uchán, do budh olc le Brian

a dtugthar dhamh do dhímhiadh;

ro budh éadóigh thiar nó thoir

m’éagcóir is Brian ’na bheathoidh.


14 Cogadh Gaoidheal re Galluibh

imirt ar nguin ghallbhrannuibh,

fian Ghall do ghuin ar mbranáin -

ní fhuil ann ar n-ionnghabháil.


15 Do bheansad barr ar n-arbha

meitheal uathmhar allmhardha;

tig rinn ar Domhnach go Dún -

fa connlach inn ag iompúdh.


16 Go lá an Dúin nír cuireadh cath

ar mhuinntir Mhílidh Teamhrach;

mar bhíos i ndán do dhroing dol

nocha phoinn ágh ná eangnomh.


17 ’Na thráth féin ní facas linn

an bheart do fhóirfeadh Éirinn,

mar budh cáir cur an ghaisgidh

ar sgur an áigh urmhaistir.


18 Ar airg, ar loisg do leasaibh

is ar mhuidh do mhóirthreasaibh,

gach slios múir bhallaigh dár bhlagh

le Gallaibh Dúin do díoghladh.


19 Na Goill ó Lunnainn a-le,

na pubaill a Purt Láirge,

teagaid ’na mbróin ghealghlais ghuirm,

’na n-eanghlais óir is iaruinn.


20 Leattrom ro chuirsead an cath

Goill agus Gaoidhil Teamhrach:

léinte caolshróill fa Chloinn gCuinn

is Goill ’na n-aonbhróin iaruinn.


21 Fáth ar mbeart bheith i gcoire

’mun gcath ar ceann Maonmhoighe;

dá mbeartha ar chách gan an cath

ní ba tráth deabhtha an Domhnach.


22 Gá poinn ágh ná iomad ga?

do nimh bhristear cath cródha;

gur ceangladh do nimh Ó Néill

eangnamh an fhir dob aigmhéil.


23 Bó bhoicht ní tugadh dá thoigh,

mionn shagairt nochar shároigh;

créad ro mhill fár mhuidh an cath?

ní fhuil cill risar chiontach.


24 Each ’s a shrian cumhdaigh fa a cheann

dá dtíseadh ar fhud nÉireann,

tre Inis bhFáil go Brian mBreagh

gan láimh ’na shrian ro shóiseadh.


25 Do imdheochadh bean fa Bhrian

ó Shliabh Challainn go Coirrshliabh;

siobhal Gaoidheal is gráin leam

ó do-cháidh aoinfhear Éireann.


26 Nír sháraigh neimheadh Ó Néill,

ní dhearna eaglais d’aimhréir;

rath Briain do bhádhadh do nimh;

crábhadh ’na dhiaidh is doiligh.


27 Laochraidh Leithe Cuinn san chath

do chomhthuit im cheann dTeamhrach;

mar bheantar a thuir ó thoigh

leagthar a dhruil ’na deaghoidh.


28 Tuitim ríoghraidhe bhfear bhFáil

ní háirimhthear ón éanphláigh;

onchoin Ghaoidheal arna nguin

folchoidh aoinfhear a n-easbhuidh.


29 Atá ar laochraidh Leithe Cuinn

aithfear iomaithfir aguinn:

léigean ríogh i gcath nír cháir;

ach do ghníomh, gan a ghabháil.


30 Fágbháil ríogh Oiligh san ár

náir do Shíol Eoghain eachbháin;

feitheamh fallsa d’fhéin Eamhna

léim tarsa dá dtighearna.


31 Tar éis an chatha chneadhaigh

ni gluaiste ag na Gaoidhealaibh

an cuaille Fáil tiar nó thoir

a-bháin ’s gan Brian ’na bheathoidh.


32 An chéadtachar do chuir Brian

’na dtorchair ardfhlaith Oirghiall;

gur thuit ag Dún an donn geal

a bhonn ar gcúl nír cuireadh.


33 Gidh mór dhíothaighid - dearbh leam -

Sacsanaigh d’fhearaibh Éireann,

is mó do thraoth i dtorchair

san chró laoch le Lochlonnchaibh.


34 Niall Glúndubh, Fearghas na bhfleadh,

Flann is Seachnasach slisgheal,

oighiodh Colmáin Teamhra thall

le corrgháibh leabhra Lochlann.


35 Éanna leo, Baodán - beacht soin -

Maoileachlainn mac Maoil Ruanoigh,

Fearghal mac Maola Dúin duinn,

craobha a chúil ar a chaoldruim.


36 Muircheartach mac Néill go neimh,

Conghalach mac Maoil Mhitheigh,

- do thuit le niort Aodh Alláin -

taobh re a n-iocht dob anfhalláin.


37 Tuitim a mheic is Mhurchaidh

i gCluain Tairbh bhric bhraontulchaigh;

Brian is a theaghlach fa thoirt

is fian Teamhrach do threasgoirt.


38 Nír thuit ó tángadar Goill

do ríoghraidh Éireann agoinn

acht Brian gona ghasraidh ghlain

le Saghsaibh riamh dár ríoghaibh.


39 Gur thuit Brian Binne hAbhaidh

i gcath Dúin re Danaraibh

catha Chlann Néill a-nallain

go léir ann do íocamair.


40 Ar gcath ag Craoibh Tholcha truim

ag Dún ro díoghladh oruinn;

torchair Eachaidh san treas toir -

bheas ní dheachaidh gan díoghoil.


41 Cath Átha solais Sidhe

do iocsam re hainbhfine;

maidhm Dúine díoghlaidh ar gcath

ar míonMhaigh núidhe Nathrach.


42 Cath Rátha Both ro bhris sinn,

cath Sléibhe Togha taoibhfhinn;

ro ba lán na haibhne d’fhuil

ar Chlár Maighne san Mumhuin.


43 Cath Leithe Chaim ro chuir Niall

dár gcosnamh ar chrích nOirghiall,

ar gcath i Moigh gleannúr Ghlas,

ach, sa seanDún toir tárras.


44 Cath ro chuirseam uair eile

fa Dhún Droma Dáirine,

ár ag Loch Cuan rem chuimhne,

och mon-uar, ro íocsaimne.


45 Ro ba díomsach ar ndaoine

dár chuirsiom cath Formaoile;

ach, ro ba mór ar meanma

dár chlódh cath na Caisbhearna.


46 Fidhcheall do luirgnibh Laighean

’nar gceardcha ro cumhdaigheadh:

fir chorra ar chláraibh a sean

do chnámhaibh loma Laighean.


47 Cíos Átha Cliath ón chath Ghall,

sluaigheadh na gcochall gcrocann,

bráighde dhúin a Caisiol Chuirc

ag caisfhiodh Dúin dá dhíoghuilt.


48 Ceallachán rí Caisil Chuirc

i nglas ’nar dtigh dá thabhuirt;

losgadh toighe Cinn Choradh -

groighe inn gan urchomhal.


49 Ár Muimhneach ar Mhagh Cabha,

maidhm Clochair, cath Iorchradha,

géill Ó nDoighre ar ríoghMhagh Rath

do díoghladh oirne in éanchath.


50 Conchubhar mac Taidhg ’nar dtigh,

airdrí Connacht ’na chimidh;

bráighde ríogh Gall inar nglas -

fa-ríor, nocha tall tárras.


51 Cluiche go bás Briain Bhanna

creacha is marbhtha.is madhmanna;

éachta Gall go guin Í Néill

nochan fhuil ann acht oilbhéim.


52 Is teasgadh compair chroidhe

bás Briain Locha Laoghoire;

nocha bhoinnbhéim acht cneadh chinn

an fear ó Choirrshléibh chaoinim.


53 Buille dícheannta bhfear bhFáil

bás Í Néill Oiligh fhódbháin;

cuibhreach Gaoidheal an geal seang

agus sgaoileadh fhear nÉireann.


54 Uaigh ríogh Oiligh an fhuilt tigh,

a dhaoine dá ndeach aithnidh,

do bhraithfinn daoibh an uaigh ann

don taoibh bu-thuaidh don teampall.


55 Brian Bóraimhe is-teampall tuaidh;

Brian Ó Néill Oiligh armruaidh

fada siar ó Cuinn Chabha

’s a bhuinn re Brían mBóramha.


56 A ndubhairt Mac Liag Luimnigh

re ceann gConuing gcathbhuidhnigh:

“Saoth leam biodhbhaidh dá bhéin de” -

ceann Í Néill ionmhain aoidhe.


57 Aoinbhliadhain is ceithre chéad,

seasga, sé mhíle - an móirbhéad -

ó dheilbh na ndúl tiar is toir

Brian i nDún nó go ndrochoir.


58 Trí fhichid déag bliadhain bhán,

míle ó ghein Chríost go comhlán

gur thuit ar fiadh ngormúr nglas

Brian i longDhún Da Leathghlas.


59 Teasta d’fhichid bliadhain bhuan

ó chath Chaimeirghe chrannruadh,

bliadhain féin, blogh do bhliadhoin

go dol í Néill Naoighialloigh.


60 Goirt lem chroidhe Goill ghlasa

ós cionn chosgair Maghnasa;

ceann Í Chathán ’s a n-úidh air

ar clachán Dúin dá dhéaghain.


61 Aghaidh do Mhaghnas Mhacha

eidir chollaibh créachtacha;

Brian ’s gan a bheith isan ágh

ní bheith gan chreich Ó Cathán.


62 Maghnas féin, Eachmharcach ann,

Muircheartach, Donnchadh, Domhnall,

Niall Ó Cathán dom chneasghuin;

achán, nochan éineasbhuidh.


63 Dainimh dár macaibh ’s dár mnáibh

marbhadh Maghnasa Í Chatháin;

nir thréig slat Inbhir Abhaidh

mac ná inghin Eoghanaigh.


64 Bréag aoibhneas an domhain duinn,

mairg mealltar i ndiaidh Domhnuill;

fa tréin guth Í Chairre ar chách-

uch, d’ó Néill Chaille an conách.


65 Meinic tánag toisg reabhaigh

d’fhios Amhlaoibh Í Ghairmleadhaigh;

[créad fa rach don toigh rem thaoibh?]

ach, isad oil gan Amhlaoibh.


66 Conchubhar Málann mac Cuinn

chaoinid mná is fir i bhFionndruim;

Ó Duibh Dhíorma is toll a theagh -

íorna gan chonn a chineadh;


67 Do-chuaidh le Cian na gcon seang

náire is oireachas Éireann;

do folchadh uainn ciall is cruth

agus Cian in uaigh d’fholuch.


68 Easbhaidh charad agus chruidh

Mac Cana do Chloinn Eoghuin;

Donn Sléibhe ó cneasghloin Cana

easbhaidh fhéile is eangnamha.


69 Mairg tháraidh an tuagh nó an ga

rér thuit Cú Uladh Eamhna;

mór an phudhar thú fa thuaigh,

a Chú Uladh Í Annluain.


70 Ní bhiath lagadh i Leith Chuinn

muna marbhthaoi Mág Lochluinn;

ón lósa oighidh Bhriain bhuig

doiligh ’na dhiaidh gan Diarmuid.


71 Mac Néill Í Néill a-nosa

do bhí ar druim a dhúthchosa;

bláth as a bheith ’na thoradh

a bhreith ó chách Conchobhar.


72 Meic ríogh Connacht Chairn Mheadhbha

nír thréigsead a dtighearna

go ndrochair gach damhna glan

do sgothaibh calma Cruachan.


73 Mac Tighearnáin toir do thuit

agus mac ceannchas Cormuic,

Ua Maoil Seachluinn Mhidhe a-muigh

d’fhine ghealChuinn re Galluibh.


74 Mac Caoimh Eamhna mhóir Mhacha

do thuit riu lá an luathchatha;

Ó Duibh mhóir Oiligh Eamhna

doiligh dóibh i ndoimheanma.


75 Uch do bhroid táinig don tír

re haghaidh éaga Í Dhuibhlín;

Gofraidh ar mbrón résan mbráth;

sochraidh fa ól an t-óglách.


76 Seacht laithe is lugha ioná mí

résan maidhm marbhadh Ruaidhrí;

bainne ré bhfrais dúin ’na deaghaidh

gan shúil nglais Í Ghairmleadhaigh.


77 Niall mac Néill, gá neach do shaoil

a bhás do bheith i bhfochraoibh,

ó tháinig beo barr Eanaigh

a gleo Gall Ó Gairmleadhaigh?


78 Ó Néill mór agus a mhac

ionmhain omna agus ógshlat;

uch, roba conghlann saor sin,

Domhnall agus Aodh Oiligh.


79 Ardghal Oiligh fa úir ghloin

i ndíseart Doire Chalgoigh;

láimh re Tulaigh Fhinn fheartaigh

cumhain linn Ó Laitheartaigh.


80 ............................

.................................

treise, a Dhé mhóir, ar Mhoire

go mbé ’gun óigh m’athloighe.


81 Brighid cháigh Cille Dara,

mo bhanógh, mo bhanchara,

go dtí fam chlí ’na crios te,

go dti dom fhios an t-aoidhe.