firstLine"; ?>

244. Aonar dhamh-sa eidir dhaoinibh $
Length: short 13qq
Certainty: 5
Period:
  1. 17th early
Classes:
  1. Decay of poetry
Manuscripts:
  1. RIA1387 (23/O/78) UillR. MacCoitir 1723
  2. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R.1744-
Prints:
  1. transl. IBP no. 42
Motifs:
  1. education of poets
  2. decay of old poetic learning
  3. Foreign conquest of Ireland
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Aonar dhamhsa eidir dhaoinibh


[Bergin, Osborn: Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 42]


1 Aonar dhamhsa eidir dhaoinibh,

atú anocht go neamhfhaoiligh:

am aonarán a ccionn cháigh,

’s ionn gan aobharán d’fagháil.


2 Ní thuig mé an lucht so ag labhra,

gá dtá ar tteanga mháthardha:

ar n-aos aithnigh ní léir linn,

mh’aithghin féin ó nach faicim.


3 Ionann liom gach longphort lán

is uaigneas d’éis mo chompán:

mar sin budh daoinighe dhamh,

aoinfhile as tigh dhá tteagmhadh.


4 Teóra ceardcha ’nar chleacht sinn

áineas d’fagháil dom intinn,

nach taighlim na trí ceardcha,

do shní fhaighlinn mh’aigeanta.


5 Teach meabhraighthe ar mac soirbhidh,

rob áit oiris d’ógbhuidhnibh,

grís deargtha agus sí solas,

rob í ar gceardcha céadamhas.


6 Teach luighe ar lochta samhla,

uinivers na healadhna,

dánbhoth ór dhoichealgtha sinn,

roicheardcha ar n-ánroth innill.


7 Teach breithibh gach gréasa gloin

an treas tech dar ttrí cceardchoibh,

ór lia snáth feithleannta fis,

’nar ghnáth éincheardcha an oiris.


8 Trí rómha a ngabhmaois grádha,

trí ceardchadha congmhála

do dhreamuibh dile re dán,

tighe ceanguil na gcompán.


9 Beannocht leó a los a saoire,

dronga ar nár cheisd cruadhlaoighe,

an coimhthionál dar chóir searc,

doircheadhán dóibh nír dhoircheacht.


10 Ba haithghearr eatorra sin

lá earraigh, aghaidh gheimhrigh:

an lucht téarnó do-ní a-nois

mí don éanló ’na n-éagmhois.


11 Ionnsa an t-anshaothar orra,

nach fuighid fir fhoghloma

gréas snáthsholas na suadh nglan,

dar dhual fáthfhoras focal.


l2 Dursan an taobh dhá dtáinig

a mhoille thrá thionáilid;

fatha sgaoilidh na sgoile

Gaoidhil Macha ag moghsoine.