firstLine"; ?>

245. Aonar dhuit a Bhriain Bhanba $
Length: very long 51qq
Certainty: 5
Period:
  1. 13th early
Classes:
  1. Historical
Manuscripts:
  1. RIA493(23/C/18)Mmc PUi Longain1766
  2. RIA 253 (F/iv/2) M. Og O Longain 1813
  3. Mayn. M1 M. Og O Longain 1818
Prints:
  1. transl. Goedheer, Ir. Norse Trad. pp. 45-55
Motifs:
  1. Patron’s caithreim
  2. war with the Foreigners
  3. Foreign conquest of Ireland
Poet Christian Names:
  1. Muireadhach Albanach (RIA 493)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Brian Boroimhe
Patron Surnames:
  1. Cname only
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Aonar dhuit, a Bhriain Bhanbha

[RIA 493 (23/C/18), 71]

Muiréadhach Ó Dála .i. Murédh[ac]h Albanach cecinit

[Deibhidhe, Ógláchas; mixture]


1 Aonar dhuit a Bhriain Bhanba

ad rígh is ad ríoghdhamhna

a ccat[h] mor Muighi hEalta

tangadar do thioghleachta.

2 Ni ad t’aonar do bhádhais teas

a rí(gh) Eireann na n-airdleas

a nÍbh Conuill na sló(i)gh slán

dár bhrisis cath mor Murgán.

3 Cath Cnám Coille as tú do chuir

air Gallaibh loma Luimnigh

do chuairt go Luimneach na lus

do budh tuillmheath an turus.

4 An t-ár a nInis Cathuigh

leat tugadh ní gniom meathach

dár marbadh ríoghra na nGall

um Íomhar 7 um Dhuibhgheann.

5 Do cuiris caith Cathrach Cuain

air Dhonabhán an mhórshluaigh

do thuit Donabhán ann-sin

agas Aralt mac Íomhair.

6 Do-rad ár Bealuigh Leachta

Brian ár mbuinne rabharta

dár marb(adh) Ó Maolmuadh mac Broin

an rí do bhí air DeasMumhuin.

7 Conall mac Faoláin na bfearg

rí na nDéise do ionnarb

tug bráighde Láighean a-le

agus ríoghradh Oisrighe.

8 As tu thug ár na hoídhche

air MhaoilSeachloinn gear dhoirche

air Mhaigh Ádhair tol-. (?) clann

air coig cóigedhaibh Eireann.

9 Do bhris coradh Átha Luain

do-chuaidh tar Loch Raoi budh thuaidh

gur ghabh bráighde gur ghabh smacht

Maoilseachloinn 7 Connacht.

10 Síth Éirionn uile uile

do rinne Brian Bóroime

gur imig an bhean gan an [leg. on?]

ón ttuinn go roile a haonar.

11 Coill diamar a mbíodh gach dál

as leis do léighedh fa lár

Cairrghe na nDruadh thoir ró leag

dár treasgair ua Cuinn Cormac.

12 Ár Gleanna Múmha air Ghallaibh

do bhris Brian air bhuabhallaibh

airg as a haithle sin

Aith Chliath gona innsibh.s

13 Leis tugach [leg. -dh?] cath Cluana Tairbh

air Mhaigh nEalta go hathgharbh

gur thuitsedur broinn air broinn

na Gaoidhill is na glasGhoill.

14 Ní raibh[e] loch a nEirinn

gan loingeas Gall airgleibhionn

ní raibhe dún ná díoghna

gan longport Gall glaisiomdha.

15 Seacht mbliaghna d’Árd Macha móir

gan iobartha air olltóir

go ttáinig ní an bhroga bhil [leg. bhig?]

Brian ceannsocharach síol Eogain.

16 Tuirgéis a longa tar lear

seacht mbliagna do g(h)an deabaidh

’na abdhuine a nÁrd Macha

fá habdhuine annfhlatha.

17 Loingios mór Iarla ó Ír

cheithre fithid long a ttír

loingios Hirn fá gnáth air tuinn

loingeas Breas loingeas Eachduinn.

18 Loingeas Geanainn na ttriaths [72]

loingeas mor Locha Dáriach

loingeas Loca Deirgeirt de

is loingeas boirb Baoithine.

19 Loingeas mór na mna ruaidhe

ba measa ná gach cuaine

duairc an phrímhghin tar muir Mailc

d’ingein einime macacht.

20 Ria do-rinne an cluithe garbh

a ndiogailt go mbeidís marbh

do aghnaigh coinnle fá a ccuim

a híth na n-inghean n-áluinn.

21 Na coinnle do cuirthí dhe sa síghs

do ághnicc iad ann gach crích

ód-cídís an lasair loinn

Gaoidhil ní budh hionnchómhloinn.

22 Do chath Brian a hEachtga áin

cheithre catha ’na chómhdháil

bail a mbíodh longport na mna

tangadar na taisgéalta.

23 Do mharbh Murchadh an mnaoi ruaidh

fear[r] (?) an bhuadh-sin nó gach buaidh

gur chuir cuaille tréna cend

a bhfiaghnaise fhear nÉireann.

24 Loingios Iomhair tar an muir

sochaidhe da ttug díogail

loingios ionna ccrioslach de

nocharb fearr loingeas Caingne.

25 Ro airgsed Doire coinnig cháidhs

Innis Bó Finne fa angáibhs

innis Muiredaigh na leag

agas Ára 7 Sgeallag.

26 Cluain Mic Nóis 7 Cluain Feart fós

Innis Cealtra(a)ch fá mínnós

Eas Dara is Áith Cliath gan cleith

Luimneach is Port Lairge.

27 Corcach is Innis Cathuigh

Loch Leinn Ros Cré fá a ccaithibh

Ard Macha is Dún Goire de

(i)s Doire cáidh Chollum Chille.

28 Innis Labhruinne na leag

Ros Oilithre ró airgsead

Lios Mór gan crábha gan chrois

Imleach do bheith gan eaglais.

29 Gleann Dá Lacha fá dhaoire

Cluain Íoraird fá éagcaoine

gan cros gan cuing gan crábha

Eas Dara fá mhíodhcacus [leg. -ádhas?]

30 Ró airgsed Goill sin uile

eidir dhíon 7 duinne

go nár fhágsad cros na cill

gan áidhmhilleadh a nÉirinn.

31 Iar marbadh ríogh 7 ruireach

Eirinn uile gan fhuireach

rugach tar an bhfairge dhe

a mná ’sa (a)maca a ndaoirse.

32 Suaithreach gach tíghe a nEirinn

ina pheata Goill gléighghir (?)

gion go ttucfadh d’olc as-teach

badh lór do lot an suaithreach. (?)

33 Gach a mblighthí d’eas as-tig

do-bearthaoi a mbéal an tsuaithricc

gach a n-iaradh fós an stráil

ní lámhthaoi gan a fhagháil.

34 Truagh an bhreath nochar bhreat cheart

do bheiredh leis ag imtheacht

unga d’or gach srón as-tig

’san tí fá só don mhuíntir.

35 Gach a ndearna sin uile

do thuit le Brian Bóruimhe

dob fhind (?) an díth ré rígh Banba

cor Danar a n-eagcalma.

36 Gach neimhidh do airgsed sin [73]

do fhóir Brian mac Cinneideadh [leg. -igh?]

gur shocraigh sgoil in gach cill

iar sgrios na n-olc a hÉirinn.

37 Lúgh is Fionn na Feinne

Pádraig is Brian go bhféile

ceathrar a ttreasaibh nár thím

as mó do (fhóir) leasaicc Eirinn.

38 Do leasaicc Brian an Banba

air na Gallaibh glaschalma

gan cumus críche ná cruidh

gan díth uirthe ná easbaidh.

39 Do fhágbhadur Goill Eirinn

air eagla an mhilidh mheirsheing

a ttiomchull Eirionn a-muigh

do-ghnídh leibhionn dá longuibh.

40 Do ghluaisiodar na Danair

go hAith Cliath an chaomhchaluith

dream tar glasmuir nochar gheal

do chur air gas(a)raidh Gaoideal.

41 Do tionoill buachuill Banba

fir Eirionn ón athardha

go ttuga leis a lámha

a n-áighidh na tromdhaimheadh.

42 Do thuitsed maithe Gaoidhiol

san ccaith cóir a chomhúighiom

gur marbadh riogra na nGall

táinig(h) a hinnsibh Lochlann.

43 Do-rinedur cro bodhbha

na Danair brodha bhorba

go ttarla an uair-sin san ngleo

Murchadh fá dhuais an gairbhghleo.

44 Do thuit isin cró chatha

Murchadh mac na hárdfhlatha

seisior air chéd do thuit leis

dona Gallaibh gan eisleis.

45 Air n-imtheacht Mhurcha mheirsheing

d[o] imig eangnam Eirinn

gan fear diong(a)bhála céd fear

dá éis do chlannaibh Míledh.

46 Do marbadh le Bruadar Brian

re taoibh an chatha thiars

ag creidiomh do Chríost gan choir

ag binnghabháil a phsaltrach.

47 Aoine Cásg do marbadh Brian

ag díod(h)an Gaoidhiol na ngiall

mar do marbadh Críost gan choir

ag díodhan chloinne hÁdhamh.

48 Ó do marbadh Brian béil bhinn

níor aitreabhsed Goill Eirinn

ó shoin a-nuas gus a-niodh

go toirriocht an tIarla anamh.s

49 Ón ló tháinic an tIarla

tig loingeas Gall gach bliagain

gur ghabhsad Banba na mbeann

aca a-tá an chríoch gach [leg. go?] coitchend.

50 Rugsait aingil a bParthas

anam Bhriain gan iomarbhas

truagh an sgíth a chorp gan chol

fríoth air Mháigh nEalta aonar.

51 Cuin thucfas [mac]samhail Bhriain

theas ná thuaigh [ná] toir ná thiar

neach fhóirfeas Gaoidhil air ghoimh

mur do fhóir-sion a(n) aonar.