firstLine"; ?>

247. Ar do dhion damh a Ghobnuit $
Length: short 15qq
Certainty: 0
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. BL Add 31,877 D. O Suilleabhain 1755-
Prints:
  1. text Eigse vi, 328
Motifs:
  1. envoi to saints Peter and Paul?
  2. comairce, protection, submission
  3. imagery for saint
  4. lorica
Patron Christian Names:
  1. Gobnait
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ar do dhíon damh, a Ghobnuit


[Ó Cuív, Brian: ‘Two poems of invocation to Saint Gobnait’, Éigse 6, 326-32]


1 Ar do dhíon damh, a Ghobnuit,

a sgiath bhuadha ar ndearmadluit;

tug dot aire ar anshódh mé,

a bhanógh Bhaile Bhoirne.


2 D’eagla an dearmuid ós é [a] am

cuimhnigh orm go hobann;

mo dhearmad ní déanta anois,

a réalta seanda soluis.


3 Ar eagla na heagla damh

fearthar leat orm go hollamh

fearthain na ngrás mar dhíon damh,

an bás fá-ríor ós eagal.


4 A bhannaomh bheannuighthe ghlan,

a shaoirghein ionnruic iodhan,

a fhuath bhéime, a bhláth na sgath,

déine tar chách mo chumhdach.


5 Cumhdaigh sinn, a ógh fhortuil,

ar gach aicíd iongantuigh,

d’eagla ar ngrodluit, a ghéag nocht,

a Ghobnuit, féag ré ar bhfortucht.


6 Ar an mbolgaigh seachain sinn,

ar gach aicíd nách áirmhim,

fágbhaim ad leith soin mar soin,

mo bhreith ó ghoimh gach galair.


7 Gach galar atá ar mo thí

a ghéag is ghloine caoinlí,

caomhuin mé ar ghoimh na ngalar

ós é soin ar slánughadh.


8 A hucht Chríost cuimhnigh oirne,

téighim trá ar do chomoirge,

brat ar ndaghthagha as tú damh,

tú m’anmchara is ní hiongnadh.


9 A bhainliaigh, leighis ar locht,

a bhláith bheannuighthe bheannocht,

coimhéad mé ar an uile olc

a[g] guidhe Dé tré dhúthrocht.


10 Díon mo chuirp, cumhdach m’anma,

feadh bhias ionnam urlabhra,

d’eagla an anman uair eile

fagbham uaibh mar impidhe.


11 Dom tharrang ar neamh a-nonn

gabh im dhiaidh is tar thoram,

gabh róm go haobhdha aireach,

a ógh mhaordha mhíorbhaileach.


12 Gabh rém thaoibh, tar ós mo chionn,

gabh rém ais, tar im thimchioll,

braithim t’annsa, a chnú chroidhe,

ós tú an tan-so is treóroidhe.


13 Ar gach urchóid ainic mé,

i ndeireadh laoi, i moch mhaidne,

tug t’aire is an oidhche damh,

faire choidhche dom chumhdach.


14 I meadhón gach laoi leabhuir

ar gach céim don chineamhuin,

’s gach uair is ionluighe damh,

smuain tré ionmhuine ar n-ionramh.


15 Tabhair trá, ’s as toghtha damh,

d’eagla an ainbhfis dom mhealladh,

go ngabha róm an raon glan

taobh ré Pól is ré Peadar.