firstLine"; ?>

249. Ar iasacht fhuaras Aonghus $
Length: long 34 qq
Certainty: 5
Period:
  1. 13th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. personal
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
  2. RIA 6 (23/I/40) c. 1700 Co. Offaly
Prints:
  1. transl. Ir Monthly 48, 371
  2. text DiD, no.69
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. imagery to describe patron
  3. Resignation to God’s will
  4. Human life a loan from God
  5. Childhood, education, fosterage
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh Mor (RIA 6)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Aonghus
Patron Surnames:
  1. Cname only
Apologue Subclasses:
  1. Raising of Lazarus
  2. cow bereft of calf, nurses another, consoled
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ar iasacht fhuaras Aonghus


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 69]


1 Ar iasacht fhuaras Aonghus

ó Dhia gin gur dheaghcaomhnas;

an té rug é nochan olc

ó nach tug é achd ar iasocht.


2 Móide an tuirrse tá ar gach neac

fa bhreith uaim do Dhia dhúileach,

glan an nuabhas, nuaidhe an corp

do fhuaras uaidhe ar iasocht.


3 An t-iasocht fhuaras do nimh

nocha n-iodhlaicfinn idir;

do b’usa leam a locadh

gémadh fhearr a iodhlocadh.


4 A Dhúilimh do dhealbh a chorp,

nó go n-iodhlaicfinn m’iasocht

nachar bh’é ceart badh fhearr ann

gan teacht ar a cheann chugam?


5 Ní hiasocht áruis nimhe

a-tá ar Aonghus d’áiridhe;

gearr gach sosadh achd mar sain

do-san níor bh’fhearr ga athair.


6 An tsealbh bhunaidh bhíos a-nois

níor leam achd iasocht Aonghuis;

ní fríoth uaidh achd athaidh dhe;

do-chuaidh le a athair oile.


7 Iasocht bunaidh do bhuain air

ní iarrfainn ar an athair

- níor léig sei-sean an leanbh linn -

a shealbh leis-sean do léigfinn.


8 Do Mhac Dhé bhí is beannacht lais

deonuighim anam Aonghuis;

ní fhuighinn neart budh fhearr air

reacht fa a cheann nocha cosmhail.


9 Croidhe Dhé d’fhurtocht orm-sa

truagh nach táinig chugam-sa

ar mhnaoi roimhe ráinig teagh

mar tháinig croidhe an Choimdheadh.


10 Lá dá ndeachaidh Mac Muire

go teagh Martha míonghloine

an bhean dar chinn an rí rath

re a linn do bhí go brónach.


11 Do fhiarfaigh Mac Dé dhi-se

créad an chúis fa raibhei-se

ar bhfaicsin déar le a gruaidh ngil

an léan fhuair gé do fhidir.


12 “An mac óg do b’aithnidh dhuit”

ar si-se “a Athair orrdhruic,

teasda an ghéag bhassolus bhinn;

Lasarus créad nach caoinfinn?”


13 “Gluais leam” ar Dia do dhealbh neamh

“tuigim mar tá do chreideamh

go léiginn uaim do mhac maith

lat ón uaigh” ar an t-Ardfhlaith.


14 Gluaisis leis - níor leasg an chéim -

d’fhios an adhlaicthe ainn-séin;

sona an flaith ó bhfuair proigeacht,

maith do-chuaidh an chomhoideacht.


15 Do ráidh Dia ag dul ós a chionn

ris an mac - mairg nach tuigeann:

“cuirim ort, a chalann chriadh,

tocht ’s an t-anam ar éinrian.”


16 An sgáth bréige do bhí ann

as ar imdhigh an t-anam

ní dhearna an Rí achd a rádh sin

’s do bhí slán is an slighidh.


17 An cleas-sain, dá mbeinn buidheach,

do-rinne an mac míorbhuileach

a Dhé nach déanann a-nos

is nach fhéaghann é ar Aonghus!


18 Gion go bhfaghaim mar fuair sin

do chionn guidhe Dhé dhúiligh

d’éis a mhíorbhuile ar Mhartha

dá fhíorghuidhe is adhartha.


19 Gion go bhféagh Rí nimhe a-nois

orm-sa um fhóirithin Aonghuis

dámadh fiu mé a dhéanamh dhamh

do-ghéanadh é is do fhéadfadh.


20 Ó nach fiu a dhéanamh dhamh-sa

Mac Dé d’fhurtocht oram-sa

mairg más eadh do fhuirigh inn

ris an mbuilidh ngeal nglóirghrinn.


21 Níor shaoil mé gur mhaith an bhreath

gan mhac re a athair d’fhuireach;

ní hamhlaidh do an rem dhul

achd anmhain damh re a dhol-san.


22 Taosga thug mei-se ná an mac,

Dia tug orainn an t-iomlat;

gidh taosga rug sei-sean sain

ní hei-sean thug ó thosaigh.


23 Tosach uaim-se fhuair sei-sean;

truagh dhamh gan dul reimhei-sean;

d’óige ar meic-ne dar mhó ar gcean

do badh leigthe dhó deireadh.


24 Ní deireadh don tuirrse thruim

d’éis an laoigh d’fholach oruinn;

fa romhoch cré tar a chneas,

sé d’fholach nochar bh’oircheas.


25 Ní béas eilte d’éis a laoigh

agam d’éis an ghil ghlacshaoir;

ní thabhar laogh oile air

go saor mo chroidhe ón chumhaidh.


26 Sódh na heilte ní holc dhi

a laogh féin ó théid thairse;

do laogh oile do-gheibh grádh

a croidhe féin ag síothládh.


27 Buan mo chumha um cheann mo mheic,

ní hionann is an eilit;

d’éis an laoigh re a dtabhrainn taobh

ní thabhraim m’aoidh ar aonlaogh.


28 Laogh mo chroidhe an mac muirneach,

mo chara, mo chomhairleach,

níor bhean tuirrse roimhe rinn

mo chuisle croidhe caoinim.


29 Mo chruit chiuil as caoine nglóir,

mo ghlór caoin as cosg dobróin,

éinfhear cumainn mo chridhe,

mh’urraim agus mh’áisighe.


30 Mo chraobh chnuais, [mo bhile bláith],

mo ghéag fíneamhna fhíorbhláith,

mo mhac ochta agus anma,

mo shlat chorcra chraobhabhla.


31 Mo chiall, mo chuimhne, mo chonn,

mo mhac, mo dhalta drólann,

mo mhochmhacámh, mo mhionn súl,

mo fhochlacán fionn foltúr.


32 Do oileas d’Airdrígh nimhe

Aonghus ar gcuid cridhe-ne;

fuaras doimheanma uadh as

do luagh mh’oileamhna ar Aonghus.


33 I ndoilgheas re Dia athar

- do b’éagcóir an t-ordachadh -

do-chuadhas - is do b’é m’olc -

fan té fhuaras ar iasocht. Ar


34 Fuair Fionnghuala fód bunaidh

d’éag Aodha, d’éag Fearadhaigh;

do-chuaidh siad is siad gan locht

ní fhuair iad achd ar iasocht. Ar iasocht.