Poem in printable PDF format
Ar sliocht
Gaoidheal ó Ghort Gréag
[Watson, W. J.
Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore
(Scottish Gaelic Texts Society, Volume 1, Edinburgh 1937), poem 20,
p. 158]
1 Ar sliocht
Gaodhal ó Ghort Gréag
ní fheil port ar
a gcoimhéad,
dá dteagmhadh
nach b’aordha lat
sliocht Gaodhal
do chur tharat.
2 Is dú éirghe i
n-aghaidh Gall,
nocha dóigh
éirghe udmhall;
faobhair
claidheamh, reanna ga,
cóir a gcaitheamh
go h-aodhbha.
3 Ré Gallaibh
adeirim ribh,
sul ghabhadar ar
ndúthaigh;
ná léigmid ar
ndúthaigh dhínn,
déinmid
ardchogadh ainmhín,
ar aithris
Gaoidheal mBanbha,
caithris ar ar
n-athardha.
4 Do-chuala mé go
roibh sin
uair éigin Inis
Incin
fá smacht ag fine
Fomhra:
racht le bile
Bóromha.
5 Nó go dtánaig
Lugh tar linn,
mór bhfian darab
maith dírim,
dár marbhadh
Balar ua Néid:
budh samhladh
dhúinn a leithéid.
6 Seala do
Ghallaibh mar sain
ag íoc cíosa as
an dúthaigh;
[...] ar eagal
gach cinn,
mór atá teagamh
orainn.
7 Cia anois ar
aithris an fhir
fhóirfeas
Gaoidheil ar Ghallaibh,
rér linne, mar
do-rinn Lugh
taobhadh a chine
ó anghuth?
8 Aithnid domh,
dámadh áil leis,
duine
dh’fhéadfadh a aithris,
Lughaidh
ar feadh na Banbha:
cubhaidh duit a
ionnshamhla.
9 Ghill-easbuig
nach d’eitigh d’fhear,
is tú an Lugh fá
dheireadh;
a Iarla Oirir
Ghaoidheal,
bí id churaidh ag
commaoidheamh.
10 Cuir
th’urfhógra an oir ’s an iar
ar Ghaoidhlibh ó
Ghort Gáilian;
cuir siar thar
ardmhuir na Goill,
nach biadh ar
Albain athroinn.
11 Do chuir Lugh
nár loc troda
lé chlaidheamh
géar ceannchodad
Éire fá smacht
Gaoidheal nGréag
[...........................................].
12 Na fréamha ó
bhfuilid ag fás,
díthigh iad, mór
a bhforfhás,
nach faighthear
Gall beó dot éis,
ná Gaillseach ann
ré h-aisnéis.
13 Loisg a
mbantracht nac maith mín,
loisg a
gclannmhaicne ainmhín,
is loisg a dtighe
dubha,
is coisg dhínn a
n-anghutha.
14 Léig le
h-uisge a luaithre sin,
i ndiaidh
loisgthe dá dtaisibh;
ná déan
teóchroidhe a beó Gall,
a eó bheóghoine
anbhfhann.
15 Cuimhnigh
féin, a ghruaidh mar shuibh,
go bhfuil orainn
ag Gallaibh
annsmacht réd
linn agus pléid
’nar chinn
gallsmacht [...].
16 Cuimhnigh
Cailéin th’athair féin,
cuimhnigh
Gill-easbuig ainnséin,
cuimhnigh
Donnchadh ’na ndeaghaidh,
an fear conchar
cairdeamhail.
17 Cuimhnigh
Cailéin eile ann,
cuimhnigh
Gill-easbuig Arann;
’s Cailéin na
gceann, mór a chlí,
lér gabhadh geall
an [...].
18 Cuimhnigh nach
tugsad na fir
umhla ar uamhan
do Ghallaibh;
cia mó fá dtugadh
tusa
umhla uait an
dula-sa?
19 Ó nach mair
acht fuidheall áir
do Ghaoidhlibh ó
ghort iomgháidh,
teagair lé chéile
na fir,
’s cuir th’eagal
féine ar náimhdibh.
20 Saigh ar
Ghallaibh ’na dtreibh féin:
bí id dúsgadh, a
Mheic Cailéin:
d’fhear cogaidh,
a fholt mar ór,
ní maith an codal
ramhór. Mór an