firstLine"; ?>

254. Ar sliocht trir ataid Gaoidhil $
Length: long 38qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Meath (midlands)
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  2. BL Egerton 111 F OScannail 1818
Prints:
  1. transl. Celtica xvi, 74
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. Envoi to saint (Peter)
  3. imagery to describe patron
  4. eulogy of patron’s personal appearance
  5. qualities of patron’s character
  6. nobility of patron’s ancestry
  7. Pledging verse from every poem to patron
  8. imagery for kingship
  9. citation of historical precedents
  10. echo of ‘Tri uaithne Inse Gaedheal’
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (O’Gara MS)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Irial &
  2. Rudhraighe)
Patron Surnames:
  1. O Fearghail
Apologue Subclasses:
  1. Lebor Gabala : Arrival of Milesians
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ar sliocht trír atáid Gaoidhil


[Ó Concheanainn, Tomás, ‘Dán molta ó Fhearghal Óg Mac an Bhaird’, Celtica 16, 73-85]


Fearghal Óg Mac an Bhaird dixit


1 Ar sliocht trír atáid Gaoidhil,

slóigh Teamhra an fhóid fhorbhfaoilidh,

gasradh fhial go gcruas chogaidh,

anuas ó thriar tángadair.


2 Laoich lér háitigheadh fonn Fáil,

sliocht meanmnach Míleadh Easbáin,

na hágmhogail ó iadh Breagh

tángadair ó thriar tréinfhear.


3 Do gheansadar Meic Míleadh,

[an] dream dan cóir coimhshíneadh

- gasradh mhéirsheang go mian áigh -

go hiadh nÉireann, i nEasbáin.


4 Íor mac Míleadh - fa mhór céim -

do báitheadh, más fhíor, ainnséin

leis suil do gabhadh fód Fáil

an tamhan óg ón Easbáin.


5 Táinig Éibhear go hiath Breagh

is Éireamhón mac Míleadh

d’éis a mbráthar do bhuain díobh,

atáthar uaidh fá imshníomh.


6 Do bhí mac orrdhairc ag Íor

ainnséin ’na adhbhar airdríogh,

adhbhar caoimhleannán chairn Bhreagh,

saoirbheangán darbh ainm Éibhear.


7 Dá mhac Mhíleadh is mac Ír

do ghabhsad Banbha mbláithmhín

ar éigean ar dteacht i dtrágh,

a neart níorbh éidear d’iompádh.


8 Sliocht an trír atám do luadh

ó shoin fós - ní dáil diombuan -

críoch na n-iadh slaitleabhar seang,

riamh ag aitreabhadh Éireann.


9 Roimh an dá ríghshliocht eile

atá sliocht Ír d’áiridhe

dá síorluadh ó soin anall,

an ríoghshluagh ó mhoigh Mhanann.


10 Tús admholta ón dá fhine

i-le ar fheadh gach aimsire

fós ag Cloinn Ruadhraighe Ruaidh,

na croinn chumhraidhe ón Chraobhruaidh.


11 Níorbh iongnadh tús do dhul dáibh,

leo do fosdadh - fáth iomráidh,

sgéal nuaidhe nach ní folaigh -

trí huaire na hollamhain.


12 Leo do loisgeadh - lór do rath -

cúirt Oilill Mhóir mheic Mhágach,

dearg dá n-éis caomhChruacha Chuinn

’sna saorthuatha um Chéis Chorainn.


13 Fa bharr lasrach lá oile

Cathair Mhuirne Molbhthaighe

tugsad foghlaidhe bheann mBreagh,

dream dob orlaimhe aigneadh.


14 Do lingeadh fós le fuil Ír

Cathair Chon Raoi an fhuinn fhóidmhín,

laoich aclaidhe nár éar neach,

tar tréan mhacraidhe Muimhneach.


15 Cath Ruis na Ríogh - ríoghdha an stair -

Cath Gáirighe, Gleo Éadair

- iúl ar a bhfoghthair gach fear -

’na dtriúr orthaibh dá n-áireamh.


16 Deargruathar Chonaill na gcreach,

Baoithréim Uladh - iúl díreach -

róm dá n-ainmneaghadh orra,

slógh lainnleabhar Liathdroma.


17 Rí Laighean mín, Meas Geaghra,

Conn Céadchathach claoinTeamhra,

níor léire a n-éarca uile,

éachta fhréimhe Rudhraighe.


18 Dá mhac Mhághach is Mac Céacht,

leo do thuit [is]an tréanéacht

gloin na bhflaitheadh ó Bhóinn Bhreagh -

do maitheadh dom dhóigh dhóibhsean!


19 Fraoch mac Fiodhaigh is Fear Diadh,

a n-éarca ar aon ar éinrian;

rádh gach fhir don fhóir Ultaigh,

“sin do chóidh le a gcumhachtaibh.”


20 A n-éachta ar fheadh gach oirir

a n-áireamh ní fhéadfaidhir,

laoich cathardha ghníomh ngoile,

síol rachalma Rudhraighe.


21 Do chinneadar ar chrích Bhreagh

ar gnáitheineach, ar gaisgeadh,

mór bhfáth fá bhfuaradar geall,

nuamhogail ó Ráth Raoileann.


22 Gé tá buaidh Éireann uile

fós ag ríoghchloinn Rudhraighe,

san chrích bhláith ghoirmghreaghaigh ghloin,

a sáith d’oidhreadhaibh orthaibh.


23 Clann Í Fhearghail, taobh re taoibh,

deimhin nach tugsad tathaoir

ar fhéile, ar ghníomhaibh goile,

d’fhíonfhuil fhréimhe Rudhraighe.


24 Irial [is] Rudhraighe a-raon,

atáid do réir a ríochraobh,

do chódarsan le a gcoill féin,

óggasradh már thoill toibhéim.


25 Níor dhiúlt deabhaidh, níor dhiúlt neach,

maith leanas lorg a bhráithreach;

cá ríbhile is réidhe um riar?

tréidhe an fhírfhine i nIrial!


26 Ar fhéile agus ar oineach,

fuil Ír na n-each n-ardchroidheach,

do lean Rudhraighe a raon sin,

craobh chumraidhe dá gcreidtir.


27 Irial, Rudhraighe, rún ban,

dá chrobhaing do choill churadh,

dá shaorthamhan ó Bhóinn Bhreagh

dár chóir maonchaladh Maistean.


28 Dá bhranán óir a hEamhain,

dá éigne ón Fhinn fhoithreamhail,

dá shlait mhínabhla ó Mhoigh Rath,

dá rídhamhna ó Thoigh Teamhrach.


29 Ceithre guaille ar ghné eala,

ceithre déada dlúithgheala,

ceithre taoibh mar thuinn gcubhair

do thuill aoibh ó ollamhaibh.


30 Ceithre deighmheoir deich n-uaire,

dá ucht chorcra chraobhnuaidhe,

ceithre cholpa dár cháir toil,

’na ndáil níor dholta i ndeabhaidh.


31 Clann Í Fhearghail na n-each mbras,

Irial, Rudhraighe rosgglas,

dá luibh ghráidh chaomhmoighe Cuinn,

dá aodhaire chláir Chriomhthainn.


32 Dá chrann díona gach deoradh,

dá sheabhac, dá shithleoghan,

biaidh ainm tar a n-éis orra,

dá phailm, dá dhéis dioghlama.


33 Dá thaidhleoir Trágha Baile,

dá chraoibh óir na hAnghaile,

dá ghéis niamhghlana bruaigh Bhreagh,

dá stuaigh grianbhragha Gaoidheal.


34 Dá bhrághaid mar bhláth na dtonn,

dá dhéad ar dhath na néamhann,

ceithre seangbhosa a Síodh Bhreagh,

do shíol deaghRosa dhóibhsean.


35 Ceithre ruisg áille uaine,

ceithre troighe taobhnuaidhe,

ceithre caolmhailghe cearta,

is caomhroighne an chuideachta.


36 Mág Aonghusa fár chlaon coill,

do gheall mé do mhac Dhomhnaill

- fada atám ’gá ghrádh i ngioll -

rámh ar gach ndán tré dhícheall.


37 Conn Aolmhuighe na n-each mear,

ní chuala an gcéin do mhairsean

neach uadh ag dol fá dhiomdhaidh -

truagh a chor i gcaoiliomdhaidh.


38 Cuireadh Peadar, nár char coir,

impidhe ar Chríost fám chobhair,

ó tharla a ghoin i ndán damh

’na dhál ó thoil go dtriallur.